Fostaítear Oifigeach Gaeilge i gComhairle Contae Chiarraí láithreach

Tá oifigigh pleanála teanga agus eagraíochtaí Gaeltachta ag iarraidh go líonfaí folúntas atá i gComhairle Contae Chiarraí le bliain

Fostaítear Oifigeach Gaeilge i gComhairle Contae Chiarraí láithreach

Tá oifigigh pleanála teanga agus eagraíochtaí Gaeltachta i gCiarraí ag éileamh ar Chomhairle Contae Chiarraí Oifigeach Forbartha Gaeilge a cheapadh “gan mhoill”.

Tá folúntas d’oifigeach Gaeilge ag an gComhairle le bliain anuas.

Sa litir a seoladh chuig Moira Murrell. Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chiarraí, deirtear gur cheart don gComhairle duine a fhostú láithreach “chun an próiseas pleanála teanga mar atá sonraithe in Acht na Gaeltachta, 2012 a choimeád sa tsiúl agus na cearta teanga fé Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a dheimhniú i gContae Chiarraí”.

Deirtear go bhfuil práinn leis an éileamh chomh maith i bhfianaise chinneadh an Choimisinéara Teanga in 2020 gur sháraigh Comhairle Contae Chiarraí an dlí pleanála nuair nár cuireadh i bhfeidhm coinníoll teanga a bhí ag dul le cead pleanála do scéim tithíochta i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Deir lucht scríofa na litreach gur gá Gaeilge líofa a bheith ag an té a cheapfar mar oifigeach Gaeilge na Comhairle ionas go bhféadfadh sé nó sí cumarsáid réidh a bheith aige nó aici “le pobal Gaelainne Chiarraí ar aon cheist is cuma cé chomh teicniúil agus a d’fhéadfadh an cheist a bheith”.

Ba ghá, a deirtear, go mbeadh an t-oifigeach Gaeilge ina bhall de bhord bainistíochta Chomhairle Contae Chiarraí.

Tá an litir sínithe ag John Prendergast, Oifigeach Pleanála Teanga, Tobar Dhuibhne; Victor Bayda, Oifigeach Pleanála Teanga, Brí Uíbh Ráthaigh; Aoife Ní Chonchúir, Trá Lí le Gaeilge, BSG Trá Lí; Páidí Ó Sé, Bainisteoir Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne; Áine Uí Bheoláin, Bainisteoir Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh; agus Pádraig Mac Fhearghusa, Fóram Pobal Gaelainne agus Gaeltachta Chiarraí.

Tá cur chuige Chomhairle Contae Chiarraí i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta i mbéal an phobail le tamall mar gheall ar an scéala gur tugadh ainm nach bhfuil aon chiall leis ar fhorbairt nua 20 teach sa Daingean.

Tháinig sé chun solais chomh maith gur i mBéarla a rinneadh an measúnú ar chumas Gaeilge iarrthóirí ar thithe san eastát nua, ‘Pairceanna na Glas’.

Fág freagra ar 'Fostaítear Oifigeach Gaeilge i gComhairle Contae Chiarraí láithreach'

  • Seán Ó Donnchaidh

    De réir dealraimh, níl sé de dhualgas ar aon gComhairle Contae Oifigeach Gaeilge a cheapadh ar chor ar bith.
    Is féidir le Comhairle Contae duine gan focal Gaeilge ar bith ar a gcumas acu, a cheapadh mar Oifigeach Gaeilge -agus sin díreach mar a rinne siad i gContae in Oirthir na tíre.
    Ní féidir leis an gCoimisinéir faic a dhéanamh faoi.
    Seift ghlic is ea é – seachas folúntas a fhágáil, cur duine aon-teangach isteach agus is féidir leat a rá go bhfuil an post líonta.