‘G’day, a chara’ – duine as gach seisear Astrálach in Éirinn ina chainteoir Gaeilge

Astrálaigh, Polannaigh, Laitviaigh, Liotuánaigh agus Sínigh na saoránaigh de chuid tíortha eile is mó a deir go bhfuil labhairt na Gaeilge acu

‘G’day, a chara’ – duine as gach seisear Astrálach in Éirinn ina chainteoir Gaeilge

Tá níos mó ná duine as gach seisear Astrálach in Éirinn in ann an Ghaeilge a labhairt, de réir Dhaonáireamh 2022.

De réir figiúirí a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh inniu, tá 15% de na hAstrálaigh os cionn trí bliana d’aois in Éirinn ina gcainteoirí Gaeilge agus bhí Polannaigh, Laitviaigh, Liotuánaigh agus Sínigh i measc na saoránach neamh-Éireannach eile a raibh an sciar is mó díobh ina gcainteoirí Gaeilge.

Thug 501 den bhreis is 3,000 Astrálach a bhfuil cónaí orthu sa tír seo le fios sa daonáireamh go bhfuil Gaeilge acu. Dúirt 23 duine acu, thart ar 5%, go labhraíonn siad an Ghaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais, dúirt 33 duine eile go labhraíonn siad í go seachtainiúil lasmuigh den chóras oideachais agus 119 eile nach labhraíonn siad chomh minic sin í. Tugadh le fios go labhraíonn 213 duine den 501 Astrálach atá ina nGaeilgeoirí, nó 42%, an teanga sa chóras oideachais amháin.

De na saoránaigh as tíortha eile, Polannaigh is mó a labhraíonn an Ghaeilge lasmuigh den chóras oideachais. Bhí 214 Polannach a dúirt i nDaonáireamh 2022 gur labhair siad an Ghaeilge ar bhonn laethúil lasmuigh den chóras oideachais. Bhí 10,838 Polannach a dúirt go raibh Gaeilge acu, 13% den daonra Polannach os cionn trí bliana d’aois sa Stát.

Cainteoirí Gaeilge iad 13% freisin de na Liotuánaigh atá ina gcónaí in Éirinn, de réir figiúirí an CSO. 12% a bhí i gceist le saoránaigh de chuid na Laitvia agus 11% a bhí i gceist i dtaobh phobal na Síne sa stát seo. 10% de na Meiriceánaigh atá anseo agus 8% de na Sasanaigh atá ina gcainteoirí Gaeilge.

Saoránacht Gaeilgeoirí ar fad Gach Lá Gach Seachtain %
An Astráil 501 23 33 15%
an Pholainn 10,838 214 470 13%
an Laitvia 2,114 36 131 13%
an Liotuáin 3,318 46 192 12%
An tSín 1,302 22 87 11%
Tíortha eile 559 22 39 11%
An Rómáin 3,895 187 348 10%
an Afraic 3,269 37 150 10%
Stáit Aontaithe Mheiriceá 1,763 104 156 10%
an Chróit 1,203 48 51 9%
Gach tír seachas Éire 51,953 1,457 3,108 9%

Fág freagra ar '‘G’day, a chara’ – duine as gach seisear Astrálach in Éirinn ina chainteoir Gaeilge'