Gan aon bhreith tugtha fós i gcás Bhóthar an Daingin

Dúirt an Breitheamh Houghton go mb’fhéidir go mbeadh ar a chumas a bhreith a thabhairt maidin Dé Luain seo chugainn

017825_1d5aadc1

Tá sé curtha in iúl ag an mBreitheamh Robert Houghton go mb’fhéidir go mbeadh sé ábalta a bhreith a thabhairt maidin Dé Luain seo chugainn maidir le cás Bhóthar an Daingin.

Rialaigh an Breitheamh Houghton in aghaidh cáis a thug An Taisce os comhair na cúirte ar an 7 Deireadh Fómhair i mbliana, tráth dár thug siad dúshlán maidir le cead pleanála a tugadh i gcomhair an N86 ón Daingean go dtí an Cam in iarthar Chiarraí.

Tar éis don Bhord Pleanála athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás i mí na Samhna 2014, thug siad cead dul ar aghaidh leis an obair forbartha ar an mbóthar ó Dhaingean Uí Chúis go dtí an Cam.

Agus An Taisce ag cur in aghaidh chinneadh sin an Bhoird Pleanála, mhaígh siad nach ndearnadh an tionscadal a mheas i gceart de réir forálacha a bhaineann le ceisteanna timpeallachta.

Mhaígh An Taisce chomh maith nach bhfuil An Bord Pleanála ag cloí le rialacha an Aontais Eorpaigh i gcás an N86 agus go ndéanfaí dochar d’áilleacht na timpeallachta dá leathnófaí an bóthar mar atá beartaithe a dhéanamh.

D’fhág an méid sin go ndearna An Taisce achomharc maidir le rialú an Bhreithimh Houghton.

Thug an Breitheamh Haughton droim láimhe lena n-achomharc ar an seachtú lá de mh Dheireadh Fómhair agus caitheadh amach an cás.

D’fhéadfadh anois go mbeidh an cás os comhair na cúirte Dé Luain agus go dtabharfar breith ansin.