Fogha Chorcaí faoi chrainn taca Luimnigh, loicthe ar radar TJ in uair na cinniúna agus scéalta eile an deireadh seachtaine

Caitheann Tuairisc súil siar ar na scéalta móra ó dheireadh seachtaine mór sna cluichí Gaelacha

Fogha Chorcaí faoi chrainn taca Luimnigh, loicthe ar radar TJ in uair na cinniúna agus scéalta eile an deireadh seachtaine

Fogha Chorcaí faoi chrainn taca Luimnigh

Léirigh an chéad phointe ag Corcaigh sa chluiche leathcheannais, nuair a chuaigh Robert Downey ar ruathar trí lár na páirce agus triúr cosantóirí fágtha ina dhiaidh aige, go raibh sé de mhisneach ag Corcaigh tabhairt faoi Luimneach ón tús, mar a rinne sa chluiche eatarthu níos luaithe i mbliana i gCraobh na Mumhan.

Bhí líne lánchúil Luimnigh faoi bhrú agus Barry Nash ar iarraidh agus Seán Finn díreach ag filleadh ó ghortú agus bhain Corcaigh lántairbhe as aon laige a bhí ann. Ní raibh Mike Casey in ann coinneáil le Brian Hayes don chúl agus fiú nuair a cuireadh Finn á mharcáil, fós bhí Hayes in ann tionchar a imirt ar an gcluiche.

Bhí an dul chun cinn a rinne Corcaigh sna háiteanna ina mbíonn Luimneach láidir i gcónaí cinniúnach sa chluiche. Is iarImreoir na Bliana é Diarmuid Byrnes ach fuair Séamus Harnedy an ceann is fearr air Dé Domhnaigh agus ceithre phointe aimsithe ag fear Chorcaí.

Tá ardmholadh faighte ag Declan Hannon freisin as an tionchar a bhí aige ar ghaiscí Luimnigh le blianta beaga anuas ach, seachas a bheith ag suí siar i lár na cosanta mar a bhíonn de ghnáth, bhí ar Hannon Shane Barrett a leanúint ar fud na háite ar an Domhnach agus gan captaen Luimnigh in ann ag fuinneamh Barrett.

Fathach é Will O’Donoghue freisin ag Luimneach i lár na páirce ach rinne Darragh Fitzgibbon scrios sa chuid sin den pháirc agus baineadh O’Donoghue den pháirc agus 20 nóiméad fágtha, rud nach bhfeictear ach go fíorannamh.

Is beag a ghéill Corcaigh sa chosaint ach an oiread agus cé go raibh Seán O’Donoghue agus Niall O’Leary fágtha faoi bhrú mór uaireanta, go háirithe O’Donoghue agus é ag iarraidh greim a choinneáil ar Aaron Gillane, bhuaigh an bheirt coimhlintí tábhachtacha nuair ba ghá.

 

Mark Rodgers. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Éacht déanta ag TJ ach loic sé in uair na cinniúna

Bhí daoine sa slua fós ag déanamh a mbealaigh i dtreo a gcuid suíochán i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn nuair a sheol TJ Reid poc saor thar an trasnán chun Cill Chainnigh a chur chun tosaigh ar chontae an Chláir agus gan ach 40 soicind caite sa chéad chluiche leathcheannais iomána a imríodh ag an deireadh seachtaine.

Bíodh siad ina suí nó ina seasamh i bPáirc an Chrócaigh ag an am, bhí éacht stairiúil feicthe ag an slua agus d’fhág an scór sin go raibh Reid ar an gcéad imreoir a d’aimsigh 700 pointe, idir chúil agus phointí, i stair na craoibhe.

Ní bhainfear an gaisce sin uaidh go deo ach idir seo agus na seachtainí agus míonna amach romhainn, seans gur ar phocanna saora eile a thóg sé sa chluiche a beidh Reid ag smaoineamh.

Bhí an Clár in uachtar sa dara leath den chluiche leathcheannais ach, agus pointí aimsithe ag John Donnelly ón imirt agus ag Reid ó phoc saor agus ceathrú uaire fágtha, bhí Cill Chainnigh ceithre phointe chun tosaigh, 2-16 in aghaidh 0-18. Theip ar Chill Chainnigh cur lena gcuid san am a bhí fágtha, áfach, agus sé phointe as a chéile aimsithe ag an Chlár chun an lá a thabhairt leo.

Bhí deiseanna ag na Cait, agus ag Reid go háirithe, stop a chur le rúid na gCláiríneach ach níor tapaíodh iad.

Sa 60ú nóiméad, thit poc saor chuige óna leath féin i mbéal an chúil. Sa 66ú nóiméad, agus an Clár tagtha ar ais ar comhscór, bhí deis eile ó i bhfad amach ag Reid chun Cill Chainnigh a chur chun tosaigh arís ach d’imigh an iarracht sin ar chlé agus ar fóraoil.

Sa 70ú nóiméad, agus an Clár imithe pointe chun tosaigh faoin am seo, a bhí an deis ab fhearr ag Reid. 55m amach ón gcúl agus é buailte leis an taobhlíne faoi scáth Ardáin Uí Ógáin, ní deis éasca a bhí inti ach tá pointí aimsithe ag Reid ón áit sin arís agus arís agus arís eile do Chill Chainnigh. D’ardaigh sé an sliotar an uair seo ach bhí a bhuille curtha rófhada ar chlé aige agus an ghaoth imithe as seolta Chill Chainnigh.

D’aimsigh Patrick Horgan a 700ú pointe lá arna mhárach cé gur thóg sé níos faide air ná an 40 soicind a thóg sé ar Reid. Is léir go raibh an t-éacht ar intinn Horgan sa chéad leath agus trí cinn de phocanna saora curtha amú aige, an ceann deireanach acu agus gan é ach 25m amach ón gcúl.

Rinne sé an beart faoi dheireadh luath sa dara leath, agus bhí ceithre phointe eile aimsithe aige as sin go deireadh. Fágann an rath sin nach mbeidh air ach trí phointe a aimsiú i gcluiche ceannais na hÉireann chun áit Reid a thógáil mar an té is mó a d’aimsigh pointí riamh sa chraobh. Agus 17 séasúr imeartha ag an mbeirt acu go dtí seo, ní mór na deiseanna eile a bheidh acu le cur lena n-iomlán.

 

Jessica Tobin agus Olwen Carey. Pictiúr: INPHO/Leah Scholes

Craobh peile na mban chomh hoscailte le ceann na bhfear

Ní hiad curaidh na hiomána amháin a d’fhág slán lena gcraobh an deireadh seachtaine seo, mar gan choinne, fágadh peileadóirí ban Átha Cliath cloíte i mbabhtaí ceathrú ceannais na hÉireann oíche Dé Sathairn.

Mar a tharla i gcás na bhfear, Gaillimh a fuair an ceann is fearr ar Áth Cliath théis coimhlint chrua i bPáirc Parnell ina raibh am breise ag teastáil chun na foirne a scaradh óna chéile. Ba í Aoife O’Rourke a d’aimsigh an cúl cinniúnach agus trí nóiméad den am breise fágtha agus an deis cruthaithe ag Nicola Ward, a bhí ina laoch ag na Gaillimhigh.

Cúig cinn de chraobhacha a bhuaigh mná Átha Cliath le seacht mbliana anuas agus fágann an bua mór a bhí ag Ciarraí ar chontae na Mí ar an Satharn freisin nach as cúige Laighean a thiocfaidh buaiteoirí na craoibhe den chéad uair ó 2016.

Mar aon le craobh peile na bhfear, fágann sárú Átha Cliath go bhfuil an chraobh thar a bheith oscailte agus deis ag na ceithre fhoireann atá fágtha an corn a bhaint.

Is iad na Ciarraígh rogha na coitiantachta, mar atá i gcás na bhfear chomh maith, tar éis dóibh cluichí ceannais a chailliúint le dhá bhliain anuas ach ní bheidh aon fhaitíos ar Ard Mhacha rompu tar éis dóibh Maigh Eo a chloí go cumasach Dé Domhnaigh fiú agus Aimee Mackin ar iarraidh.

Ní raibh cuma ná caoi ar Ghaillimh ná ar Chorcaigh i rith na sraithe agus an dá chontae díbeartha ó Roinn 1 ach níl ach 60 nóiméad anois idir iad féin agus áit i gcluiche ceannais na hÉireann agus dearmad déanta ar dheacrachtaí an earraigh.

Mná na gcamán ag seasamh an fhóid d’Áth Cliath

Is í an fhoireann chamógaíochta an t-aon cheann atá fágtha ag Áth Cliath i gcraobh go fóill an samhradh seo ach údar suntais an taispeántas is fearr ag an deireadh seachtaine nuair a bhuaigh mná na hardchathrach ar Chill Chainnigh tráthnóna Dé Sathairn.

Níl sé ach dhá bhliain ó bhuaigh na Cait craobh na hÉireann ach bhí an bua tuillte go maith ag Áth Cliath agus taispeántais den scoth tugtha ag leithéidí Aisling Maher agus Aisling O’Neill.

Chuir Áth Cliath tús maith leis an gcluiche agus cúl aimsithe ag Sinéad Wylde théis cúig nóiméad agus cé gur tháinig Cill Chainnigh ar ais go láidir, bhí Áth Cliath róthapa agus róláidir dá gcéilí comhraic sa chuid dheireanach den chluiche.

Tabharfaidh Áth Cliath aghaidh anois ar Chorcaigh, curaidh na hÉireann, agus rogha láidir na coitiantachta chun an dara craobh as a chéile a bhaint, ach níl aon cheann de na trí fhoireann eile fágtha gan seans.

Tá Tiobraid Árann ag iarraidh Craobh na hÉireann a bhuachan den chéad uair le 20 bliain agus cluiche ceannais a bhaint amach den chéad uair ó 2006. Léirigh an bua a bhí acu ar Ghaillimh i gcluiche ceannais na sraithe an dul chun cinn atá déanta ag na Tiobraid Árannaigh le blianta beaga anuas ach ní bheidh sé éasca na Gaillimhigh a chloí arís, cé go raibh Gaillimh stadach go maith sa bhua a bhí acu ar Phort Láirge Dé Domhnaigh, mar a bhí den chuid is mó bhliain i ndáiríre.

 

Pictiúr: ©INPHO/Tom Maher

Ógánaigh Dhoire ina ngaiscígh arís

Deireadh lag go maith a chuir peileadóirí sinsir Dhoire leis an mbliain an Domhnach roimhe sin ach bhí ábhar ceiliúrtha ag an gcontae an deireadh seachtaine seo agus Craobh Mionúir Peile na hÉireann buaite ag Doire tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Ard Mhacha.

Is í seo an dara bhliain as a chéile ag Doire an chraobh a bhuachan agus an dara huair as a chéile go bhfuaireadar an ceann is fearr ar dhream eile as Ulaidh tar éis dóibh Muineachán a chloí i gcluiche ceannais 2023.

Ocht gcluiche dhéag atá imeartha ag mionúir Dhoire le linn na tréimhse sin gan ceann ar bith acu a chailliúint.

Lá mór a bhí ann do theaghlach Uí Mhianáin as an gCarn Tóchair agus Cathal ag imirt mar leathchúlaí láir. In agallamh le RTÉ Raidió na Gaeltachta i ndiaidh an chluiche, dúirt an Mianánach go gealgháireach go raibh sé fágtha faoi bhrú ag gaiscí a dheirféar Clíodhna agus a dhearthár Ruairí, a d’imir d’fhoirne sinsir Dhoire, ach tá bonn uile-Éireann ina phóca anois aige agus laethanta móra eile amach roimh an bpeileadóir agus iománaí óg cumasach.

Fág freagra ar 'Fogha Chorcaí faoi chrainn taca Luimnigh, loicthe ar radar TJ in uair na cinniúna agus scéalta eile an deireadh seachtaine'