Sheol an scannánaí Bob Quinn beathaisnéis an údair agus fealsúnaí Desmond Fennell i siopa leabhar Charlie Byrne's i nGaillimh le déanaí. I measc na n-eachtraí a phléitear sa leabhar nua tá ról tábhachtach an údair i bhfeachtas cearta sibhialta na Gaeltachta. Pictiúir: Tuairisc.ie
Desmond Fennell agus Bob Quinn ag seoladh saothar beathaisnéise Desmond, About Being Normal: My life in Abnormal Circumstances, i siopa leabhar Charlie Byrne’s i nGaillimh
Bainisteoir siopa leabhar Charlie Byrne’s, Vinny Browne, ag cur tús leis an seoladh
Bob Quinn ag seoladh an leabhair
An t-údar ag baint sult as an ócáid
An t-údar i mbun cainte
Natasha, Desmond agus Kate Fennell
Kate Fennell, Fidelma Mullane agus Lelia Doolan
Carol Dunleavy agus Claire Molloy
Desmond Fennell lena chlann, Ó chlé: Oisín, Kate, Natasha agus Cilian