Seirbhís bus ag teastáil le gur féidir le daltaí leanúint lena gcuid scolaíochta trí Ghaeilge sa Mhí

Eagraíodh cruinniú poiblí le déanaí le plé a dhéanamh ar sheirbhís bus a nascfadh dhá cheantar Gaeltachta chontae na Mí

Seirbhís bus ag teastáil le gur féidir le daltaí leanúint lena gcuid scolaíochta trí Ghaeilge sa Mhí

Tá sé “riachtanach” go mbeadh seirbhís bus ar fáil le freastal ar an dá cheantar Gaeltachta atá i gContae na Mí, Ráth Chairn agus Baile Ghib.

Eagraíodh cruinniú poiblí le déanaí chun seirbhís bus sa chontae a phlé agus bhí freastal maith air ag muintir an cheantair, idir thuismitheoirí agus ionadaithe poiblí.
Dúirt Róisín Ní Dhúshláine, príomhoide Choláiste Pobail Ráth Chairn go gcinnteodh seirbhís bus idir an dá phobal Gaeltachta go bhféadfadh daltaí leanúint lena gcuid scolaíochta trí Ghaeilge ag an dara leibhéal “agus go gcuideodh sin leis an teanga a neartú sa gcontae”.

Bhí na Teachtaí Dála de chuid pháirtí Shinn Féin sa gcontae, Johnny Guirke agus Darren O’Rourke i láthair chomh maith leis an gComhairleoir Contae Michael Gallagher agus an Comhairleoir Neamhspléach as Baile Átha Buí, David Gilroy.

Thacaigh na hionadaithe poiblí leis an éileamh go gcuirfí seirbhís bus ar fáil a nascfadh dhá cheantar Gaeltachta an chontae.
Tá tuismitheoirí i mBaile Ghib agus na príomhoidí i Scoil Ultain Naofa, Baile Ghib agus Coláiste Pobail Ráth Chairn ag iarraidh go mbeadh nasc leanúnach bus idir an dá cheantar Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Seirbhís bus ag teastáil le gur féidir le daltaí leanúint lena gcuid scolaíochta trí Ghaeilge sa Mhí'