Fuinneamh nua ag teastáil ó Ghaillimh, aistear fada roimh Mhaigh Eo agus drochthús ag an Spidéal i gcraobh na Gaillimhe

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar a raibh le foghlaim ó na cluichí móra idirchontae an deireadh seachtaine seo agus an chéad bhabhta den chraobh shinsir peile i nGaillimh

Fuinneamh nua ag teastáil ó Ghaillimh, aistear fada roimh Mhaigh Eo agus drochthús ag an Spidéal i gcraobh na Gaillimhe

Foireann iomána na Gaillimhe: Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Fuinneamh ag teastáil ó Ghaillimh

Buille a bheadh ann d’aon fhoireann imreoir chomh cumasach le Joe Canning a chailliúint agus dá mbeadh fear Phort Omna ar fáil do Ghaillimh i Staid an Phiarsaigh inné, b’fhéidir go mbeadh Loch Garman curtha de dhroim seoil acu ach ní raibh agus níor chuir.

Bhí imirt na Gaillimhe agus iad ar an ionsaí leamh go maith agus tá an fhoireann ag brath ar na fir chéanna i gcónaí chun fadhbanna a leigheas. Nuair a theastaigh ó Mhicheál Donoghue athrú a dhéanamh i measc na dtosaithe inné, thug sé isteach Jonathan Glynn agus Davy Glennon, beirt atá ag imirt don chontae le fada an lá.

Is imreoirí maithe iad beirt ach ardú meanma níos mó dá lucht leanúna a bheadh ann dá mbeadh imreoirí nua ag Gaillimh le tabhairt chun páirce. Tháinig Glynn agus Glennon isteach mar ionadaithe i gcluichí ceannais na hÉireann in 2012 agus tá Niall Burke agus Conor Cooney ar an bhfód chomh fada céanna. As an ochtar tosaithe a d’imir do Ghaillimh inné, ba é Brian Concannon an t-aon duine nua atá tagtha chun cinn le breis agus ceithre bliana anuas.

Ní fhéadfá an locht uilig a chur ar an mbainisteoir. Tá cluiche ceannais na hÉireann bainte amach ag na himreoirí seo faoi dhó le dhá bhliain anuas agus b’fhéidir nach bhfuil iománaithe níos fearr sa chontae faoi láthair.

Ó tharla nach bhfuil Canning ann le teacht i gcabhair orthu faoi láthair, bheifeá ag súil go dtiocfadh beocht iontu nó dúrúch éigin orthu nó beidh siad imithe as an gcraobh faoin am a mbeidh laoch na Gaillimhe ar ais ina dteannta.

Aistear fada deacair eile roimh Mhaigh Eo

Lee Keegan. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tá beagnach mí ag peileadóirí Mhaigh Eo le teacht chucu féin sula n-imreoidh siad sna babhtaí cáilithe agus b’fhearr dóibh an oiread scíthe agus is féidir a ligean mar nach mbeidh sos ná scíth acu ina dhiaidh sin.

Imreofar na cluichí i mBabhta 2 ar an 22/23 Meitheamh, beidh Babhta 3 ann ar an 29/30 Meitheamh agus ansin Babhta 4 ar 6/7 Iúil. Fiú má éiríonn le Maigh Eo é sin go léir a chur díobh, ní bheidh aon bhriseadh acu mar beidh an chéad chluiche de bhabhtaí an ‘tSár-Ochtair’ an tseachtain dár gcionn agus an dara chluiche seachtain ina dhiaidh sin arís.

Léiríonn an sceideal sin cé chomh tábhachtach agus atá sé craobh an chúige a bhuachan, nó ar a laghad an cluiche ceannais a bhaint amach.

Ba léir ar imreoirí Mhaigh Eo díreach cé chomh crua agus a bhí na babhtaí cáilithe anuraidh. Nuair a chliseadar i gcoinne Chill Dara sa Droichead Nua, bhí siad go hiomlán spíonta ag deireadh an chluiche agus ní in óige a chuaigh an fhoireann ó shin.

Cluiche crua le teacht sna babhtaí cáilithe

Bainisteoir Fhear Manach, Rory Gallagher. Pictiúr:INPHO/Tommy Dickson

Imreofar Babhta 1 na gcluichí cáilithe faoi cheann coicíse agus tá a fhios againn go bhfuil cuid de na foirne móra i mbaol cheana féin. Tar éis do Mhuineachán cailliúint i gcoinne an Chabháin, caithfidh siad anois aghaidh a thabhairt ar Fhear Manach, foireann a fuair an ceann is fearr orthu i gcraobh na bliana seo caite.

Chlis Tiobraid Árann i gcoinne Luimnigh i gcraobh na Mumhan agus beidh deireadh leo i mbliana mura bhfuil siad in ann an ceann is fearr a fháil ar an Dún an mhí seo chugainn. Bhí cuma mhaith ar an nDún i gcoinne Ard Mhacha cúpla seachtain ó shin agus chun rudaí a dhéanamh níos deacra do Thiobraid Árann, beidh orthu dul go Páirc Esler.

Babhta 1 na gcluichí cáilithe:

An Lú v Aontroim; Tiobraid Árann v An Dún; Liatroim v Cill Mhantáin; Loch Garman v Doire; Uíbh Fhailí v Londain; Muineachán v Fear Manach; Ceatharlach v Cill Dara/An Longfort; An Iarmhí v Port Láirge.

Drochthús ag an Spidéal i gcraobh na sinsear i nGaillimh

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tar éis dóibh craobh idirmheánach peile na Gaillimhe a bhuachan anuraidh, chuir peileadóirí an Spidéil drochthús lena bhfeachtas sa chraobh shinsir agus fuair Naomh Micheál an ceann is fearr orthu Dé Sathairn. Bua dhá phointe a bhí ag an gcumann as cathair na Gaillimhe, 1-9 in aghaidh 0-10. Keith Ward a d’aimsigh an cúl cinniúnach ó chic éirice sa dara leath.

Tá Bearna sa ghrúpa céanna leis an Spidéal sa chraobh shinsir ach d’éirigh níos fearr leosan mar chríochnaigh an cluiche eatarthu féin agus Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach ar comhscór.

Chas Naomh Anna, Leitir Móir ar chumann cathrach eile, Naomh Séamus, sa chéad bhabhta agus buaileadh foireann cheantar na n-oileáin, 3-14 in aghaidh 0-8. Ba é imreoir na Gaillimhe, Paul Conroy, laoch na himeartha agus 1-5 aimsithe aige sa chéad chluiche a d’imir sé ó bhris sé a dhá chos in aghaidh Chiarraí anuraidh.

Ba iad an Cheathrú Rua agus Maigh Cuilinn an t-aon dá fhoireann Ghaeltachta ar éirigh leo a gcluichí a bhuachan an deireadh seachtaine seo. Bhuaigh an Cheathrú Rua ar Chathair Loistreáin a bhuíochas de chúil a d’aimsigh Paudie Mac Cormaic agus Oisín Ó Gríofa sa chluiche a chríochnaigh ar scór 2-7 in aghaidh 1-7.

Bhuaigh Maigh Cuilinn ar a gcomharsana, Cill Aithnín, i gcluiche spleodrach inné. Ní raibh ach aon phointe amháin idir na foirne ag deireadh na himeartha, 4-6 in aghaidh 1-14, agus an beart déanta ag Maigh Cuilinn d’ainneoin iad d’uireasa beirt dá n-imreoirí contae, Seán Kelly agus Peter Cooke.

Fág freagra ar 'Fuinneamh nua ag teastáil ó Ghaillimh, aistear fada roimh Mhaigh Eo agus drochthús ag an Spidéal i gcraobh na Gaillimhe'