Gá le ‘NPHET na Gaeltachta’ chun comhordú a dhéanamh ar pholasaí teanga

Dúradh ag cruinniú i dTithe an Oireachtais tráthnóna inné gur ag obair ‘i bhfolús’ a bhí na heagraíochtaí éagsúla a bhfuil baint acu le cás na Gaeltachta

Gá le ‘NPHET na Gaeltachta’ chun comhordú a dhéanamh ar pholasaí teanga

Páidí Ó Sé, bainisteoir ar Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne

Tá gá le “NPHET na Gaeltachta” chun comh-ordú a dhéanamh ar pholasaí teanga an Stáit.

B’in a dúradh ag an gcruinniú a bhí ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta tráthnóna inné.

Páidí Ó Sé ó chomhlachas na gcomharchumann Gaeltachta a mhol go
mbunófaí macasamhail na Foirne um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí le riar ar chás na Gaeltachta.

Dúirt Ó Sé, atá ina Bhainisteoir ar Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, go raibh gá le “NPHET na Gaeltachta” toisc go mbíonn na ranna agus na heagraíochtaí éagsúla a mbíonn plé acu leis an nGaeltacht ag obair i “silos” agus “i bhfolús”.

Tá gá ag muintir na Gaeltachta lena “vacsaín féin”.

Luaigh sé mar shampla amháin den easpa comhordaithe na heagraíochtaí éagsúla a mbíonn comharchumann Chorca Dhuibhne ag plé leo agus iad ag iarraidh a chinntiú go mbíonn múinteoirí a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge ar fáil do scoileanna an cheantair.
Mhol Ó Sé chomh maith go gcuirfeadh Roinn na Gaeltachta baill foirne ar ghrád príomhoifigigh chúnta ar dualgas sna ceantair Ghaeltacht, mar a bhíodh tráth.

Dúirt sé go raibh obair “iontach” ar siúl ag Roinn na Gaeltachta ach nach bhféadfá a bheith ag súil go mbeadh “mioneolas” ag daoine a bhí ag obair i gceannáras na roinne i gConamara ar an saol i gCorca Dhuibhne, mar shampla.

Dúirt Cathaoirleach Chomhlachas na gComharchumann agus na gComhlachtaí Pobalbhunaithe Gaeltachta Máirtín Ó Méalóid go raibh dul chun cinn déanta le roinnt blianta anuas maidir le maoiniú na n-eagras pobail Gaeltachta ach nach raibh na háiseanna ná an maoiniú acu fós chun an obair a bhí le déanamh acu a dhéanamh “i gceart”.

Bhí an iomarca “fuinnimh” á chur amú ag na heagraíochtaí Gaeltachta ag déanamh “buairt” faoi mhaoiniú seachas a bheith dírithe ar fad “ar obair forbartha chruthaitheach” a dhéanamh.

Dúirt Ó Méalóid, bainisteoir Chomarchumann Cléire, go mbíonn na comharchumainn agus na heagraíochtaí eile “ag troid bliain i ndiaidh bliana, i ndiaidh bliana” ar mhaithe le tuilleadh maoinithe a fháil nuair ba mhaith leo an t-am agus fuinneamh sin a chaitheamh ar an obair phobail.

Ba cheart mar thús, a dúirt sé, athrú a dhéanamh ar an gcóras a fhágann go mbíonn ar na heagraíochtaí iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú gach bliain.

Dúirt Máirtín Ó Méalóid chomh maith nach n-oireann an plean náisiúnta ó thaobh cúrsaí tithíochta don Ghaeltacht ná do na hoileáin.

“Tá sé cosúil le duine i mBerlin a bheith ag déanamh cinneadh faoi cheantar áirithe in Éirinn,” a dúirt Máirtín Ó Méalóid.

Fág freagra ar 'Gá le ‘NPHET na Gaeltachta’ chun comhordú a dhéanamh ar pholasaí teanga'