Gá le hathrú láithreach ar an gcóras pleanála teanga le go mairfidh an Ghaeilge sa Ghaeltacht – tuarascáil

Deirtear i dtuarascáil nua faoin bpleanáil teanga atá foilsithe ag Roinn na Gaeltachta go bhfuil ‘éigeandáil teanga’ sa Ghaeltacht agus go mbíonn ‘mearbhall agus frustrachas’ ar oifigigh pleanála teanga maidir lena ról

Gá le hathrú láithreach ar an gcóras pleanála teanga le go mairfidh an Ghaeilge sa Ghaeltacht – tuarascáil

Tá gá “le hidirghabháil phráinneach chuimsitheach” lena chinntiú go dtiocfaidh an Ghaeilge slán ón “éigeandáil” in a bhfuil sí sa Ghaeltacht, a deirtear i dtuarascáil nua faoin bpleanáil teanga.

Maítear san athbhreithniú neamhspleách ar na chéad deich bplean teanga go bhfuil an córas pleanála teanga lochtach agus go gcaithfear é a athrú láithreach.

Is gá aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil teanga sa Ghaeltacht sula mbeidh sé ródhéanach an Ghaeilge a thabhairt slán mar theanga phobail, a deirtear.

Chuige sin, tá gá, a deirtear, le cur chuige nó modus operandi na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a “athmhíniú” le go mbeadh sé oiriúnach le dul i ngleic le héigeandáil teanga na Gaeltachta.

Tuairiscítear sa tuarascáil, a choimisiúnaigh Roinn nGaeltachta agus  a foilsíodh inniu, go mbíonn “idir mhearbhall agus fhrustrachas” ar oifigigh pleanála teanga maidir leis an ról atá acu agus go mbíonn sé deacair obair pleanála “éifeachtach” a dhéanamh dá bharr.

“In ainneoin iarracht mhór na gceanneagraíochtaí… a bhfuil iarracht mhacánta déanta acu le cúrsaí a thiontú, tá siad ag iompar ualaigh nár cheart a bheith á iompar acu.

“Ní léir ón scagadh atá déanta againn ar chúrsaí sna LPTanna [Limistéir Pleanála Teanga], an neamhshuim, easpa tola, easpa tuisceana, ligean i ndearmad, moilleadóireacht nó mórfhaillí ó na heagrais tacaíochta agus poiblí is bunchúis leis sin, nó meascán dóibh, ach cibé rud é caithfidh sé athrú agus athrú gan a thuilleadh moille.”

Deir údar na tuarascála, Micheál Ó Duibh ón gcomhlacht Barr Feabhais, go bhfuil an Ghaeltacht i riocht “leochaileach” de dheasca easpa ceannaireachta.

“Gan an cheannaireacht agus an treoir láidir ón rialtas, rud a gealladh in S20 [An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge], fágfar na LPTanna [limistéir pleanála teanga] i riocht leochaileach, gan a bheith in ann castachtaí na pleanála teanga a bhainistiú leo féin agus iad ag brath ar chomhlachtaí seachtracha nach bhfuil na tosaíochtaí céanna acu.”

Deirtear go leagtar béim sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2020-2030 ar bhunú “struchtúr bainistíochta comhordaithe agus éifeachtach” ach nár cuireadh é sin “i bhfeidhm go hiomlán go fóill”.

“Dá bharr sin, tá na PTanna [pleananna teanga] tearcmhaoinithe agus gann go mór ar thacaíocht oifigiúil go fóill, rud a chuireann inbhuanaitheacht fhadtéarmach chuspóirí S20 [an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i mbaol.”

Luaitear sa tuarascáil neamhspleách scata laigí sa chóras pleanála teanga agus fadhbanna éagsúla a bhíonn ag oifigigh pleanála teanga. Deirtear go mbíonn easpa acmhainní agus maoinithe ag cur as go mór d’obair na n-oifigeach pleanála teanga, ach go bhfuil fadhbanna éagsúla eile ann leis, ina measc an doiléire a mhaítear atá ann maidir le ról agus freagrachtaí an oifigigh pleanála teanga.

Bhí éiginnteacht ann, a dúradh, faoi fhreagrachtaí na gceanneagraíochtaí, go háirithe i dtaca le réimsí “ar nós na meán, taighde agus seirbhísí poiblí”.

“Léiríodh buaireamh faoi leith faoi na róil agus na freagrachtaí ba cheart a bheith ag na hOifigigh Pleanála Teanga. Chonacthas dóibh go raibh easpa soiléireachta ann i leith theorainneacha na ról agus na bhfreagrachtaí sin. Léiríodh idir mhearbhall agus fhrustrachas mar thoradh ar an débhríocht sin.”

Dúirt na hoifigigh pleanála teanga a ghlac páirt sa taighde gur bhain an doiléire faoina ról dá gcumas “pleanáil a dhéanamh go héifeachtach”.

“De thoradh na heaspa soiléireachta sin, tá an baol ann go bhféadfadh gnéithe áirithe den phleanáil teanga imeacht ar seachrán mar gheall ar an éiginnteacht faoi cé acu eintiteas atá freagrach as tascanna ar leith,” a deirtear.

Moltar go ndéanfaí athbhreithniú ar na Treoirlínte Pleanála Teanga ionas go mbeidh lucht pleanála teanga na Gaeltachta “in ann díriú ar phríomhréimsí [oibre] a bhfuil neart acu orthu” agus “scaoileadh” le réimsí oibre eile, ar nós a bheith ag plé leis na meáin, leis an taighde agus le soláthar seirbhísí poiblí.

Deir an t-údar gur theip ar an státchóras bunaidhmeanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 202-2030 a chur i gcrích, úsáid na teanga a leathnú agus dearcadh daoine ina leith a athrú. Maítear gur fhág an teip sin a lorg ar an gcóras pleanála teanga.

“Faraor, de réir na gceanneagraíochtaí [pleanála teanga], theip glan ar go leor de na comhlachtaí poiblí atá freagrach as an chúram sin a stiúradh agus bhain sé sin, ar bhealach dochrach díobhálach an bonn ó na hiarrachtaí a rinne na ceanneagraíochtaí…na PTanna [pleananna teanga] a chur i bhfeidhm.”

Cáintear go láidir easpa tacaíochta an stáit do lucht pleanála teanga.

Deirtear go leagtar “béim mhór” sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar chomhoibriú “riachtanach” idir comhlachtaí poiblí, ach gur minic nach ann don chomhoibriú sin.

“Ach, i gcuid mhór cásanna, ba bheag fianaise a bhí ann go raibh an comhoibriú sin ar siúl. In ionad a ról a chomhlíonadh maidir le húsáid na Gaeilge a normalú agus í a chur chun cinn mar theanga phríomhshrutha, bhí go leor comhlachtaí rialtais ag caitheamh leis an Straitéis 20 Bliain mar straitéis thánaisteach, rud a d’fhág ualach na n-iarrachtaí pleanála ar choistí áitiúla gan na h-acmhainní ná an tacaíocht chuí a bheith ar fáil acu.”

Deirtear sa tuarascáil gur thug na ceanneagraíochtaí pleanála teanga a ghlac páirt sa taighde le fios gur údar mór buairimh dóibh nach mbíonn aon duine ar leith ag na húdaráis áitiúla a bhíonn “freagrach as an phleanáil teanga a chur i bhfeidhm”.

“Murab ionann agus réimsí beartais eile, ina gcinntíonn oifigigh ainmnithe comhlíonadh agus ailíniú straitéiseach, is cosúil nach ann dó sin i gcás na pleanála teanga,” a deirtear.

De réir na tuarascála, fágann an easpa sin, go mbíonn an phleanáil teanga “á tiomáint den chuid is mó ag eagraíochtaí seachtracha nó ag coistí deonacha” nach mbíonn “an t-údarás reachtúil ná na hacmhainní acu chun athruithe polasaithe a chur i bhfeidhm”.

Deirtear gur “téama” a tháinig aníos “arís agus arís eile” sa taighde ná “go raibh srian mór á chur ar éifeachtacht” na bpleananna teanga go léir mar gheall ar “ró-spleáchas” lucht pleanála teanga “ar eintitis sheachtracha nach raibh aon chumhacht ná smacht acu orthu”.

Maítear gur baineadh an bonn den chumhacht a bhí ag lucht pleanála teanga dá bharr.

Ní easpa “iarrachta, tola ná físe” lucht pleanála teanga ba bhunchúis leis an bhfadhb sin, a deirtear, ach “na bacainní sistéamacha ó na gníomhaireachtaí rialtais agus na hÚdaráis Áitiúla”.

“Ba mhinic gur theip ar na heintitis sheachtracha sin, a mbíonn a rannpháirtíocht ghníomhach riachtanach d’fheidhmiú rathúil pleananna teanga, tús áite a thabhairt don phleanáil teanga, in ainneoin na ndualgas soiléir atá leagtha amach i gcáipéisí beartais náisiúnta ar nós S20 [An Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge] agus i reachtaíocht ar nós Acht na dTeangacha Oifigiúla,” a deirtear.

Deir an t-údar nár mhór a rá nach raibh Roinn na Gaeltachta ná Údarás na Gaeltachta, atá i bhfeighil na pleanála teanga, i measc na gcomhlachtaí poiblí nár ghlac páirt ghníomhach sa chóras.

Chuir Aire na Gaeltachta Dara Calleary fáilte roimh fhoilsiú na tuarascála.

“Cé go bhfuil dúshláin áirithe aitheanta ag na comhairleoirí neamhspleácha a thug faoin athbhreithniú, is léir ó na torthaí go bhfuil ag éirí go maith leis an bpróiseas trí chéile.  Baineann roinnt mhaith de na moltaí le feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí sa Ghaeltacht agus, chuige sin, beidh mé ag cur an chéad Plean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge faoi bhráid an Rialtais an tseachtain seo,” a dúirt an tAire Dara Calleary.

Fág freagra ar 'Gá le hathrú láithreach ar an gcóras pleanála teanga le go mairfidh an Ghaeilge sa Ghaeltacht – tuarascáil'