Gan aon teorainn le hiontais cheol diamhair Jiggy

Má bhíonn ceart nó cóir le fáil sa saol seo cuirfidh an saol mór aithne ar cheol an bhanna Jiggy

Gan aon teorainn le hiontais cheol diamhair Jiggy

Coinnígí cluas amach do Jiggy, a chairde, mar má bhíonn ceart nó cóir le fáil sa saol seo beidh siad ar na buíonta is corraithí le fada.

Tá ceol na hÉireann agus na hÁise acu chomh maith le portaireacht as trí thír, leaganacha samhlaíocha de sheanamhráin Ghaeilge agus cnaguirlisí nár chuala ach beagán Éireannach roimhe seo. Agus tá an méid sin ar fad measctha le rithimí an bhodhráin, glórtha iontacha Síle Denvir agus Eoin Uí Cheannbháin agus foinn a chuirfidh an croí ag preabadh le háthas. 

Is buíon í Jiggy a bheas compordach ag féile mhór amuigh faoin aer nó i halla beag áit ar bith.

Is seachtar iad a chuirfidh tú ag gáire, ag damhsa agus ag scríobadh do chloiginn, ach tá an ceol acu chomh tógálach le deilgneach ach é i bhfad níos pléisiúrtha!

Agus iontas na n-iontas, ba dhrumadóir le banna píob a chuir Jiggy le chéile.

Agus é ag fás aníos, bhí Robbie Harris i banna píob i mBré Chualann, rud a thaitin go mór leis.

“Bhí sé ar dóigh agus bhí múinteoir den scoth againn,” ar sé.

“D’fhoghlaim tú smacht agus ní raibh tobchumadh ar bith ann i mbanna píob. Mar a thig leat a shamhlú, bhí tú ceart nó bhí tú contráilte.”

Músclaíodh a shuim sa bhodhrán múscailte agus é ag éisteacht agus é sna déaga luatha le leithéidí Peadar Mercier le Ceoltóirí Cualann agus Johnny McDonagh. Chuir sé brú ar a thuismitheoirí bochta drumaí a cheannach dó, agus fuair sé a chéad bhodhrán nuair a bhí sé 14 bliana d’aois.   

Ina dhiaidh sin, thosaigh Robbie a bhualadh na ndrumaí i ngrúpaí rac-cheoil ar scoil, cé go ndeir sé gurbh é an ceol traidisiúnta a mheall an chéad lá é.

“Bhíodh grúpaí ann agus bhíodh siad ag iarraidh bodhránaí mar seift mhaith a bhí ann cuireadh a fháil bheith ag seinm i bpubanna,” ar sé ag gáire.

De réir a chéile d’fhorbair sé a stil féin, agus thóg sé teicnící ‘ar iasacht’ ó dhaoine eile. Ach ba fhiosraí ná sin Robbie mar chuir sé suim i stíleanna drumadóireachta as gach cearn den domhan.

“An tabla Indiach, ilrithimí iarthar na hAfraice chuir mé dúil iontu sin agus chuardaigh mé bealaí leis an bhodhrán a bhualadh a bheadh cosúil leo sin,” ar sé.

Tá solúbthacht agus éagsúlacht chomh mór sin ina chuid ceoil go raibh glaoch i gcónaí ar Robbie na cnaguirlisí a sheinm le ceoltóirí de gach cineál – Brian Kennedy, Bobby McFerrin, Moya Brennan agus Kodaline.

Agus is leithne a shuim sna cnaguirlisí ná an tseinm féin. Reáchtálann Robbie an Big Bang Festival of Rhythm a bhí ar siúl ag deireadh na míosa seo caite. Pléann an fhéile le stíleanna drumadóireachta na cruinne agus an dóigh a dtéann rithim i bhfeidhm ar ealaíona eile, an damhsa, an amhránaíocht agus na físealaíona.

Chuala mé Robbie den chéad uair agus é ag seinm le Tarab, grúpa a chuir Francesco Turrissi le chéile le ceol na Meánmhara a sheinm. Roghnaigh mé mar cheolchoirm na bliana é bhí mé chomh tógtha leis an mheascán de cheol thíortha na Meánmhara – ón Fhrainc go dtí an Ghréig agus an Mharacó – agus ceol na hÉireann.

Tá an t-ilnáisiúnachas spleodrach céanna le mothú in Jiggy, grúpa a shíolraigh as seal a chaith Robbie le buíon as an India, The Dhoad Gypsies of Rajasthan.

“Bhíodh féile i nDún Laoghaire, Féile Chultúr an Domhain – atá imithe ar shlí na firinne anois ar an drochuair – agus nuair a bhíodh an seit críochnaithe ag buíon choimhthíoch, thagadh ceoltóirí Éireannacha ar an ardán le jamáil leo.

“D’iarr siad ormsa, ar Emer Mayock agus ar Derek Hickey seinm leis na Dhoads agus láithreach bonn, thuig siad na poirt agus na ríleanna agus na rithimí a chuaigh leo. D’aithin mé ansin go raibh féidearthachtaí móra ag baint leis an chónasc corraitheach seo,” arsa Robbie.

Ghlac sé tamall fada áfach sular mheall an maighnéad ceoil seo na ceoltóirí éagsúla a chuirfeadh fís Robbie i gcrích.

Tá luach a shaothair anois le cluinstin ar chéad albam Jiggy, Translate agus tá doimhneacht, mistéir, rithimí móra scannánúla, agus cuid mhór grinn (gné a meastar faoina luach rómhinic sa cheol) le fáil ann. Is cinnte go gcuirfidh físeán King of the Fairies ar YouTube aoibh mhór gháire ort.

Ar na gnéithe is suntasaí eile den cheol acu tá an úsáid a bhaineann siad as an phortaireacht. Tá portaireacht na hÉireann, puirt a beul na nAlban agus konnikal na hIndia ann, chomh maith le samplaí diamhra eile.

Turas domhanda chomh maith le halbam ceoil atá in Translate.

Bain sult as an aistear.

Fág freagra ar 'Gan aon teorainn le hiontais cheol diamhair Jiggy'