Geallúint ón Aire Talmhaíochta go mbeidh riachtanas Gaeilge le gach post Gaeltachta feasta

Bhain conspóid mhór anuraidh le dhá phost a d’fhógair an Roinn Talmhaíochta sa Ghaeltacht toisc gan aon riachtanas Gaeilge a bheith ag dul leo

Geallúint ón Aire Talmhaíochta go mbeidh riachtanas Gaeilge le gach post Gaeltachta feasta

Tá geallta ag an Aire Talmhaíochta Michael Creed nach bhfógróidh a roinn feasta aon phost sa Ghaeltacht gan riachtanas Gaeilge a bheith ag dul leis.

Bhain conspóid mhór anuraidh le dhá phost a d’fhógair an roinn sin sa Ghaeltacht toisc gan aon riachtanas Gaeilge a bheith ag dul leo. Post d’oibrí ginearálta ag calafort Ros an Mhíl i gConamara agus a mhacasamhail de phost ag cuan an Daingin i nGaeltacht Chorca Dhuibhne a bhí i gceist.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ag an am go raibh ‘ceist le freagairt’ ag an Roinn Talmhaíochta maidir le poist Ghaeltachta a fhógairt agus riachtanas Béarla amháin leo.

Chuir an Coimisinéir imscrúdú oifigiúil ar bun ina dhiaidh sin agus tuigtear go bhfuil an t-imscrúdú sin curtha i gcrích anois.

Idir an dá linn, dúirt an tAire Talmhaíochta sa Dáil go mbeadh riachtanas i dtaobh na Gaeilge agus an Bhéarla “riachtanais a bheidh ar comhchéim, le haon chomórtas a bhaineann le poist a bheidh lonnaithe in oifig atá suite i gceantar Gaeltachta” feasta.

Thug an tAire le fios go raibh 15 ball foirne ar fad ag obair sa dá Lárionad Cuan Iascaigh atá ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara sa Ghaeltacht agus go raibh 11 díobh “ábalta gnó ar fad na Roinne a chur i gcrích i nGaeilge”.

Bhí an ceathrar eile ábalta comhrá a dhéanamh i nGaeilge, a dúirt sé.

De réir an fhógra don dá phost anuraidh, sa Daingean agus i Ros an Mhíl, bhí sé ‘inmholta’ go mbeadh Gaeilge ag iarrthóirí, ach ba den riachtanas go mbeadh Béarla líofa, idir scríobh agus labhairt, acu.

Dúirt an tAire, agus ceist Dála scríofa a chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív á freagairt aige, go ndéanfadh an Roinn “gach iarracht a chinntiú go mbeidh gach duine a earcaítear amach anseo in oifigí i gceantair Ghaeltachta inniúil sa Ghaeilge”.  Dúirt sé áfach nár mhór don Roinn “an ceart atá aici post sa Ghaeltacht a thabhairt do dhuine nach bhfuil aon Ghaeilge aige a fhorchoimeád mura dtiocfaidh duine a bhfuil Gaeilge aige agus atá cuícháilithe chun cinn”. 

“Táthar ag súil nach mbeidh gá sin a dhéanamh ach caithfidh an Roinn a chinntiú go gcomhlíonann sí a cuid feidhmeanna sna Lárionaid Chuanta Iascaigh,” a dúirt an tAire Talmhaíochta Michael Creed.

Fág freagra ar 'Geallúint ón Aire Talmhaíochta go mbeidh riachtanas Gaeilge le gach post Gaeltachta feasta'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Níl anseo ach rannóg rialtais amháin. Caidé fá na cinn eile uilig?? An mbeidh an geallúint céanna ag teacht uathu siúd fosta??

    “an ceart atá aici post sa Ghaeltacht a thabhairt do dhuine nach bhfuil aon Ghaeilge aige a fhorchoimeád mura dtiocfaidh duine a bhfuil Gaeilge aige agus atá cuícháilithe chun cinn”.

    Nach seo an seanscéal céanna a treabhtar amach ón earnáil phoiblí – agus leoga ó eagraíocht ar bith sa Ghaeltacht a bhíonn ag cuardú fostaithe – ‘bhí orainn duine gan Ghaeilg a fhostú/earcú mar nach raibh duine cáilithe ar fáil agus líofacht Gaeilge acu … blah, blah, blah.

    Muna bhfuil duine le Gaeilg ar fáil cad chuige nach bhfuil?? Agus, diomaite de bheith ag cuir daoine gan Ghaeilg ag obair sa Ghaeltacht, cad chuige nach ndéanann an eagraíocht raic á thógáil faoi?? Cá dtagann fostaithe le Gaeilg as? Ón chóras oideachais?? Ón earnáil phríobháideach?? Ó ranna eile sa chóras phoiblí?? Cad chuige a bhfuilthear chomh sásta sin glacadh le daoine gan Ghaeilg sa Ghaeltacht – agus gan oiread agus ceist amháin féin á thógáil faoi? Cad chuige a bhfuil sé fágtha ag pobail iargúlta, imeallach, agus leoga, daoine aonaracha sna pobail sin, seasamh a ghlacadh agus labhairt amach fan leithcheal atá a dhéanamh orthu?

    Agus nach seo an rud ceannann céanna atá ag tarlú le scoltacha Gaeltachta a bhíonn ag cuardú múinteoirí le hábhair a theagasc trí mheán na Gaeilge? Ach muna bhfuil duine le Gaeilg ar fáil is cosúil go bhfuilthear lánsásta duine gan Ghaeilg a ghlacadh ina n-áit!!! Cé atá ag seasamh ar son na Gaeilge sa Ghaeltacht??

    Mar eolas, is féidir le eagraíochtaí/gnóthaí príobháideacha tú a dhiúltú gan míniú ná réasún. Rud úafásach amach is amach mé bhíonn tú i do chónaí in áit iargúlta, imeallach agus gan de rogha agat ach an tseirbhís/na táirgí a chuireann na heagraíochtaí sin ar fáil.

    Coinníoll Gaeilge don Ghaeltacht.