Gaiscígh na gCúigí ar dualgas arís san URC

Tá an réiteach do chomórtas na Sé Náisiún a bheas linn faoi cheann seachtaine ag cur as d’ullmhúchán na bhfoirne ar fad, is ní cúigí na tíre seo amháin

Gaiscígh na gCúigí ar dualgas arís san URC

Is beag deis a fuair na cúigí ceiliúradh a dhéanamh ar an éacht a rinne siad ar fad agus áit á cinntiú acu i measc na 16 foireann atá cáilithe do bhabhtaí deiridh Chorn na gCuradh. Cé go bhfuil seanchleachtadh ag Cúige Laighean, Cúige Mumhan agus go deimhin Cúige Uladh ar an gcéim seo den chomórtas sinsearach a bhaint amach is scéal nua amach agus amach atá ann do na Connachtaigh.

Mar sin féin, caithfidh na Cúigí ar fad an chaint faoin éacht ollmhór seo a chur ar leataobh go dtí tús mhí na Bealtaine nuair a bheas cluichí Chorn na gCuradh á n-imirt arís agus díriú an deireadh seachtaine seo ar bhabhta eile den chomórtas sóisearach, sin an URC.

Tá an réiteach do chomórtas na Sé Náisiún a bheas linn faoi cheann seachtaine ag cur as d’ullmhúchán na bhfoirne ar fad, is ní cúigí na tíre seo amháin. Fágann sin nach bhfuil an dara rogha acu ar fad ach foirne dara nó tríú rogha i gcúpla cás a chur chun páirce.

Tá an t-ádh dá bhrí sin ar na hUltaigh go bhfuil buntáiste an bhaile acu anocht agus iad ag tabhairt faoi na Scarletsfoireann atá sa naoú háit, sé phointe níos ísle ná iad ar thábla an chomórtais. Fiú agus foireann Bhéal Feirste d’uireasa cúpla imreoir is deacair bua a thuar do na cuairteoirí.

Sa mbaile freisin a bheas na Connachtaigh amárach agus iad i gcoinne Ghlaschú, foireann atá ceithre áit agus sé phointe chun cinn ar fhoireann na Gaillimhe. Ní dóigh go mbeidh cluiche ró-éasca ag fir an iarthair agus iad gan leithéidí Carty ná Aki. Mar sin féin tá sé thar am acu a chruthú dá lucht leanta go bhfuil an stádas nua mar cheann de na foirne is láidre sa limistéar seo tuillte acu. Beidh an deis sin acu amárach.

Beidh iontas an domhain ar chách má thugann Zebre, foireann atá fós ar thóir a gcéad bhua sa gcomórtas, dúshlán na Muimhneach, fiú agus na hIodálaigh sa mbaile. Bua le pointe bónais eile d’fhoireann Luimnigh, foireann atá aon áit déag níos airde ná na hIodálaigh ar an tábla.

Seans go mbeidh an bhail chéanna ar Chúige Laighean fiú agus iadsan freisin as baile sa mBreatain Bheag, áit a n-imreoidh siad i gcoinne Caerdydd. In ainneoin an líon mór imreoirí chéad rogha atá in easnamh ar Chúige Laighean, tá sé cruthaithe go minic acu gur beag atá idir a gcuid imreoirí céad agus dara rogha. Caithfidh Cúige Laighean a bheith cúramach nach sciorrann siad mar a rinne siad i gcoinne na nUltach cúpla seachtain ó shin nuair a chaill siad an t-aon chluiche amháin atá caillte acu sa gcomórtas go dtí seo. Seans go bhfuil an ceacht sin foghlamtha ag Leo Cullen.

Fág freagra ar 'Gaiscígh na gCúigí ar dualgas arís san URC'