Seoladh an leabhar 'Cuimhní Poircealláin agus Scéalta Eile' le Majella Ní Dhomhnaill ag ócáid sa Siopa Leabhar, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath Déardaoin seo caite, Lá Domhanda na Leabhar. Is é an scríbhneoir Mícheál Ó Ruairc a sheol an leabhar a d'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht. Seo é an chéad chnuasach gearrscéalta le Majella Ní Dhomhnaill ar dhúirt Ó Ruairc fúithi “Níl aon dabht i m’aigne ach go n-áireofar í ar dhuine de mhórscríbhneoirí próis na Gaeilge sna blianta atá amach romhainn.” Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Majella Ní Dhomhnaill lena leabhar nuasheolta, Cuimhní Poircealláin agus Scéalta Eile i Siopa Leabhar an Chonartha
Bainisteoir an tSiopa Leabhar, Gráinne E Ní Mhuilneoir ag cur tús leis an seoladh
An file agus scríbhneoir Micheál Ó Ruairc agus an leabhar a sheoladh aige
Majella ag éisteacht leis na cainteoirí
Majella, údar Cuimhní Poircealláin agus Scéalta Eile, ag déanamh a cuid cainte
Micheál Ó Conghaile, údar agus foilsitheoir, ag caint faoin mborradh atá faoi scríbhneoireacht na mban le scór bliain anuas
Seán agus Ciarán Ó Céilligh
Majella Ní Dhomhnaill lena hiarmhúinteoir Liz Murdoch
Seán agus Connie Uí Chéilligh
Majella le Micheál Ó Conghaile, bunaitheoir Cló Iar-Chonnacht
Treasa Ní Bhrolcháin, cara ollscoile le Majella
Bill Breathnach
Aonghus Ó hAlmhain
Giollaíosa Ó Lideadha agus Seán Mac Domhnaill
Briseann an dúchas: Pictiúr de Majella Ní Dhomhnaill a thóg Seán Ó Mainnín in 2007. Ba í Majella buaiteoir chomórtas Aiste Foinse sa Rang na bliana sin agus bronnadh duaiseanna fón póca agus eile uirthi.
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: A céad chnuasach gearrscéalta seolta ag Majella Ní Dhomhnaill i Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge'