GAILEARAÍ: Fáilte ar ais! Blaiseadh d’Fhéile an Oireachtais 2022 i gCill Airne…

Tar éis troscadh dhá bhliain bhí an ceol, an damhsa, an chraic, na hamhráin agus na daoine ar ais arís ag Oireachtas na Samhna in Óstán Ghleann an Iolair i gCill Airne. Fuair ár ngrianghrafadóir Seán Ó Mainnín blaiseadh ina chuid pictiúr den atmaisféar le linn na féile.

Corn Phádraig Mhic an Rí, Bonn óir & €500 i gComórtas Sean-Nós na mBan á bhronnadh ag Máirín de Brún, Uachtarán an Oireachtais ar Shláine Ní Chathalláin, An Coimín, Baile na nGall, Co. Chiarraí

 

A cairde ríméadach as bua Shláine i gComórtas Sean-Nós na mBan

 

Gradam Yvonne Ní Loideáin, Púirín, Indreabhán, Co. na Gaillimhe, i gcomórtas Sean-nós na mBan á cheiliúradh

 

Lucht Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ag bualaladh le chéile le linn Fhéile an Oireachtais

 

Katie Ní Chéide as Cnoc Aduaidh, Casla, Conamara beagáinín cuthaileach agus amhrán le rá aici 

 

Plean ag Katie, Mama lena hais agus a cúl leis an slua, chas sí an t-amhrán

 

Teastas ag Katie Ní Chéide as a hamhrán breá

 

Bríd Áine Ní Ghrádaigh, Ráth Chairn, Baile Átha Buí, Co. na Mí, le Corn Cuimhneacháin Nóra Ghriallais Mhic Dhonnacha & Bonn óir i gComórtas Amhránaíochta na nÓg (A). Bhuaigh MaryKate Ní Ailleacháin, Scoil Abán Naofa, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí an dara duais agus Luke Ó Tuairisg, Scoil Sailearna, Indreabhán, Conamara, Co. na Gaillimhe an tríú duais

 

John Kennedy, Dún Chaoin, Corca Dhuibhne leis an Teachta Dála Éamonn Ó Cuív, ag seastán Fhianna Fáil ag Aonach an Oireachtais

 

Daithí de Mórdha agus a athair Micheál ag seoladh leabhar nua Dhaithí, ‘Raidió na Gaeltachta: Cultúr agus Pobal’, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht in Aonach an OIreachtais

 

Elaine Dodd, Trá Lí agus Méabh Cusack, Cluain Eois, Co. Mhuineacháin ag seastán Fhianna Fáil ag an Aonach

 

Niamh Ní Churnáin, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, agus a hiníon May Nic Cormaic ag seoladh leabhar Dhaithí de Mórdha

 

Tomás Ó Lúing agus a bhean, Treasa, ag seoladh leabhar Dhaithí de Mórdha

 

Pádraig Mac an tSaoi ag a sheastán leabhar ag Aonach an Oireachtais

 

Daithí de Mórdha ag seoladh a leabhair nua ‘Raidió na Gaeltachta: Cultúr agus Pobal’, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, ag Aonach an Oireachtais

 

Caoileann Ní Dhonnchadha agus Deirdre Ní Dhonnchadha, Laimbé, Cill Bhríde, Co. na Mí ag Comórtas na Lúibíní

 

Liadan Canny, na hAille, Indreabhán agus Bróna Ní Cheallacháin, An Chré Dhubh, Conamara ag na Lúibíní

 

Ógie Ó Céilleachair agus Aodhán Ó Ceallaigh, Maoil a’Choirne, An Rinn, Co. Phort Láirge ag ceiliúradh a mbua sna Lúibíní le clann Aodháin, Ferdia (4) agus Tadhg (2)

 

Gearóidín Breathnach agus Rónán Ó Dochartaigh ag seoladh leabhar agus CD ‘Gadaíocht Inis Duáin’ ina ndéanann an seanchaí Neidí Frainc Mac Grianna, athair Ghearóidín, an scéal sin a aithris

 

Ailbhe Ní Chasaide (sa lár) Coláiste na Tríonóide agus foireann an tsuímh idirlín Abair.ie, leis an Aire Stáit Jack Chambers agus Uachtarán an Oireachtais Máirín de Brún agus Abair.ie á sheoladh ag Oireachtas na Samhna

 

Buaic-Saothar Próis na Biana, duais: €3,000 do ‘An Saol Bocht’ le Brian Ó Conchubhair. Bhuaigh Brian Duais €1,250 sa chomórtas próis chomh maith

 

Na deartháireacha Diarmaid agus Fionntán de Brún ar bronnadh duaiseanna liteartha orthu beirt

 

Dara Ó Conaill agus a dheirfiúr Méabh agus duaiseanna liteartha buaite acu

 

An tAire Jack Chambers agus oifigigh an Oireachtais leis na húdair ar bronnadh duaiseanna liteartha orthu Dé Céadaoin

 

An scríbhneoir agus an t-aisteoir Joe Steve Ó Neachtain ó Chartlann TG4

 

Eagarthóir Nuachta nua-cheaptha TG4 Deirdre Ní Choistín, Máire Aoibhinn Ní Ógáin, Bainisteoir Chartlann TG4 agus Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4 ag seoladh Cartlann TG4 ag an Oireachtas

 

Ag seoladh Cartlann TG4: Veronica Ní Ghríofa, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; Máire T Ní Mhadaoin, TG4, An Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill agus Linda Ní Ghríofa, TG4

 

Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta Gearóid Mac Donncha ag glacadh le Gradam Cumarsáide thar ceann an stáisiúin, atá ag ceiliúradh 50 bliain ar an aer

 

Mairéad Ní Nuadháin, Tuairisc.ie., colúnaí na bliana

 

Foireann AniarTV a bhuaigh gradam Shraith Teilifíse na Bliana le ‘An Cósta Thiar’

 

Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus gradam Iriseoir na Bliana aige

 

 

Cleona Ní Chrualaoi agus Colm Bairéad, a bhuaigh gradam Scannán na Bliana le ‘An Cailín Ciúin’ (Inscéal). Ar dheis tá an Dr Rosemary Day, Údarás Craolacháin na hÉireann

 

Gradamóirí Raidió na Gaeltachta

 

‘An Tuairín agus Béal an Daingin abú’. Barbara Nic Dhonnchadha agus Gearóid Mac Donncha ag ceiliúradh le Ceannasaí an Oireachtais Máirín Nic Dhonnchadha. As an gceantar céanna iad triúr.

 

Áine Ní Bhreisleáin, Pearsa Teilifíse na Bliana

 

Méabh Ní Chonaill agus Aodhagán Ó Riordáin, Leac Fhinín, Lios an Chraosaigh, Co. Chorcaí agus Agallamh Beirte ar siúl acu

 

Séamus Ó Scanláin ag cur agallamh ar Mhicheál Ó Gliasáin, iarMhéara Chill Airne ar ADHMHAIDIN sa Ródaí

 

Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le hionadaithe a Roinne agus cinnirí eagraíochtaí Gaeilge. Rinne an tAire an tríú tuairisc bhliantúil ar dhul chun cinn Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 a sheoladh ag Oireachtas na Samhna 2022

 

Ruairí Mac Con Iomaire (Rí Séarlas Shasana) agus Máirín Nic Con Iomaire (Camilla), Baile an tSléibhe, Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe san Agallamh Beirte

 

Ruairí Mac Con Iomaire (Rí Séarlas Shasana) agus Máirín Nic Con Iomaire (Camilla), agus Trófaí Fhoras na Gaeilge bronnta orthu ag Regina Uí Chollatáin, Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge, sa gcomórtas Agallamh Beirte

 

Siobhán Ní Mhuimhneacháin agus Seosamh Ó Críodáin sa chomórtas Sceitse

 

‘An Chéad Chorróig Eile’, Cois Fharraige i gcomórtas na sceitseanna

 

Muintir Mhúscraí ag ceiliúradh Corn Eibhlín Ní Chathailriabhaigh, Bonn óir & €500 sa chomórtas Sceitse a bronnadh ar Eibhlín Ní Lionáird, Seosamh Ó Críodáin agus Siobhán Ní Mhuimhneacháin, Cúil a’Bhuacaigh, Cill na Martra, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí

 

Corn Eibhlín Ní Chathailriabhaigh á bhronnadh ag Gearóid Denvir ar Eibhlín Ní Lionáird, Seosamh Ó Críodáin agus Siobhán Ní Mhuimhneacháin, Cúil a’Bhuacaigh, Cill na Martra, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí

 

Comórtas Sean-Nós na mBan i Seomra Mangerton

 

Mary Ann Uí Chadhain, Leitir Mucú, Casla, Co. na Gaillimhe i gcomórtas Sean-Nós na mBan

 

Eibhlís Ní Ríordáin, Na Clocha Liatha, Co. Chill Mhantáin

 

Buaic-saothar próis na bliana, duais: €3,000 ag Brian Ó Conchubhair, Indiana, Na Stáit Aontaithe

 

An grúpa Pólca 4 ag fáil lántacaíocht ón slua ag seoladh a ndlúthdhiosca “Pólca 4” Sa phictiúr chomh maith Louise Ní Dhaibhéid, Oireachtas na Gaeilge, a sheol an CD

 

Sna trithí gáire ag GaelGÁIRE

 

GaelGÁIRE, seó grinn, a mheall na sluaite chuig Óstán an Brehon Dé Sathairn

 

Bríd Ní Mhaoilchiaráin a thug léi Corn Uí Riada 2022 i dteannta Róisín Elsafty, a bhí sa dara háit agus Micheál Frainc Ó Confhaola, a bhí sa tríú háit. Tá Corn Uí Riada buaite trí huaire ag Bríd, éacht annamh.

 

Bríd Ní Mhaoilchiaráin, Roisín na Mainiach, Carna, Co. na Gaillimhe: Buaiteoir Chorn Uí Riada 2022

 

An t-amhránaí John Beag Ó Flatharta ar bronnadh gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta air le linn Chorn Uí Riada

 

 

Evan Ó Gríofa, Poll Uí Mhuirinn, Leitir Móir, Co. na Gaillimhe ag rá amhráin

 

Gráinne Ní Fhátharta, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe

 

Colm Jimmy Ó Curraoin, Na Mine, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

 

Gobnait Ní Chrualaoi, Túnláin, Baile Mhic Íre, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí

 

Nollaig Ní Laoire,  Dún Doire, Co na Mí ag casadh ag Corn Uí Riada

 

Buaiteoirí an damhsa ar an sean-nós

 

Rince do dhaoine fásta Seán Ó Loinsigh, Cúil Doirnín, Garairis, Cill Choca, Co. na Mí

 

Rós Shligigh ag damhsa

 

 

Damhsa ar an sean-nós

 

Gliondar ach a bheith ar ais ar an ardán rince

 

Méabh Ní Chonaill agus Éabha Breathnach

 

Rince na nÓg Dé Sathairn le linn STEIP

 

An Chéad Duais: Corn Crotaigh, Bonn óir & €350 – Megan Nic Fhionnghaile, Doirí Beaga, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

 

Club na Féile faoi lán seoil

 

Megan Nic Fhionnghaile, Doirí Beaga, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

 

Muintir Chorcaí ag Club na Féile

 

Aedín agus Yvonne Ní Loideáin le Sheona Ní Mháille

 

Róisín Ní Fhallúin, An Clár; Nuala Ní Dhomhnaill, Dún na nGall; Ciara Ní Mhurchú, Maigh Eo agus Naomi Ní Mhiacháin, BÁC

 

Lucht Ollscoil Chorcaí ag Club na Féile

 

Muintir na Ceathrún Rua, Co na Gaillimhe

 

Lucht Fhoras na Gaeilge ag Club na Féile

 

Quinlan Ó Gionáin, Róisín Ní Chualáin, Ronan Hussey, Elizabeth Scanlan agus Colm Ó hEartáin ag Club na Féile

 

Aisling as Co an Chláir agus Ali Cahill, as Ciarraí

 

Ailbhe Ní Chualáin agus Mary Ní Fhéinne, Indreabhán

 

Lucht Ollscoil Chorcaí ag Club na nÓg

 

Aisling Ní Ghallachóir, Muineachán, Amy Ní Chléirigh, Tír Chonaill agus Caroline Ní Chonghaile, Gaillimh ag Club na Féile

 

Helen Kelly, Ollscoil Mhá Nuad agus Nada Ní Chuirrín, Leitir Fraic

 

June Falvey, Maigh Chromtha; Tadhg agus Liam Ó Conaill, Cill na Martra

 

Mic léinn DCU: Ciara Ní Aonghusa, Cill Mhantáin; Shannon Nic Ulcán, Dún na nGall agus Alex Mac Seoin, BÁC

 

Muintir Inis Oírr ag Club na Féile: Mairtín Ó Donncha, Mairtín Ó Conghaola, Cian O’Donnell agus Patrick Michael O’Donnell

 

Lillis Ó Laoire lena leabhar nua ‘Dhá Leagan Déag: Léargais Nua ar an Sean-Nós’ a seoladh ag Casadh an tSúgáin. Ina theannta tá Micheál Ó Conghaile, foilsitheoirí Cló Iar-Chonnacht, agus Ciarán Ó Gealbháin a sheol.

 

Éabha Breathnach agus Áine Ní Ghríofa, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Fáilte ar ais! Blaiseadh d’Fhéile an Oireachtais 2022 i gCill Airne…'

  • Maire Ni M

    Grmma le Tuairisc.ie a chuir na grianghraif seo ar fáil. Iontach do dhaoine nach raibh in ann a bheith i láthair spleachadh a fháil ar na himeachtaí. Seirbhís tuairisceoireachta den scoth!!