FÍSEÁIN – Cluichí móra an Fhómhair

Éire 18-9 An Astráil – 2002 Ar an lá fliuch, fuar seo, a cuireadh tús ceart le ré órga rugbaí na hÉireann. Is é seo an chéad chluiche a bhí ag Brian O’Driscoll mar chaptaen ar fhoireann na hÉireann. Gan é ach 23 bliain d’aois ag an am agus é ag ag déanamh ionadaíochta mar […]

Paul O' Connell ag imirt i gcoinne na Springboks. ©INPHO/James Crombie
Paul O’ Connell ag imirt i gcoinne na Springboks. ©INPHO/James Crombie

Éire 18-9 An Astráil – 2002

Ar an lá fliuch, fuar seo, a cuireadh tús ceart le ré órga rugbaí na hÉireann. Is é seo an chéad chluiche a bhí ag Brian O’Driscoll mar chaptaen ar fhoireann na hÉireann. Gan é ach 23 bliain d’aois ag an am agus é ag ag déanamh ionadaíochta mar chaptaen do Keith Woods, a bhí gortaithe, rinne O’Driscoll neamhní den dualgas trom air agus thug sárthaispeántas sa gheansaí glas.

Agus iad ag tabhairt aghaidh ar an Astráil, bhí Éire in aghaidh sheaimpíní an domhain agus os scór blianta caite acu gan buachan ar an Astráil. Bhí aon chluiche déag as a chéile buaite ag na hAstrálaigh in aghaidh na hÉireann agus níor bhuaigh na hÉireannaigh aon cheann in aghaidh na hAstráile, na hAifrice Theas ná na Nua-Shéalainne ó 1979.

Ach ar an lá seo, cuireadh an scéal sin ina cheart agus léiríodh an misneach, an diongbháilteacht agus an ardscil a bhí ina gcomharthaí sóirt d’imreoirí rugbaí na hÉireann go ceann deich mbliana eile.

 

Éire 32-15 An Aifirc Theas – 2006

Roimh chluiche idir an dá thír i 2004, dúirt Jake White, bainisteoir na hAifrice Theas, nach bhfaigheadh aon imreoir Éireannach, seachas Brian O’Driscoll, áit ar fhoireann na hAifrice Theas. Bhuail na hÉireannaigh an Aifric Theas, ach is léir nár fhoghlaim White mórán mar, i 2006, tháinig sé féin agus a fhoireann ar ais go Baile Átha Cliath agus roinnt dá chuid imreoirí is fearr fágtha sa mbaile aige.

Rinne na hÉireannaigh scrios ar an Aifric Theas an lá sin, agus Andrew Trimble, David Wallace, Marcus Horan agus Shane Horgan ag aimsiú ceithre úd eatarthu.

I rith an chluiche, d’imir foireann Eddie O’Sullivan rugbaí d’ardchaighdeán, an pas gleoite a thug O’Driscoll d’úd Horgan (ag 7:05 sa fhís thuas) go háirithe.

Le farasbarr 17 gcúilín déag ag deireadh an chluiche, is é seo an bua is mó riamh a bhí ag Éirinn in aghaidh ceann d’fhoirne móra an leathsféar theas.

 

Éire 21-6 An Astráil – 2006

Ocht lá tar éis d’Éirinn an Aifric Theas a bhualadh, tháinig na hAstrálaigh chuig Baile Átha Cliath.

Dála 2002, bhí an aimsir fliuch, gaofar, rud a chuidigh leis na hÉireannaigh. Rinne an fhoireann baile an cinneadh imirt in aghaidh na gaoithe don chéad leath ach bhí siad fós 15-3 chun cinn ag leath-am, Denis Hickie agus Geordan Murphy ag fáil na n-úd.

Agus an bhearna sin eatarthu, bhí na hÉireannaigh in ann díriú ar an gcosaint sa dara leath ach, má bhí féin, níor stop sin ag dul ar an ionsaí iad agus d’éirigh leo an farasbarr a mhéadú le dhá chic píonóis ó Ronan O’Gara. 21-6 a chríochnaigh an cluiche agus d’fhág na hÉireannaigh slán mar is ceart ag Bóthar Lansdúin, a bhí le leagan ag deireadh na bliana sin.

 

Éire 15-10 An Aifric Theas – 2009

Ní raibh cluiche ar bith caillte ag na hÉireannaigh i 2009 agus iad ar tí aghaidh a thabhairt ar an Aifric Theas.

Sa chomórtas Sé Náisiún, bhuaigh Éireann an Chaithréim Mhór ach, ag teacht suas chuig an gcluiche in aghaidh na hAifrice Theas, bhí laoch an chluiche in aghaidh na Breataine Bige, Ronan O’Gara, ar an taobhlíne agus bhí Jonny Sexton ag caitheamh geansaí uimhir a deich.

Ní raibh ach cluiche amháin imeartha ag Sexton d’Éireann roimhe seo, in aghaidh Fhidsí, ach níor léir d’éinne an easpa taithí aige in aghaidh sheaimpíní an domhain agus chiceáil sé gach ceann de na cúig phointe dhéag a scóráil Éire an lá sin.

 

Éire 22-24 An Nua-Shéalainn – 2013


Fiú amháin bliain tar éis an chluiche seo, tá sé deacair cuimhniú air gan ísle brí a theacht ort. Gan bua ar bith in aghaidh na Nua-Shéalainne riamh, bhí na hÉireannaigh 19-0 suas tar éis 18 nóiméad. Conor Murray, Rory Best agus Rob Kearney a fuair na húid.

Cé go raibh siad 22-7 chun cinn ag leath-am, bhí na hÉireannaigh ag tuirsiú ach fós féin, bhí siad cúig phointe chun cinn gan ach 30 soicind fágtha. Ach ansin, i lár na páirce, chuir an réiteoir, Nigel Owens, pionós ar na hÉireannaigh agus bhí imreoirí na Nua-Shéalainne in ann a mbealach a dhéanamh go líne an úid. Is é Ryan Crotty a bhris croíthe na tíre seo tar éis dó an liathróid a leagan síos sa chúinne.

Agus an dara seans á fháil aige, d’aimsigh Aaron Cruden an cic slánaithe chun bua stairiúil a chinntiú don Nua-Shéalainn, an chéad fhoireann riamh a bhuaigh gach uile chluiche acu in aon bhliain amháin.

Fág freagra ar 'FÍSEÁIN – Cluichí móra an Fhómhair'

  • Aidan Faughey

    Éire 15 – 10 An Aifric Theas 2009

    Geallaim duit nach dhéanfaidh mé dearmad ar an mórchluiche seo. Bhí Sexton dochreidte an oíche sin agus é ag caitheamh glás na hÉireann am amháin eile roimhe sin. Chuimhnigh mé go maith saor-íomhá; an tseanimreoir O’Gara ina sheasamh ar an taobhlíne, (deireadh ré) agus leaid óg gan cháim ós comhair an chuaille. 82’000 daoine agus bhí caintaireacht ‘Johnny Johnny Johnny’ fós uair tar éis an cluiche.

  • Eimear Hughes

    Aontaím leat a Aidan, bhí an cluiche sin, Éire in aghaidh An Aifric Theas i 2009 ceann nach ndéanfaidh mé dearmad air, toisc go raibh mé ann i bPáirc an Chrócaigh, duine de na 82’000 ag cantaireacht ‘Johnny Johnny Johnny’ ach sé an cluiche in aghaidh An Nua-Shéalainn an bliain seo chaite a chuireann creathadh fuar orm. Úd (Try) a fháil tar éis ceithre nóiméad, tús iontach ach ní féidir linn leanúint ar aghaidh mar seo, ceann eile tar éis deich nóiméad. Cad a bhí ag tarlú? Bhí na Nua-Shéalannaigh ag imirt go maith ach bhí na hÉireannaigh níos fearr. Trua mhór é toradh an chluiche sin agus cinnte gur sileadh cúpla deora an lá sin.