GAILEARAÍ: An Crúiscín Lán! Scoth na bpictiúr de bhua agus cheiliúradh an Spidéil i gcraobh peile idirmheánach na Gaillimhe…

Ag an Spidéal a bhí na cearta gaisce i ndiaidh dóibh an ceann is fearr a fháil ar a gcomharsana béal dorais Mícheál Breathnach in athimirt chluiche ceannais Chraobh Idirmheánach na Gaillimhe, nó 'El Cois Fharraigó' 2018. Lean ceiliúradh mór ar an Spidéal i ndiaidh cluiche dian ar bheag a bhí idir na foirne. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Paddy O’Toole ag tine chnámh ag Trá an Spidéil

 

Liam Ó Ceallaigh agus Éamon Ó Conláin ag ceiliúradh

 

Antaine Ó Laoi agus Conall Ó Caoimh

 

Comhghairdeachas á dhéanamh le Dara Mac an Rí, laoch na himeartha

 

Deora an áthais i súile Sheosaimh Uí Laoi

 

Comhbhrón ó na comharsana

 

Gradam Laoch an Chluiche á bhronnadh ar Dhara Mac an Rí

 

Seaimpíní Chraobh Idirmheánach na Gaillimhe.  Captaen fhoireann An Spidéil Ciarán Ó Laoi agus Corn Johnny Cotter aige

 

Gliondar ar chroí an Spidéil

 

Ag ceiliúradh sa seomra feistis

 

Muintir an Spidéil réidh le fáilte mhór a chur roimh an bhfoireann

 

Fáilte abhaile

 

Tine chnámh lasta

 

An corn tugtha ar an  Spidéal  ag Ciarán Ó Laoi

 

Ceiliúradh amuigh is istigh

 

An fhoireann ag ceiliúradh sa Chrúiscín Lán

 

Ríméad ar athair agus mac. Tadhg agus Aodán Ó Curraoin

 

John Foy le Dónal Ó Fatharta agus an corn

 

Dónal De Barra, John Dunne agus Deirdre Breathnach

 

Cormac Ó Laoi le John Lockhart, a dhéanann urraíocht ar  an Spidéal

 

Ag an gcluiche: lucht leanta Micheál Breathnach

 

Antaine Ó Laoi faoi bhrú ag Cian Ó Griallais, na Breathnaigh

 

Dara Mac An Rí ag prapáil chun pas a thabhairt

 

Greim glan ag Pádraig Eoin Ó Curraoin, an Spidéal

 

Cic pionóis do na Breathnaigh

 

Sábhálann Maghnus Breathnach cic éirice ó Rónán Mac Donnchadha

 

Liam Ó Ceallaigh, An Spidéal

 

Fiontán Ó Curraoin ard san aer

 

Cúl ag Rónán Mac Donnchadha do na Breathnaigh

 

Ag pléadáil neamhchiontach

 

Ach cárta dearg do Ciarán Ó Droighneáin

 

Súil ghéar ar a chéile. Fiontán Ó Curraoin, na Breathnaigh ag tabhairt aghaidh ar Phádraig Eoin Ó Curraoin, An Spidéal

 

Cuán Mac Dubhghaill, na Breathnaigh ag éalú leis

 

Seán Denvir, na Breathnaigh ag iarraidh Micheál Ó Curraoin, An Spidéal, a chur de

 

An liathróíd ag Tommy Ó Conghaile

 

Dinny Ó hÉallaithe, na Breathnaigh, ag déanamh ar chúl an Spidéil

 

Cormac Ó Laoi ag gríosú a fhoirne tar éis dó cúilín a fháil

 

Gan ach beirt sa mbaile agus An Spidéal sa tóir ar phointe comhscóir in am breise

 

Déantar feall ar an gcúl báire Maghnus Breathnach agus é ar ruathar suas faoin bpáirc

 

Tógann an cúl báire an cic saor

 

Comhscór. Am breise!

 

Brian Ó Conghaile, An Spidéal

 

Antaine Ó Laoi ar ruathar

 

Rónán Mac Donnchadha, na Breathnaigh

 

Sciorann an liathróíd ó Chian Ó  Gríofa

 

Dianchosaint ag an Spidéal

 

An liathróid buailte san aer le háthas ag Brian Ó Conghaile agus an fheadóg dheiridh séidte

 

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: An Crúiscín Lán! Scoth na bpictiúr de bhua agus cheiliúradh an Spidéil i gcraobh peile idirmheánach na Gaillimhe…'