Thug an clár ba thúisce sa tsraith teilifíse GAA Nua a craoladh an tseachtain seo caite aithris spéisiúil ar an gcaoi a bhfuil úsáid á baint as an teicneolaíocht is nua-aimseartha in ullmhú foirne do mhórchomórtais Chumann Lúthchleas Gael.
Fiú 4,000 bliain roimh theacht Chríost bhí oiliúint an choirp á cur chun cinn, cé gur dócha go mba ar mhaithe le saighdiúirí lútha láidre a chur chun cogaidh a déanadh sin ar dtús.
Chleacht fir óga na bunscileanna – siúl , rith, léimneach, caitheamh, coraíocht agus mar sin de.
Na Gréagaigh agus na Rómhánaigh a chuir an bhéim ar an spórt eagraithe i dtosach agus ba iadsan ba thúisce a thuig go raibh sláinte an choirp chomh tábhachtach le sláinte na hintinne.
Le meath a gcuid impireachtaí siúd tá sé chomh maith duit a rá gur cuireadh an fhealsúnacht a bhí acu ar an méar fhada idir an cúigiú haois agus an t-ochtú haois déag. Go deimhin ba thart ar an am a dtáinig Cumann Lúthchleas Gael féin ar an saol (1884) a tháinig an cor chun feabhais ar chúrsaí in athuair.
Sa gcéad seo caite a tosaíodh ag cur béime arís ar an aclaíocht agus ar an bhfeabhas a d’fhéadfaí a chur ar an gcaighdeán a bhainfeadh an lúthchleasaí (aonair nó foirne) amach ach an traenáil cheart a dhéanamh, an bheatha cheart a ithe agus a theacht i dtír ar aon chabhair intinne a bhí ar fáil.
I GAA Nua, atá curtha i láthair go paiteanta ag Dara Ó Cinnéide an tí seo, mar is dual dó, tugtar léargas ar an gceannródaíocht atá á déanamh le cabhair na teicneolaíochta is úire lena faobhar a chur ar a gcumas siúd a imríonn an pheil Ghaelach, an iománaíocht agus an chamógaíocht.
Tá seans ann gur cheart dom fanacht go mbeidh an tsraith ina hiomláine (ceithre chlár) feicthe agam sula dtabharfaidh mé mo bhreith, ach ní dhéanann a bhfaca mé Dé Luain seo caite ach cur le mo chreideamh go bhfuil foirne idirchontae Chumann Lúthchleas Gael ag dul thar fóir ó thaobh traenála agus ullmhúcháin.
Sa gcéad chlár, chonaic muid mar a oibríonn an córas GPS, a bhfuil fáil air le tamall maith de bhlianta anois, ar phéire spéacláirí a thugann amharc don duine ar an rud nach léir don tsúil féin, ar ríomhairí a insíonn má bhí imreoirí ag ithe mar is ceart agus ag codladh a ndóthain agus chonaic muid mar a chaitheann cúigear 15 uair an chloig in aghaidh na seachtaine ag soláthar anailíse físe d’fhoireann chontae.
Ar fhaitíos na míthuisceana ní mór dom a rá ag an bpointe seo go bhfuil an-chreidiúint agamsa sa teicneolaíocht agus go nglacaim go hiomlán gur féidir léi buntáistí a chur ar fáil – fiú más buntáistí beaga go leor iad, mar a d’admhaigh bainisteoir peile Chill Dara, Cian O’Neill agus bainisteoir iomána Phort Láirge, Derek McGrath, sa gclár.
Sin buntáistí a mbeinn ar a dtóir dá mba mé José Mourhino nó Arsene Wenger agus a fhios agam go mbeadh laghdú €60 milliún sa mbliain ar theacht isteach mo chumainn mura n-éireodh leo áit a bhaint amach sa Champions League, nó dá mba mé Joe Schmidt agus mé i gceannas imreoirí atá ag tuilleamh leathmhilliún euro in aghaidh na bliana.
Ach an bhfuil an riachtanas céanna leo sa rás ar Choirn Mhig Uidhir nó Mhic Cárthaigh? ’Sí mo bharúil láidir nach bhfuil.
Ba cheart a chur san áireamh ag an bpointe seo freisin go dtéann imreoirí Mourhino agus Schmidt abhaile a chodladh nuair a bhíonn a gcuid traenála déanta acu maidin agus tráthnóna, fad agus a théann peileadóirí Chill Dara agus iománaithe na nDéise chuig a gcuid oibre nó chuig a gcuid ranganna.
Nílim ag rá gur fás aon oíche iad na rudaí seo ar fad, ach tá faitíos orm gur faisean iad agus an rud is measa ná sin faisean a chuirfidh na cluichí is ansa liom as a riocht.
Ceap magaidh a bheadh sa duine nach n-admhódh go bhfuil feabhas thar cuimse tagtha ar aclaíocht pheileadóirí agus iománaithe Chumann Lúthchleas Gael agus go bhfuil a chion féin déanta ag an eolaíocht le sin a chinntiú.
Ach, níl ansin ach cuid den scéal. Iománaíocht agus peil choise an t-ainm atá ar na cluichí a chleachtann siad, cinn ina bhfuil caighdeán na scileanna chomh tábhachtach nó níos tábhachtaí fiú ná an caighdeán aclaíochta.
Tar éis dom féachaint ar GAA Nua an oíche faoi dheireadh, chuir mé glaoch ar thriúr bainisteoirí idirchontae a úsáideann GPS, ríomhairí, lucht anailíse, físeáin, cóitseálaithe nirt agus aclaíochta, diaitéitigh (comhairleoirí beatha) etc.
“Cé mhéad duine de na peileadóirí a chuir sibh chun páirce sa gcluiche is deireanaí a d’imir sibh i gcraobh na bliana seo atá chomh compordach leis an gcos chlé agus atá siad leis an deasóg?” a d’fhiafraigh mé.
“An tríú cuid acu,” an líon ba mhó a bhí sna freagraí a fuair mé, rud a bhain croitheadh asam.
Anois sin scil nach gá an GPS, ríomhairí, spéacláirí ná lucht leighis lena múineadh agus ceann atá i bhfad níos bunúsaí ná boiscín beag leictreach i bpóca i gcúl do gheansaí.
Tá feabhas thar cuimse tagtha ar chaighdeán aclaíochta agus ar neart colainne iománaithe agus pheileadóirí CLG le deich mbliana anuas. An bhfuil an feabhas ar chaighdeáin na scile ar aon dul leis sin? Is cinnte nach bhfuil ó thaobh na peile ar chuma ar bith ón méid a fheicim le mo dhá shúil féin agus ó na freagraí a fuair mé ó na bainisteoirí.
Rud eile a d’fhoghlaim mé ó GAA Nua an oíche faoi dheireadh go bhfuil laghdú 18 soicind anois ar an am a thógann sé ar Stephen Cluxton an liathróid a chiceáil amach – ó 30 soicind go dtí 12 agus glacaim leis go hiomlán go bhfuil athrú ó bhun agus chun feabhais curtha ag cúl báire Bhaile Átha Cliath ar an ngné sin den chluiche.
‘Tugann an 18 soicind sin seans dá fhoireann a dhul síos an pháirc agus scór a aimsiú,’ a dúradh.
Cinnte. Ach murar acu a bheas an liathróid nach iad an taobh eile a bhfuil na 18 soicind faighte acu chun scór a aimsiú iad fhéin!
‘Sin bealach eile le breathnú air’, mar a deir an moncaí nuair a shuigh sé ar an scáthán.
Fág freagra ar '‘Bealach eile le breathnú air,’ mar a deir an moncaí a shuigh ar an scáthán'