D’fhéadfadh aire stáit don Ghaeilge sa roinn oideachais, cumhachtaí breise tithíochta agus pleanála d’Údarás na Gaeltachta agus filleadh dheontas tithíochta na Gaeltachta a bheith ar an gclár plé agus cainteanna faoi bhunú an chéad rialtais eile.
De réir suirbhé a rinne Conradh na Gaeilge i measc na bpáirtithe go léir faoin toghchán, níor chuir aon pháirtí as an áireamh go gcuirfidís aire stáit ag plé le cás na Gaeilge sa chóras oideachais. Gheall gach páirtí seachas ceann amháin a bhí sa fhreasúra sa Dáil dheireanach go mbunóidís a leithéid d’aireacht stáit.
Dúirt na Daonlathaithe Sóisialta go mbeidís i bhfabhar a leithéid. Dúirt Fine Gael go raibh siad “dearfach” faoin moladh agus dúirt Fianna Fáil go mbeidís sásta é “a mheas”. Sinn Féin agus Aontú an t-aon dá pháirtí a gheall aire stáit don Ghaeilge sa roinn oideachais ina bhforógraí toghcháin.
Gheall gach páirtí seachas Fianna Fáil agus Fine Gael go dtabharfaí isteach sprioc go méadófaí líon na ndaltaí a fhaigheann oideachas lán-Ghaeilge ó 6% go dtí 20% laistigh de 20 bliain. Dúirt Fine Gael go mbeidís “dearfach” faoin éileamh agus dúirt Fianna Fáil go mbeidís sásta tabhairt faoi líon na ndaltaí sa chóras oideachais a mhéadú, cé nár luaigh siad an sprioc 20%.
Maidir le ceist na tithíochta sa Ghaeltacht, gheall páirtithe an fhreasúra dheireanaigh go léir go dtabharfaí cumhachtaí breise tithíochta agus pleanála d’Údarás na Gaeltachta. Dúirt Fianna Fáil go mbeidís sásta an moladh sin a mheas.
Gheall gach páirtí sa suirbhé, seachas Fianna Fáil agus Fine Gael, go dtabharfaidís an scéim deontais tithíochta ar ais sa Ghaeltacht. Dúirt Fianna Fáil go ndéanfaí an moladh sin a bhreithniú chomh maith.
Ba iad Sinn Féin agus Aontú an t-aon dá pháirtí a gheall ina bhforógraí go gceapfaí aire sinsearach le Gaeilge a bheadh freagrach go díreach as cúrsaí teanga agus Gaeltachta, seachas aire stáit Gaeltachta a cheapadh. Tá geallúint faoi aire sinsearach tugtha sa suirbhé nua ag an gComhaontas Glas, ag Pobal seachas Brabús agus ag Éire Neamhspleách.
Dúirt Fianna Fáil go gceapfaí duine le Gaeilge chun a bheith ina aire sinsearach ar roinn nua gnóthaí pobail, tuaithe agus Gaeltachta, ach níor tugadh aon ghealltanas nach mbeadh aire stáit don Ghaeltacht ann chomh maith.
Bhí na Daonlathaithe Sóisialta “i bhfabhar” aire sinsearach don Ghaeilge a cheapadh chomh maith. Dúirt Páirtí an Lucht Oibre go gceapfaí aire sinsearach le Gaeilge a bheadh freagrach as cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, ach go gceapfaí aire stáit le Gaeilge sa Roinn Oideachais chomh maith.
Níor thug Fine Gael aon ghealltanas maidir le haire sinsearach le Gaeilge a bheadh freagrach as cúrsaí teanga agus Gaeltachta.
Gheall na páirtithe go léir go dtacóidís le trí cinn d’éilimh Chonradh na Gaeilge. Gheall na páirtithe go mbunódh an rialtas nua grúpa laistigh de thrí mhí chun forbairt a dhéanamh ar pholasaí nua oideachais don Ghaeilge ón naíonra go dtí an tríú leibhéal. Gheall na páirtithe go léir chomh maith go dtabharfaí treoirlínte pleanála “láidir” isteach don Ghaeltacht agus go gcuirfí straitéis daonra agus tithíochta ar leith ar fáil do gach limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht.
Thacaigh na páirtithe go léir seachas Fine Gael agus Fianna Fáil le plean maoinithe Chonradh na Gaeilge don teanga, Plean Fáis – Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht 2024-2029.
Dúirt Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge Róisín Ní Chinnéide go bhfuil formhór na bpáirtithe ar son formhór d’éilimh na heagraíochta ach nach ionann “gealltanas agus gníomh”.
“‘Oibriú i dtreo líon na ndaoine óga atá i scoileanna Gaeilge a dhúbailt’ a gheall an rialtas reatha ina gClár Rialtais siar in 2020 mar shampla, ach is é fírinne an scéil ná gur tháinig titim 3% ar líon na ndaltaí a fhaigheann oideachas lán-Ghaeilge le linn thréimhse an rialtais seo.
“Tá tacaíocht fhorleathan d’fhoilsiú agus d’fheidhmiú treoirlínte pleanála láidre don Ghaeltacht le feiscint sna freagraí anseo – páirtithe an rialtais reatha ina measc, a bhfuil na treoirlínte seo geallta acu ó 2021 agus sinn fós ag fanacht le haon radharc a fháil orthu trí bliana níos déanaí.”
Dúirt Ní Chinnéide gur léir ó sheasamh na bpáirtithe go n-aithníonn siad tábhacht na teanga mar “cheist olltoghcháin” ach go n-insíonn “an stair” dúinn go gcaithfidh an pobal a bheith “gníomhach má tá na gealltanais le cur i bhfeidhm”.
Fág freagra ar 'Gealltanais tugtha ag na páirtithe go léir faoi thithíocht sa Ghaeltacht agus cás na Gaeilge sa chóras oideachais '