Foighne an taiscéalaí a theastaíonn uainn sa phaindéim seo…

Níorbh aon rud neamhghnách é i ré na taiscéalaíochta san Artach agus san Antartach go ndéarfaí leis an taiscéalaí go gcaithfeadh sé fanacht bliain eile

Foighne an taiscéalaí a theastaíonn uainn sa phaindéim seo…

Dá gcloisfeadh muid ‘Seans go mbeimid sa tsáinn seo bliain nó dhó eile, caithfimid a bheith foighdeach,’ céard a déarfadh muid? An mbeadh foighid againn?

Níorbh aon rud neamhghnách é i ré na taiscéalaíochta san Artach agus san Antartach go ndéarfaí é sin leis na fir a bhíodh páirteach sna turais éachtacha sin. Dá gcaillfidís a seans bogadh amach as an oighear samhradh amháin, bheadh orthu fanacht go dtí an chéad séasúr eile agus an deis a thapú nuair a leáfadh sé éalú as an tsáinn.

Ba mhinic iad imithe ón mbaile ar feadh na mblianta, ag seoladh in uiscí fuara, trí stoirmeacha oighir, gan mapaí cearta, iad ar thóir sprioc nár aimsíodh riamh roimhe – an Mol Thuaidh, an Mol Theas, an ‘Pasáiste Thiar Thuaidh’ agus a leithéidí.

Ceapadh go mbeadh feidhm an-úsáideach leis an bPasáiste Thiar Thuaidh, toisc go mbeadh longa trádála in ann turas fada farraige a sheachaint ag taisteal go dtí oirthear an domhain.

Na laethanta seo, ní haon ábhar iontais é go mbeadh turais ar bháid mhóra phléisiúir ag fógairt saoire ag dul tríd an ‘Pasáiste’ le linn shéasúr gearr an tsamhraidh san Artach. A bhuíochas sin don athrú aeráide. Ach ní raibh aon rath ar na tréaniarrachtaí a rinne mairnéalaigh agus taiscéalaithe na Breataine san 18ú agus 19ú haois. Bhí na bealaí a cheap siad a bheith ann dúnta docht daingean le hoighear.

Go deimhin, ceapadh go mba éacht é, an turas báid a rinne mairnéalaigh faoi stiúir Jarlath Cunnane as Cathair an Mart agus Paddy Barry nuair a sheol siad tríd an dá Phasáiste mór-le-rá, Thiar Thuaidh agus Thoir Thuaidh in 2005. Cé go raibh an t-athrú aeráide ag dul i bhfeidhm ar an oighear, fós féin ba thuras ríchontúirteach a bhí ann.

Nuair a d’fhág Sir John Franklin agus criú an dá long, Erebus agus Terror sa mbliain 1845 agus iad ar thóir an ‘Phasáiste Thiar Thuaidh’ níorbh aon iontas go raibh Éireannaigh ina measc. B’fhearr i bhfad seal san oighear agus pá rialta ón Aimiréalacht ná cruatan an ghorta sa mbaile.

Dúradh faoin iarracht áirithe seo, go raibh sé ar an turas taiscéalaíochta ab fhearr a bhí maoinithe riamh. Bhí bia a sheasfadh na blianta ar bord acu – go deimhin, thugadar tréad eallach leo i measc an iliomad cineál eile bia.

Mhair cáil turas Franklin ar feadh na nglúnta. Bhí mistéir ollmhór ag baint leis toisc nár tháinig duine ná deoraí slán. 

Go hiondúil ar thurais den chineál sin, choinnigh na hoifigigh dialanna agus scríobhaidís leabhair faoin méid a tharla agus faoi na hiontais a fuair siad, nuair a thagaidís abhaile. I gcás Franklin, ní hé amháin nár thángadar abhaile, ach ní raibh aon fhianaise scríofa ann faoinar tharla dóibh. Bhí an Terror agus an Erebus imithe go tóin poill, níorbh fhios cén fáth ná cá háit.

Rinneadh iarrachtaí go leor dul ar a dtóir – bhí an tÉireannach Francis Leopold McClintock ar dhuine de na captaein loinge a chuardaigh na longa agus bhí seisean é féin imithe ar feadh dhá bhliain.

Anois agus arís thar na mblianta, thángthas ar rian anseo is ansiúd – uaigheanna, cnaipí, cannaí stáin agus rudaí fánacha eile. Ba léir go ndearna cuid de na fir ar a laghad, iarracht dul de shiúl na gcos thar an oighear, ag lorg cabhrach. 

Tháinig réimse ollmhór leabhar amach i rith na mblianta ag iarraidh ciall a dhéanamh den tragóid. Is cuimhin liom ceann a léamh blianta fada ó shin a rinne amach go bhfuair cuid díobh bás toisc go raibh fabht éigin ar na cannaí agus go raibh nimh luaidhe iontu.

Le gairid taispeánadh an tsraith teilifíse The Terror, a raibh Ridley Scott mar léiritheoir feidhmeach air. Bhí mo sheanmhéit Ciaran Hinds i bpáirt Sir John Franklin agus Jared Harris (mac le Richard) i bpáirt Sir Francis Crozier. Rinneadh amach gur mó i bhfad an taithí agus an scil a bhí ag Crozier, captain an ‘Terror’, ná mar a bhí ag Franklin agus dá n-éistfeadh Franklin leis go mb’fhéidir go dtiocfaidís slán. Ba as Droichead na Banna i gcontae an Dúin é Crozier.

Is iomaí Éireannach, nó duine de bhunús na hÉireann, a fheictear i scéalta na taiscéalaíochta – tá go leor cloiste againn anois faoi Tom Crean as Abhainn an Scáil, a sheol in éindí le Ernest Shackleton as Co Chill Dara. Bhí Crean in éindí leis ar an ‘Endurance’ nuair a chuaigh an long i bhfostú san oighear amach ón Antartach i dtús an fichiú haois. 

D’éirigh le buíon bheag díobh sin dul chomh fada le hoileán na Seoirsia agus uaidh sin go Meiriceá Theas. Ina dhiaidh sin féin thóg sé i bhfad ar Shackleton na fir a d’fhág sé ina dhiaidh san Antartach a shábháil. (Fear eile a dúirt ‘Beidh sibh bliain eile sa tsáinn seo… bígí foighdeach.)

Ach ní raibh sé ar chumas na bhfear a bhí sáinnithe le longa John Franklin in 1845, an t-éacht céanna a dhéanamh, áfach. Bhíodar rófhada ó fharraigí oscailte, agus i bhfad rófhada ó bhailte agus ó dhaoine. Casadh cuid de mhuintir na nIonúiteach orthu, ach toisc nach raibh aon rud i scríbhinn, glacadh leis nach raibh aon fhianaise ann faoinar tharla.

Ceaptar go bhfuair Franklin bás luath go maith sa scéal nuair a chuaigh an dá long i bhfostú san oighear. Fuair fir eile bás de réir a chéile agus déantar cur síos ar chuid de na scéalta sa tsraith teilifíse. Ar ndóigh is ficsean cuid mhaith den scéalaíocht sa tsraith.

Le cúpla bliain anuas, tá taighdeoirí i gCeanada, le cabhair ó bhéaloideas nó stair bhéil na nIonúiteach, tar éis dul chun cinn iontach a dhéanamh chomh fada agus a bhaineann leis an dá long. Le cabhair ón teicneolaíocht is nua-aimseartha ar fad, tá creatlacha an dá long, Erebus agus Terror, aimsithe gar d’oileán Rí Liam. (Tá an ‘sonar’ a d’úsáid siad cosúil leis an modh oibre a bhíonn in úsáid anseo ag INFOMAR agus iad ag mapáil ghrinneall na farraige. 

Chuir an phaindéim stop lena gcuid pleananna dul ag tumadh ar na longa an samhradh seo caite agus níltear cinnte an mbeidh siad in ann an samhradh seo ach oiread. Ach tá siad ag súil dul síos arís chomh luath agus a cheadaítear é sin. Tá caolseans ann, dá mba rud é gur scríobhadh nótaí nó dialann agus gur cuireadh iad i mbosca nó taisceadán daingean uiscedhíonach, go mb’fhéidir go scaoilfí rún na tragóide a bhain do Sir John Franklin agus an 128 fear a sheol leis ar an turas mí-ámharach sin.

Ach caithfidh siad a bheith foighdeach – agus fanacht bliain eile.

Fág freagra ar 'Foighne an taiscéalaí a theastaíonn uainn sa phaindéim seo…'