GAILEARAÍ: Seaimpíní na Gaillimhe – craobh an chontae buaite ag mná Naomh Anna, Leitir Móir

Bhí údar mórtais is gliondair acu i gCeantar na nOileán i gConamara an deireadh seachtaine seo caite agus Craobh Idirmheánach Chontae na Gaillimhe buaite ag foireann Naomh Anna, Leitir Móir. Bhuaigh mná na Gaeltachta ar mhná Mhionlaigh-Na Sceachánaí. Pictiúir: Seán Ó Mainnín

An corn bronnta ar Mhairéad Ní Loingsigh, captaen fhoireann Naomh Anna

 

Sarah Ní Loingsigh agus Saoirse Ní Icí ag ceiliúradh tar éis a mbua

 

Teannas an chluiche. Ríona Ní Fhlatharta, Naomh Anna faoi bhrú ó thriúr d’imreoirí Mhionlaigh-Na Sceachánaí

 

Áine Ryan, Mionlach-An Sceachánach, ag iarraidh teacht roimh Philomena Ní Fhlatharta, Naomh Anna

 

Mairéad Ní Loingsigh, Naomh Anna, ag tabhairt faoi ruathar le pas fada

 

Ríona Ni Fhlatharta agus á céilí comhraic fágtha ina diaidh aici

 

Barbara Ní Loingsigh ag teacht slán leis an liathróid tar éis ionsaí Mhionlaigh-Na Sceachánaí

 

Buille dona do Mhionlach-An Sceachánach a n-imreoir lár páirce, Tessa Mullins, a bheith curtha sa loca pionóis

 

Gan ach sprioc amháin ag Megan Nic Dhonnacha, Naomh Anna

 

Cogadh na talún. Ciara Ní Ógáin, Naomh Anna agus Sarah Flattery, Mionlach-An Sceachánach

 

Dúrúch beirte. Aoife Reilly, Mionlach-An Sceachánach, ag dul i ngleic le Sarah Ní Loingsigh, Naomh Anna

 

Ag súil le cúnamh. Mairéad Ní Loingsigh Naomh Anna, ag lorg tacaíochta

 

Siobhán Nic Dhonnacha ag éalú ó Ailbhe Ryan

 

Cúilín á scóráil ag Tessa Mullins, Mionlach-An Sceachánach

 

Thug Kate Screen, Mionlach-An Sceachánach na haenna léi ó mhná Naomh Anna, Clíodhna Ní Cheallaigh (15) agus Megan Nic Dhonnacha

 

An rinceoir ealaíonta Ríona Ní Fhlatharta, Naomh Anna, sna sodair arís

 

Cic i dtreo an chúil ag Ciara Ní Ógáin in ainneoin thréan-iarrachtaí na gcosantóirí

 

Ríméad ar Chiara Ní Ógáin as a cúl

 

Súil ghéar ar an bpeil ag Ciara Ní Ghríofa, Naomh Anna, agus Tessa Mullins, Mionlach-An Sceachánach

 

Rásaí na Gaillimhe. Saoirse Ní Dhomhnaill, Naomh Anna, chun tosaigh ar Jacqueline Glynn agus Áine Ryan, Mionlach-An Sceachánach

 

Clíodhna Ní Cheallaigh, Naomh Anna ag tabhairt aghaidh ar Jacqueline Glynn, Mionlach-An Sceachánach

 

Cic i dtreo an chúil ag Clíodhna Ní Cheallaigh, Naomh Anna

 

Cúl scóráilte ag Clíodhna Ní Cheallaigh

 

Learth-am agus an scór á sheoladh abhaile

 

Toradh na caismirte agus an liathróid ag Sarah Ní Loingsigh

 

An modh díreach ag Ailbhe Ryan, Mionlach-An Sceachánach

 

Cos ar bolg? Achainí ó bhainisteoir Naomh Anna, Micheál Ó Tuathail

 

An pheil an t-aon rud atá ó Chiara Ní Ghríofa, Naomh Anna

 

Feall, maith nó dona. Clíodhna Ní Cheallaigh i ngreim i  Kate Screen, Mionlach-An Sceachánach

 

Cic ag Ruth Owens in ainneoin iarrachtaí Laoise Ní Ghríofa, Naomh Anna

 

Cic fíochmhar ó Rachel Dowd, Mionlach-An Sceachánach, sábháilte ag cúl báire Naomh Anna, Caoimhe Ní Laoi, agus an liathróid buailte amach arís

 

Urchar scaoilte i dtreo chúl Mhionlaigh-na Sceachánaí ag Ríona Ní Fhlatharta

 

… agus cúl na cinniúna scóráilte ag Ríona ríméadach

 

An bua ag Naomh Anna agus scuad na taobhlíne ag déanamh mórtais

 

Lúcháir an domhain ar Shaoirse Ní Dhomhnaill. Ríona Ní Fhlatharta agus Laoise Ní Ghríofa

 

Ag ceiliúradh le Aintín Clíodhna. ‘An raibh tú iontach, a aintín?’ a deir a nia óg le Clíodhna Ní Cheallaigh. Tá a deirfiúr Ciara agus a máthair Nóra an-bhródúil as éacht Naomh Anna.

 

Bainisteoir Naomh Anna Micheál Ó Tuathail agus a mhuintir an-sásta, Marie, Caoimhe, Aoibhín agus Micheál Óg

 

Ar ais ar a ndúchas. Mná Naomh Anna ag ardú an choirn os cionn Chuan an Fhir Mhóir i mBéal a’ Daingin

 

Fáilte Uí Cheallaigh abhaile roimh na laochra

 

Captaen agus laoch na himeartha Mairéad Ní Loingsigh

 

Oíche go maidin i gCeantar na nOileán agus camchuairt an bhua faoi lán seoil

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Seaimpíní na Gaillimhe – craobh an chontae buaite ag mná Naomh Anna, Leitir Móir'

  • An Teanga Bheo

    Maith sibh Mná na hÉireann laochra Gaeil ár linne.