Gan ach plean teanga amháin eile le faomhadh agus an 25ú ceann ceadaithe

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta inniu go bhfuil plean teanga Ghaeltacht Láir Thír Chonaill ceadaithe agus d’fhógair sé freisin deontas €150,000 d’Ealaín na Gaeltachta

Gan ach plean teanga amháin eile le faomhadh agus an 25ú ceann ceadaithe

Níl ach plean teanga Gaeltachta amháin fágtha le ceadú faoin bpróiseas pleanála teanga.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta inniu go bhfuil plean teanga Ghaeltacht Láir Thír Chonaill ceadaithe aige, rud a fhágann go bhfuil pleananna ceadaithe do 25 den 26 Limistéir Pleanála Teanga a bunaíodh faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Is é plean teanga Oileáin Árann i nGaillimh an t-aon phlean atá fós le ceadú. Tá an plean sin curtha faoi bhráid na Roinne agus é á mheas i láthair na huaire.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, an scéal is déanaí faoin bpróiseas pleanála teanga agus é ar cuairt ar Thír Chonaill inniu. Tá an tAire Stáit le cuairt a thabhairt Choláiste Ros Goill sna Dúnaibh, áit a bhfuil sé le plean teanga Thuaisceart Dhún na nGall a sheoladh go hoifigiúil.

D’fhógair an tAire Stáit freisin go bhfuil deontas €150,000 ceadaithe d’Ealaín na Gaeltachta chun clár píolótach drámaíochta a fhorbairt d’aos óg na Gaeltachta.

Dúirt an tAire Stáit gur “údar áthais” dó an dul chun cinn atá déanta i leith an phróisis pleanála teanga agus gur “céim mhór chun cinn” a bhí i gceadú phlean teanga na Gaeltachta Láir.

Is é Gleann Fhinne Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta (GFCFTR) atá freagrach as ullmhú agus feidhmiú an phlean don Limistéar.

Buiséad bliantúil €100,000 sa bhliain a bheidh acu as seo go ceann seacht mbliana chun plean a chur i bhfeidhm agus Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú.

Maidir le hEalaín na Gaeltachta, dúirt an tAire Stáit Chambers go raibh súil aige go dtabharfadh an deontas deis dóibh clár nua a fhorbairt “a thabharfaidh ardán breise don drámaíocht Ghaeilge mar a bhaineann sé le haos óg na Gaeltachta”.

Fostófar leis an deontas comhordaitheoir chun an clár drámaíochta a fhorbairt agus íocfaidh an maoiniú as 700 uair teagaisc a chur ar fáil sa drámaíocht Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta. Deirtear go mbainfidh 230 dalta scoile Gaeltachta leas as an gclár.

Beidh an tAire Stáit freisin i nGaoth Dobhair inniu agus é chun cuairt a thabhairt ar ionad g-teic an cheantair agus ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair.

Fág freagra ar 'Gan ach plean teanga amháin eile le faomhadh agus an 25ú ceann ceadaithe'