Fonn ar Chiarraí a bheith cruaite chun catha

Níl aon amhras im’ aigne ná go bhfuil mapa bóthair leagtha amach dá bhuíon ag Jack O’Connor as seo go deireadh an earraigh

Fonn ar Chiarraí a bheith cruaite chun catha

A leithéid de sheachtain caide agus iomána i gCiarraí! Is geall le féile sráide i dTrá Lí é an tseachtain seo agus cluichí ceannais caide agus iomána na gcoláistí tríú leibhéal á n-imirt i bpáirceanna imeartha an bhaile. Dé Sathairn seo caite is ea a imríodh cluiche ceannais Chorn Uí Mhuirí ag an dara leibhéal agus bhí, don gcéad uair riamh, dhá mheánscoil ó Thrá Lí sa chluiche ceannais.

Tá cumann lucht trádála Thrá Lí agus na haon ghnó ar an mbaile luite amach orthu féin le seachtain ag cur na mbratacha ar foluain is ag maisiú ar dalladh d’fhonn a léiriú don uile dhuine gur ar an mbaile seo (agus ní i gCill Airne) atá an seó mór nuair a thagann sé go dtí caid oíche Shathairn agus gur ar an mbaile seo céad bliain ó shin a leagadh an bhunchloch do stair fhada uasal an chluiche ársa sa chontae.

Siad foireann Átha Cliath an cíoná is an curadh agus beidh siad féin agus Ciarraí le chéile seachtain ón lá inniu fé shoilse Pháirc a’ Chrócaigh ach más seó mór, gleo agus gleithearán atá uait an tráth seo den mbliain, is beag dream atá inchurtha le muintir Mhaigh Eo.

Bhí san le feiscint arís i gCaisleán an Bharraigh tar éis a gcluiche i gcoinnibh Átha Cliath coicíos ó shin. Ba dhóigh leat leis an ainnise ar fad atá gafa chucu le blianta fada go mbeadh a gceacht foghlamtha ag lucht leanúna Mhaigh Eo ach is amhlaidh go ramhraíonn siad anois ar na haon bhua, beag nó mór, agus gur cuma cén t-am den mbliain a ghaibheann sé chucu.

Táid tagtha ina sluaite le cúpla lá anuas agus tá na haon lóistín i mbaile Thrá Lí agus i ngach sráidbhaile soir agus siar uaidh tógtha suas acu don ndeireadh seachtaine. Nílid siúd atá sáite i dtionscal na hóstaíochta is na turasóireachta ag gearán ach an oiread. Nuair a chuimhnítear ar an dtuarascáil a tháinig amach ón bPríomh-Oifig Staidrimh an tseachtain seo a léiríonn go bhfuil teacht isteach 10% fé bhun an mheáin náisiúnta i gCiarraí agus go bhfuil duine as gach ceathrar i mbaile Thrá Lí féin áirithe mar dhuine díothach, is furaist aithint canathaobh go mbeidís scoite chun seó is chun gleo.

Thuig lucht sacair na Brasaíle riamh an nasc a bhí idir díothacht agus dlúthpháirtíocht na treibhe agus ná ceilimis a lá bán ar mhuintir Thrá Lí ach an oiread!

Fan go gcífidh siad cad atá chuchu, áfach. Dála a lucht leanúna, ní féidir léamh ar imreoirí Mhaigh Eo ach an oiread. Sa chluiche sin in aghaidh na Dubs coicíos ó shin bhíodar ceithre phointe chun deiridh tar éis 20 nóimeat.

De dhroim allais agus saothair, d’éirigh leo teacht ar chomhtharrac agus gan ach 10 nóimeat fágtha san imirt agus as san go deireadh a nochtadh na tréithe go léir a luafá le Maigh Eo mar phobal is mar chontae.

Nuair a bhí trí cinn d’iarrachtaí curtha amú ag Maigh Eo, dhá iarracht ghearra isteach i lámha an bháideora san áireamh, ba dhóigh leat go rabhadar ar a gcroí díchill ag iarraidh an cluiche a chailliúint. Ansan, gan ach leathnóimeat fágtha, cuireadh caid fhada fhiarsceamhach isteach sa chúinne i dtreo Ryan O’Donoghue. D’éirigh leis cic saor a mhealladh a dh’oirfeadh don gcois chlé. Tá Kevin McLaughlin éirithe as agus bhí Aidan O’Shea tógtha den bpáirc faoin dtráth seo agus ní raibh éinne ag Maigh Eo chun an chiotóg a chaitheamh léi agus tabhairt fé scór ón gcúinne ar dheis. Níor bhaol dóibh, áfach, mar bhí O’Donoghue ina bheathaigh agus le blúire iontach dánaíochta, scaoil sé an chaid sall i dtreo Fergal Boland agus thug fear an Achaidh Mhóir fé phointe an bhua. B’in é an t-aon iarracht fhónta ón dá fhoireann in imeacht deich nóimeat caide – tréimhse imeartha a bhí leacht go maith ar uairibh ach mealltach mar sin féin.

Maidir le Ciarraí, cé ná déarfaidh siad é, ba mhaith leo cluiche na hoíche anocht a bhuachtaint. Bheadh tochas agus bailitheacht bheag i gcónaí iontu de dheasca an dá bhabhta a bhuaigh Maigh Eo, idir shraith is chraobh, anuraidh orthu. Ní cleas é go ndeintear trí huaire é agus shamhlóinn go mbeadh Ciarraí ana-dhíomách muna mbuafaidís an babhta is déanaí idir na foirne.

Bí siúráilte, leis, ná teastóidh uathu an t-aon dá chluiche sraithe a bheidh i dTrá Lí i mbliana acu a chailliúint. D’fhágadar pointe sraithe ina ndiaidh i gcoinne Dhoire agus, arís, cé go mb’fhéidir ná géillfidh siad é, sin í an chúis go mbrostaíodh beirt deartháireacha Clifford thar n-ais do bhabhta 2 in aghaidh Mhuineacháin.

Ó bheith ag éisteacht leis i rith na seachtaine, níl aon amhras im’ aigne ná go bhfuil mapa bóthair leagtha amach dá bhuíon ag Jack O’Connor as seo go deireadh an earraigh agus deinim amach go bhfuil áit i gcluiche ceannais na sraithe mar chloch mhíle ar an mbóthar céanna aige. Beidh fonn orthu go dtástálfaí a ndintiúirí ó thalamhanocht  agus ní baol dóibh ach go ndéanfar. Deinim amach go dtiocfaidh Ciarraí tríd an dtástáil chéanna, áfach, agus go mbeidh siad cruaite chun catha dá bharra.

Fág freagra ar 'Fonn ar Chiarraí a bheith cruaite chun catha'