Gealltanas an Cheann Comhairle Gaeilge a fhoghlaim ‘fós i bhfeidhm’, ach ní fios cén plean atá aici

Agus raic sa Dáil an tseachtain seo faoi líomhaintí a rinneadh i nGaeilge, d’fhiafraigh Tuairisc den Cheann Comhairle Verona Murphy cé na céimeanna atá tugtha aici le feabhas a chur ar a cuid Gaeilge beagnach 60 lá ó toghadh í

Gealltanas an Cheann Comhairle Gaeilge a fhoghlaim ‘fós i bhfeidhm’, ach ní fios cén plean atá aici

Tá diúltaithe ag an gCeann Comhairle Verona Murphy a rá cé na céimeanna atá tugtha aici le feabhas a chur ar a cuid Gaeilge ó toghadh chun an róil í an bhliain seo caite.

Bhí easpa líofachta Gaeilge an Cheann Comhairle i mbéal an phobail arís inné mar gheall ar achrann a tarraingíodh sa Dáil nuair a dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur “ag insint bréaga” a bhí ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald.

Rinne ceannaire Shinn Féin iarracht gearán a dhéanamh faoin méid a bhí le rá ag an Taoiseach fúithi, dúirt an Ceann Comhairle Verona Murphy nár thug sí na focail léi.

Dúirt Murphy sular ceapadh í go gcuirfeadh sí feabhas ar a cuid Gaeilge agus dheimhnigh sí arís agus an ról aici go raibh sé i gceist aici go mbeadh leibhéal líofachta aici a bheadh “ag teacht” lena ról nua.

D’fhiafraigh Tuairisc d’oifig an Cheann Comhairle cé na céimeanna a bhí tugtha aici sna 57 lá ó toghadh í le feabhas a chur ar a cuid Gaeilge agus faoi na spriocanna foghlama nó cáilíochta Gaeilge a bhí leagtha amach roimpi féin aici.

Dúradh i ráiteas a cuireadh ar fáil gur thug Verona Murphy geallúint go gcuirfeadh sí feabhas ar a cuid Gaeilge nuair a ceapadh í agus go raibh “an gheallúint fós i bhfeidhm”. Níor tugadh aon eolas faoi chur i bhfeidhm an ghealltanais, an dul chun cinn atá déanta ag an gCeann Comhairle, ná an plean foghlama atá aici.

Dúirt leascheannaire Shinn Féin, an Teachta Pearse Doherty sá Dáil inné, go raibh iompar an Taoisigh “náireach” agus go raibh leas bainte aige as easpa Gaeilge an Cheann Comhairle agus as an teanga féin chun Mary Lou McDonald a mhaslú.

“I can’t rule on what I didn’t hear. I accept that you believe it was said,” a dúirt Murphy le McDonald. “The Taoiseach has said he hasn’t said. We can look back [at the transcript].”

Cáineadh an cinneadh Verona Murphy a ainmniú le bheith ina Ceann Comhairle toisc gan aon Ghaeilge a bheith aici, rud a bhí riachtanach don phost dar lena réamhtheachtaí.

Fág freagra ar 'Gealltanas an Cheann Comhairle Gaeilge a fhoghlaim ‘fós i bhfeidhm’, ach ní fios cén plean atá aici'