Fiú má imríonn Gaillimh níos fearr ná mar a d’imir siad riamh, b’fhéidir nár leor é

Imreoidh peileadóirí na Gaillimhe i gcluiche leathcheannais na hÉireann tráthnóna den chéad uair ó 2001, ach máistrí na peile faoi láthair, Áth Cliath, a bheidh rompu

Fiú má imríonn Gaillimh níos fearr ná mar a d’imir siad riamh, b’fhéidir nár leor é

Eamonn Brannigan (Gaillimh) agus Cillain O'Shea (Áth Cliath) ag imirt i gcluiche ceannais na sraithe 2018. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Agus cluiche ceannais Roinn 1 na sraithe bainte amach acu agus Craobh Chonnacht tugtha leo, níl aon amhras ach go bhfuil dul chun cinn déanta ag peileadóirí na Gaillimhe in 2018 ach má bhuailtear greadadh orthu tráthnóna, d’fhéadfadh go ndéanfar dearmad ar go leor den dul chun cinn céanna.

Is í an phríomhchúis leis sin ná an drochthaispeántas a thug fir na Gaillimhe uathu in aghaidh Mhuineacháin an deireadh seachtaine seo caite. Agus áit bainte amach acu cheana féin sna babhtaí leathcheannais, ní heol dúinne ná b’fhéidir do Kevin Walsh agus a chuid imreoirí, cé chomh dírithe agus a bhí siad dáiríre ar an gcluiche i Staid an Phiarsaigh, ach bhí siad go hainnis.

Chuir Walsh na himreoirí is fearr atá aige uilig chun páirce an tseachtain seo caite, agus níor thug sé leid ar bith nach raibh sé dáiríre faoin gcoimhlint áirithe sin. Shamhlófá go raibh an-díomá air faoina bhoichte is a bhí an taispeántas a thug Gaillimh uathu.

Beidh athrú mór millteach ag teastáil tráthnóna más leo Áth Cliath a chur dá mbuille.

Rinne Gaillimh réasúnta maith i gcoinne Átha Cliath i rith na sraithe. Chríochnaigh an cluiche eatarthu i mBóthar na Trá ar comhscór agus cé gur bhuaigh buachaillí Jim Gavin orthu sa chluiche ceannais, níor ghéill na Gaillimhigh tada go bog.

Tá Áth Cliath imithe i bhfeabhas ó shin áfach. Ní raibh Jack McCaffrey nó Cian O’Sullivan ag imirt an lá sin i bPáirc an Chrócaigh agus is mór an buntáiste é do Gavin go bhfuil fáil aige orthu beirt arís.

Beidh O’Sullivan go háirithe tábhachtach. Chruthaigh Damien Comer an-chuid deacrachtaí do Philly McMahon agus Johnny Cooper sa tsraith ach beidh sé níos deacra ag Gaillimh leas a bhaint as an modh díreach agus O’Sullivan ag cabhrú lena líne lánchúil.

Ar an taobh eile den scéal, tá deacrachtaí i measc na gcosantóirí ag Gaillimh. Bíonn sé deacair ag foirne an ceann is fearr a fháil orthu trí ionsaí a dhéanamh síos lár na páirce ach d’éirigh le Muineachán bearnaí a fháil ar na cliatháin, mar a  rinne Ros Comáin níos luaithe i mbliana. Beidh an méid sin feicthe ag Gavin agus níl a sárú d’fhoireann ann is Áth Cliath chun a leithéid a dhéanamh.

Thug curaidh na hÉireann léasadh ceart do Ros Comáin Dé Domhnaigh seo caite i gcluiche inar thug Gavin deis ón tús d’fhir a chaith an samhradh go dtí sin i measc na bhfear ionaid. Thapaigh siad an deis sin cinnte agus bhí leithéidí Cormac Costello agus Eoghan O’Gara ar fheabhas. D’aimsigh Costello 0-9 agus fuair O’Gara 2-2, agus mura raibh a ndóthain le déanamh ag Gaillimh, beidh orthu a bheith ullamh go maith má thagann siadsan isteach inniu.

Más le Gaillimh seans ar bith a bheith acu tráthnóna, caithfidh siad a bheith níos fearr ná mar a bhí siad riamh. Agus fiú ansin, b’fhéidir nach mbeadh a ndóthain acu chun sárfhoireann seo Átha Cliath a bhualadh.

Rogha Tuairisc.ie: Áth Cliath

Fág freagra ar 'Fiú má imríonn Gaillimh níos fearr ná mar a d’imir siad riamh, b’fhéidir nár leor é'