Gan ach beagán le cois seachtain fágtha san fheachtas, cé acu is éifeachtaí?

Tá an scéal céanna ag teacht ó gach dáilcheantar. Drochmheas ar pholaiteoirí, easpa muiníne agus amhras ag neartú

Toghchán StrapKeny Adams Burton Martin

Vótálann trí ‘Éire’ i ngach olltoghchán, má bhreathnaítear ar bhuntuairimí na vótóirí.

1 Mórghrúpa amháin: dream atá réasúnta sásta le riar na tíre agus lena saol féin, fiú má iarann siad faoiseamh, cabhair nó athrú suntasach éigin ar pholasaí rialtais.

2 Mionghrúpa: daoine atá fíor-mhíshásta le riar na tíre, agus leis na gnáthpháirtithe rialtais, agus atá faiteach agus imníoch maidir lena gcás féin. Teastaíonn mór-athrú amháin uathu, ar a laghad.

3 Mórghrúpa eile: dream a thugann vóta d’iarrthóirí áitiúla, beag beann ar a dtuairimí féin agus ar bhuanna nó ar lochtanna na n-iarrthóirí. Bíonn an dream seo ar aon tuairim go minic leis an dá dhream thuas.

Má thagann fás mór ar thacaíocht na ndreamanna seo, mar atá ag teacht le tamall anuas, is léir go gcaithfidh siad teacht ar chomhréiteach nua éigin eatarthu féin. D’fhéadfadh folláine pholaitiúil na tíre amach anseo a bheith ag brath ar an gcomhréiteach nua sin eatarthu agus ar dhearcadh na bpríomhpháirtithe ina leith.

Agus cur chuige na bpríomhpháirtithe agus na neamhspleách ó thús an fheachtais á mheas againn, is fiú cuimhneamh ar an bhfreastal nó ar an easpa freastail atá déanta acu ar na trí ghrúpa atá luaite againn – an dream atá réasúnta sásta, an dream atá fíor-mhíshásta agus an dream a thacaíonn leis an iarrthóir áitiúil is cuma cad a tharlaíonn.

Fine Gael

Sampla breá den tslí nár chóir feachtas toghchánaíochta a reáchtáil. Síorchaint ar théarnamh (‘recovery’) a bheith i gcontúirt mura mbíonn páirtithe an chomhrialtais i gceannas arís. Is cosúil nár smaoinigh lucht ceannais an pháirtí ar an míshásamh a chuireann áiteamh dá leithéid (a) ar dhaoine nach léir dóibh an téarnamh a bheith ann in aon chor (b) ar dhaoine nach gcreideann go bhfuil folláine an gheilleagair ag brath ar Fhine Gael a choinneáil sa rialtas. Ní muinín ach a mhalairt a spreag a ndúirt an páirtí faoi chealú an USC agus faoin méid airgid a bheidh le caitheamh amach anseo, dar leo, ag an rialtas.

Éifeacht Enda Kenny: Cuíosach gan a bheith maíteach: 5/10

An Lucht Oibre

Níor thug an páirtí aghaidh ariamh ar phríomhábhar gearáin an phobail – na gealltanais sheafóideacha a tugadh roimh olltoghchán 2011 – arb ionann iad agus bró mhuilinn ar iarrthóirí an Lucht Oibre. Tá fonn díoltais ar vótóirí anois, agus an díobháil a rinne róghealltanais 2011 á léiriú. Dúisíonn gach gealltanas nua cuimhne ar na cinn gan mhaith a tugadh cheana. Deacracht eile: ní bhíonn cothrom na féinne sa treis ag muintir na hÉireann ariamh agus cic sa tóin á thabhairt acu do mhionpháirtí i gcomhrialtas nach maith leo. Ní léir fós aon seift leis an gcic a sheachaint.

Éifeacht Joan Burton: Réasúnta uaireanta, lag ró-mhinic: 3/10

Fianna Fáil

Bíonn gach tosach lag, ach caithfear céim chun cinn a thabhairt uair éigin. Céim nár thug an páirtí fós. Ainneoin mímhuiníne sa rialtas a bheith ag dul i dtreise ó thosaigh an feachtas, de réir na bpobalbhreitheanna ar fad níl muinín an phobail as Fianna Fáil ag neartú. Tá an páirtí ag brath rómhór ar phearsantacht agus ar éirim an cheannaire, ach ní haon chabhair do pháirtí ar bith é iar-aire sláinte a bheith i gceannas air, go háirithe agus scannal sláinte eile ag teacht chun solais.

Éifeacht Mhicheál Martin: Líofa, lách, ró-chosantach uaireanta: 7/10

Sinn Féin

Cuireann díograis agus dea-eagar Shinn Féin ar comhchéim iad beagnach le Fianna Fáil ó thaobh riar an fheachtais de. Níor cuireadh cos amú go dtí seo, agus tharraing an páirtí ceisteanna tábhachtacha anuas faoin méid airgid a bheidh ar chumas an rialtais a chaitheamh sna blianta atá amach romhainn. Sin ráite, ní mheallfaidh cás ‘Slab’ Murphy ná ráitis an pháirtí faoin gCúirt Choiriúil Speisialta lucht tacaíochta nua. Agus an dteastaíonn cur chuige Syriza na Gréige, atá molta ag Sinn Féin, ó mhórán abhus?

Éifeacht Gerry Adams: Réasúnta, ach teoranta: 5/10

Na Neamhspleáigh agus na Mionpháirtithe

An t-aon dream ar féidir a rá gan dabht fúthu go bhfuil cóir ghaoithe leo ó thosaigh an feachtas. Iad ag teacht i dtír ar an míshásamh agus ar an bhfearg atá follasach i measc an phobail ar fud na tíre. Bhí 30 suíochán sa Dáil dheireanach ag neamhspleáigh, ag sóisialaithe de chineálacha éagsúla agus ag daoine atá anois i Renua. Tá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh níos mó ná sin acu sa chéad Dáil eile. Ach tá líon na bpáirtithe agus na n-iarrthóirí chomh mór sin nach féidir breithiúnas a thabhairt ar bhonn náisiúnta ar a ndearna siad san fheachtas go dtí seo.

Tiocfaidh na polaiteoirí ar chomhthuiscint tar éis tamaill maidir leis na tuairimí atá faoi chaibidil sa cholún seo. Ach beidh olltoghchán eile riachtanach sula dtiocfaidh siad ar an gcomhthuiscint a theastaíonn chun rialtas seasmhach a chur ar bun.

Fág freagra ar 'Gan ach beagán le cois seachtain fágtha san fheachtas, cé acu is éifeachtaí?'