Foirgneamh buan an sprioc do Ghaelscoil i mBaile Átha Cliath agus cinneadh ‘seafóideach’ ar ceal

Tá fáilte curtha roimh an scéala nach bhfuil an Roinn Oideachais chun dul ar aghaidh leis an moladh Gaelscoil Laighean a athlonnú

Foirgneamh buan an sprioc do Ghaelscoil i mBaile Átha Cliath agus cinneadh ‘seafóideach’ ar ceal

Tá tuismitheoirí Gaelscoile i mBaile Átha Cliath réidh le luí isteach ar a bhfeachtas chun suíomh buan a fháil don scoil.

Chinn an Roinn Oideachais gan Gaelscoil Laighean a bhogadh amach ón ionad ina bhfuil sí lonnaithe faoi láthair ar an gCarraig Dhubh.

Bhagair cuid de thuismitheoirí dhaltaí na scoile agóid suí a eagrú mura rachadh an Roinn Oideachais i mbun cainte le pobal na scoile faoin scéal agus bhí díospóireacht faoin gcás sa Seanad.

Deir tuismitheoirí gur “mór an faoiseamh” an cinneadh do phobal na scoile ach go bhfuiltear fós ag fanacht ar fhógra ón Roinn faoi shuíomh buan don scoil.

Tarraingíodh conspóid an mhí seo caite nuair a d’fhógair an Roinn Oideachais go rabhthas chun Gaelscoil Laighean a bhogadh ón ionad sealadach ina bhfuil siad ar an gCarraig Dhubh go dtí ionad sealadach eile i nDún Laoghaire.

Bhí tuismitheoirí thar a bheith míshásta leis an gcinneadh an scoil a lonnú i gceantar eile agus maíodh go mbeadh ar roinnt tuismitheoirí a ngasúir a chur chuig scoileanna Béarla toisc nach mbeidh siad in ann freastal ar an ionad nua a bhí beartaithe ag an Roinn.

Tá fógartha ag an Roinn Oideachais anois, áfach, go bhfanfaidh Gaelscoil Laighean san fhoirgneamh ina bhfuil siad faoi láthair ar Lána na Cille i nGráinseach an Déin don scoilbhliain seo chugainn.

Chuir an Seanadóir de chuid Fhine Gael Barry Ward, a phléigh cás na scoile sa Seanad, fáilte roimh an scéal nach bhfuil an Roinn chun dul ar aghaidh leis an “moladh seafóideach” an scoil a athlonnú.

Deir an Foras Pátrúnachta, pátrún Ghaelscoil Laighean, go bhfuil an t-ionad ina bhfuil siad faoi láthair róbheag don scoil ach dúradh nach raibh an t-ionad nua mórán níos mó agus cáineadh an cinneadh an scoil a chur i bhfoirgneamh nach raibh aon chlós ar fáil do na gasúir ann.

Dúirt an Seanadóir Barry Ward go raibh an suíomh eile go “mí-oiriúnach ar fad”.

“Tá sé mar aidhm ag Gaelscoil Laighean freastal ar chomhphobal na Carraige Duibhe-Bhaile an Bhóthair: tá Dún Laoghaire lasmuigh dá habhantrach agus moladh seafóideach a bhí ann í a bhogadh go Ascaill Eblana.”

Deir Ward gurb í an chéad sprioc eile ná ionad buan a fháil don scoil sa cheantar.

“Toisc gur féidir linn a bheith cinnte anois go bhfanfaidh Gaelscoil Laighean in abhantrach na Carraige Duibhe-Bhaile an Bhóthair, caithfimid tús áite a thabhairt do chóiríocht bhuan fhad-téarmach a aimsiú laistigh den cheantar sin, agus riachtanais dhaltaí agus thuismitheoirí na scoile a chur san áireamh.”

Dúirt an Foras Pátrúnachta le Tuairisc cheana go raibh an Roinn i mbun plé mar gheall ar shuíomh buan don scoil ach nach féidir na sonraí a bhaineann leis an bplé sin a roinnt go fóill.

Fág freagra ar 'Foirgneamh buan an sprioc do Ghaelscoil i mBaile Átha Cliath agus cinneadh ‘seafóideach’ ar ceal'