Gaeilge ag an gceathrar bainisteoirí a bheidh rannpháirteach i gcluichí ceannais na hÉireann

Tá an chuma ar an scéal gurb é an Domhnach seo an chéad uair a bheidh Gaeilge ag an gceathrar bainisteoirí atá sna chluichí ceannais peile mionúr agus sinsear

Jack O'Connor, Éamonn Fitzmaurice, Jim Gavin, Charlie McKeever
Jack O’Connor, Éamonn Fitzmaurice, Jim Gavin agus Charlie McGeever

bheidh aon easpa agallamh ar na meáin Ghaeilge i bPáirc an Chrócaigh an Domhnach seo agus ceathrar bainisteoirí a bheidh rannpháirteach i gcluichí ceannais na hÉireann breá ábalta dul i mbun comhrá as Gaeilge.

Ag breathnú siar sa stair, ní dócha gur tharla sé riamh cheana go raibh Gaeilge ag an gceathrar bainisteoirí a bhí ag plé leis na foirne mionúr agus sinsear ar an lá mór.

Bheadh ort dul siar chuig 1983 agus an choimhlint idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh chun teacht ar chluiche ceannais sinsear a raibh beirt bhainisteoirí páirteach ann a raibh Gaeilge acu, sin iad Kevin Heffernan agus Mattie McDonagh. Ach an Domhnach beag seo, tá líofacht sa Ghaeilge ag an gceathrar bainisteoirí a bheidh ar an taobhlíne i gcaitheamh an lae.

Dar ndóigh, ní rud iontach aisteach é do bhainisteoir Chiarraí Gaeilge a bheith aige, agus is cainteoir líofa é ceann feadhna na Ríochta, Éamonn Fitzmaurice, atá ina mhúinteoir staire i bPobalscoil Chorca Dhuibhne.

Is é an scéal céanna é le bainisteoir na mionúr, Jack O’Connor, fear ar éirigh leis gaisce a dhéanamh le beagnach gach foireann a bhí faoina stiúir. Tá craobhacha na hÉireann buaite ag O’Connor ag an leibhéal sinsear, Faoi-21 agus mionúr agus bhí buanna móra eile aige le foirne scoile. Múinteoir, i gColáiste na Sceilge, ab ea fear Phiarsaigh na Dromada.

Is i gcoinne Thiobraid Árann a bheidh Ciarraí sa chéad chluiche ceannais an Domhach seo, ‘athimirt’ ar chluiche ceannais na Mumhan. Tá na Tiobradaigh faoi stiúir an Chonallaigh Charlie McGeever, a rugadh i gCloch Ceann Fhaola. Tar éis dó achar fada a chaitheamh ag obair le foirne sacair, é ag sroicheadh cluiche ceannais Chorn an FAI le Finn Harps i 1990, bhog McGeever síos go Cluain Meala chun glacadh le post nua 15 bhliain ó shin.

Is é fear Bhaile Átha Cliath ar an Domhnach an t-aon bhainisteoir nach múinteoir é. Chaith Jim Gavin achar fada mar phíolóta agus teagascóir leis an Aerchóir. Mar a tharlaíonn sé, is ann a fuair sé a chéad phost bainistíochta agus é i gceannas ar fhoireann peile Óglaigh na hÉireann. Is as Cluain Dolcáin i gcathair Bhaile Átha Cliath ó dhúchas do Gavin agus is deartháir é le Brian Ó Gaibhín, stiúrthóir Áras Chrónáin sa cheantar céanna.

Amuigh ar pháirc na himeartha féin, beidh Marc Ó agus Ciarán Kilkenny ag iarraidh Corn Mhic Uidhir a bhuachan. Níl ann ach cúpla bliain ó bhí siad beirt mar chuid d’fheachtas Chumann Lúthchleas Gael an Ghaeilge a spreagadh i measc a mball.

Fág freagra ar 'Gaeilge ag an gceathrar bainisteoirí a bheidh rannpháirteach i gcluichí ceannais na hÉireann'

  • Deasún ÓSeanáin

    AR SON NA CUISE 15 COMHRAÍ GUR AS BLEÁ CLIATH THU?
    Is cuma nach bhfuil mé sa mbosca ceart ach caithfidh me cúpla rud a rá faoin alt sin?
    Ní chloiseann tú Gaeilge sa Sráideanna BÁC.
    Tá go leor bealaigh é sin a chur i gceart. Ag tosaigh le Sráid Uí Mhordha-taobh thiar den GPO. ansin cloiseann tú go leor teangacha eile ach amháin Gaeilge. Dá mbeadh seastáin ann ag Conradh na Gaeilge nó grúpa eile ag tabhairt amach eolais ar an dteanga agus b’fhéidir grúpa Gaeilgeoirí ag bualadh le chéile sa gcafé trasna an bothar etc. etc.
    Cé mhéad daoine ón lucht oibre atá sásta siúl síos go Sráid Fhearchar chun focail Gaeilge a chloisteáil?

    Is cosúil go bhfuil easpa samhlaíochta ag na heagraí Gaeilge. An bhfuil ag ag fanacht/brath ar an Rialtas?