Gan scríobh, gan stiúir – braithim uaim m’úrscéal

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Idir tograí scríbhneoireachta, caitear ithir na haigne a fhágáil gan chur, ach ní haon pharthas an fhlúirse ama a shantaíonn an scríbhneoir

Gan scríobh, gan stiúir – braithim uaim m’úrscéal

An t-earrach seo, den chéad uair le mo chuimhne, níl a fhios agam céard ba chóir dom a dhéanamh sna tráthnónta fada.

Is fíor go mbíodh cónaí orm sna trópaicí le 16 bliana, in áit atá chomh gar sin don mheánchiorcal go dtéann an ghrian faoi ann ar bhuille a sé gach tráthnóna, ach ní hé earrach na bliana seo an chéad cheann ó bhog mé ar ais go hiarthuaisceart na hEorpa.

Ach bhí m’úrscéal agam anuraidh, an ceann sin a bhí idir lámha agam le breis agus ocht mbliana, agus atá ina luí ar an gcarn léitheoireachta i raidhse tithe foilsitheoireachta anois.

Ar feadh breis agus ocht mbliana, bhí tús áite ag an úrscéal sin. Agus ní fios cá mhéad uaireanta a dúirt mé liom féin agus le chuile dhuine i mo thimpeall gurbh é an rud ba mhó a theastaigh uaim ná an diabhal rud a chríochnú, a bheith réidh leis, réidh leis an arracht sin a ghlac seilbh ar mo chuid ama, ar mo shaol.

Ach anois agus an fhlúirse ama sin a shantaigh mé agam, níl a fhios agam céard a dhéanfaidh mé léi.

Ó, ní bhím díomhaoin.

Bíonn mo chuid colún le scríobh agus bíonn colúin daoine eile le ceartú. Léim corrleabhar. Bím ag fiach fiailí sa cheapach ghlasraí. Téim ar cuairt chuig mo mham san ionad cúraim agus tugaim aire dá cuid gnóthaí. Caithim stuif amach as an teach. Péinteálaim seomra. Bím i mbun na meáchan san ionad aclaíochta agus lá nó dhó sa tseachtain crochaim suas an mála dornála sa seomra ar thóg mé dojo ann. Cuirim tús le tograí nua – an lá cheana rinne mé leaba trátaí sa chliabhán adhmaid a thóg m’athair dom féin agus do mo dheartháir óg – ach níl aon togra scríbhneoireachta i measc na dtograí nua sin.

Go deimhin tagann ré roithleagán orm nuair a chuimhním go mb’fhéidir gur chóir dom tús a chur le húrscéal nua, masmas a mhothaím ní hamháin i m’aigne ach i mo cholainn ar fad; d’iompódh fiú amháin gearrscéal gairid féin mo ghoile, agus ní hé nach bhfuil leabhair nótaí lán smaointe agus síolta scéil agam.

Ní ‘bac scríbhneora’ a thabharfainn air seo. Teastaíonn ó scríbhneoir a mbeadh bac air scríobh. Ní theastaíonn uaimse scríobh.

Ní hionann sin is a rá nach dteastaíonn uaim a bheith i mo scríbhneoir. Níor athraigh sin (go fóilleach, pé scéal é.) Ach tá mé ag plé leis an gceird seo sách fada anois le go dtuigim go mbíonn gá ag scríbhneoirí (eisceachtaí as an áireamh) le tréimhsí scíthe: dála na hithreach i gceapach glasraí, caitear an aigne a fhágáil gan chur ó am go chéile.

Diabhal a fhios agam cé hiad na próisis atá ar siúl in ithir m’aigne faoi láthair (agus tá súil agam nach bhfuil baint ag péisteanna leo) ach tuigim gur chóir am a thabhairt don athnuachan sin agus go mbeidh deireadh leis an tréimhse mhíshocair seo in am trátha.

Míshocair, toisc go mothaím go bhfuilim gan stiúir. Dá mhéad gearán a rinne mé faoin seilbh a ghlacadh an t-úrscéal sin ar mo shaol, ar a laghad ar bith thug sé cuspóir dom, treo, agus is é an ceacht is mó atá bainte agam as an scéal seo uilig ná seo: ná bíodh aon deifir ort togra scríbhneoireachta a chríochnú d’fhonn a bheith réidh leis, óir ní haon pharthas a bhíonn sa fhlúirse ama a shantaíonn tú agus tú fós i mbun pinn.

Fág freagra ar 'Gan scríobh, gan stiúir – braithim uaim m’úrscéal'