GAILEARAÍ: Scoil Chonamara ag tabhairt faoi churiarracht dhomhanda i rás sealaíochta

Bhí lá mór spraoi ag daltaí Scoil Náisiúnta Cholm Cille, Ros a Mhíl, Dé hAoine seo caite, nuair a ghlac siad páirt i gcuriarracht dhomhanda agus rás sealaíochta á rith acu

Ghlac daltaí ó Scoil Náisiúnta Cholm Cille, Ros a’ Mhíl, dúshlán mór le deireanas nuair a thug siad faoi churiarracht dhomhanda a bhaint amach i rás sealaíochta 5,000 méadar an fhaid is a bhí daltaí ó scoileanna eile timpeall na cruinne ag tabhairt faoin dúshlán céanna.

Ba é Sportshall, eagraíocht spóirt le haghaidh scoileanna i Sasana, a d’eagraigh an ócáid.

“Ba muide an t-aon bhunscoil in Éirinn a ghlac páirt ann, go bhfios dúinn, agus bhain muid an-taitneamh go deo as,” a dúirt Síle Nic Con Iomaire, príomhoide na scoile.

“Shocraigh muid i mbliana cur le haclaíocht sa scoil agus an múinteoir Mary Jennings i mbun traenála. Ghlac muid páirt i rásaí trastíre i Meán Fómhair agus tá sé i gceist ag Rang a cúig páirt a ghlacadh i rása 5k, a bheas ag Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua níos deireanaí sa mí.”

Ba i ngrúpaí a bhí na gasúir agus rith chuile dhuine acu timpeall na páirce (200m) uilig.

Ba iad an grúpa gorm a tháinig sa gcéad áit agus an rás rite acu in imeacht 20 nóiméad agus 49 soicind. 20:59 an t-am a bhí ag an bhfoireann ghlas; 21:04 a bhí ag an bhfoireann bhuí agus 21:10 a bhí ag an bhfoireann dhearg.

“Tá muid fíorbhuíoch do Cliff Jennings,”a deir Síle, a thug cúnamh agus tacaíocht dúinn agus do na cuiditheoirí a bhí ann ar an lá.

“Cé nár éirigh linn aon churiarracht a bhaint amach, bhí na gasúir fíorshásta leo féin,” a dúirt sí.

Tuilleadh pictiúr

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Scoil Chonamara ag tabhairt faoi churiarracht dhomhanda i rás sealaíochta'