FÍSEÁN: ‘Gaeilge, Béarla agus torann’ – léiriú i dTithe an Oireachtais ar chás ‘osréalaíoch’ an Ghaeilgeora

Tá ráite ag Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta Catherine Connolly gur minic a léiríonn obair an choiste sin chomh deacair is a bhíonn sé ar an ngnáthGhaeilgeoir déileáil leis an Stát trí Ghaeilge

FÍSEÁN: ‘Gaeilge, Béarla agus torann’ – léiriú i dTithe an Oireachtais ar chás ‘osréalaíoch’ an Ghaeilgeora

Tá ráite ag Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán gur minic a léiríonn obair an choiste sin chomh deacair is a bhíonn sé ar an ngnáthGhaeilgeoir déileáil leis an Stát trí Ghaeilge.

Dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly an méid sin an tseachtain seo agus ionadaithe ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige os comhair an choiste Gaeilge i dTithe an Oireachtais.

De bharr a laghad státseirbhíseach a bhfuil Gaeilge acu, go háirithe i measc na státseirbhíseach is sinsearaí, is minic an coiste Gaeilge i dtuilleamaí chóras aistriúcháin an Oireachtais agus b’amhlaidh an scéal ag cruinniú na seachtaine seo.

Fágann an cur chuige dátheangach seo gur minic míthuiscintí ann ag cruinnithe an choiste agus gur minic go mbíonn gá le ceisteanna a chur cúpla uair. Ba nuair a tharla a leithéid cúpla babhta ag cruinniú na seachtaine seo a dúirt an Cathaoirleach go raibh imeachtaí an choiste ag éirí “osréalaíoch arís”.

“Tá sé deacair, tá Gaeilge, tá Béarla agus tá torann [ann]. Tá sé beagáinín osréalaíoch arís ag an gcoiste seo. Gabh mo leithscéal, tá sé deacair dom mar chathaoirleach feidhmiú sa dá theanga…

 

“Cuireann sé in iúl cé chomh deacair is atá sé do thuismitheoirí ar an talamh agus do na clubanna éagsúla atá ag iarraidh seirbhís a fháil trí Ghaeilge. Ar a laghad, tá a fhios againn chomh deacair is atá sé tríd an bpróiseas seo,” a dúirt an Teachta Dála neamhspleách, Catherine Connolly.

Tá ráite go minic cheana ag Catherine Connolly go bhfuil frustrachas mór ag baint le bheith ag plé le ranna nach bhfuil ar a gcumas ionadaithe a bhfuil Gaeilge acu a chur ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt i nGaeilge faoin tseirbhís a chuireann siad ar fáil don phobal i mBéarla.

An t-am seo anuraidh, mar shampla, dúirt sí go raibh sé “osréalaíoch” gur ag brath ar an mBéarla a bhí ionadaithe ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus cosaint á déanamh acu ar pholasaí an Stáit maidir le cás na Gaeilge i gcúrsaí earcaíochta.

Ag deireadh an chruinnithe an tseachtain seo, ghabh an Cathaoirleach buíochas le hionadaithe na Roinne Leanaí, a raibh duine amháin a raibh Gaeilge aici ina measc, as a bhfreagraí soiléire.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Gaeilge, Béarla agus torann’ – léiriú i dTithe an Oireachtais ar chás ‘osréalaíoch’ an Ghaeilgeora'