Fíodóireacht agus fileatacht – léiriú láidir liriciúil ar an gcruthaitheacht bhaineann

Ba léir ó na gártha molta a fuair ‘Feisteas an tSaoil’ gur seó é seo arbh fhiú go mór é a léiriú arís in áiteanna eile

‘Feisteas an tSaoil’

Amharclann Smock Alley

Féile IMRAM

Chonaic Stiúrthóir IMRAM, Liam Carson, seó Áine Moynihan Feisteas an tSaoil ag Féile na Bealtaine sa Daingean níos luaithe i mbliana agus thuig sé láithreach gur seó é a d’fheilfeadh d’fhéile litríochta bhliantúil IMRAM i mBaile Átha Cliath. Ceiliúradh ar shaol na mban a gealladh san ábhar poiblíochta a bhain leis an seó, a stáitsíodh in amharclann Smock Alley Dé Céadaoin seo caite. Ceiliúradh a bhí ann go deimhin, agus léiriú láidir liriciúil ar an gcruthaitheacht bhaineann agus ar mhórthábhacht éadaí mar chuimhneacháin nó memento vitae.

Radharc lom go leor a bhí os comhair an lucht féachana ag tús na hoíche: gan d’fheisteas stáitse ach cúpla cathaoir, seastán le micreafón, crochadán simplí éadaí, méarchlár agus, i lár an stáitse, trunc (ar nós trunc imirceora) agus é dúnta.

Faoin am go raibh an seó thart, bhí an trunc sin folamh agus bailiúchán éadaí os ár gcomhair, ina measc ruga scarlóideach, sciorta ildaite sróil agus róba oíche de dhath fiúise, caille chomaoineach, gúna pósta, cóta mór geimhridh, seálta olann, hata le himeall veilbhite, bróigíní cniotáilte linbh. Faoin am sin freisin bhí iliomad scéalta inste go drámatúil agus go fileata ag Áine, daoine atá ar shlí na fírinne tugtha chun cuimhne aici agus eachtraí agus tréimhsí suaithinseacha óna saol féin athchruthaithe aici dúinn.

Ba mhisniúil an cur chuige a bhí aici mar, cé go raibh an greann fite tríd an insint (sult ar leith á bhaint aici as scéal na seanmháthar i Loch Garman a mhúin Gaeilge do Chiarraíoch, mar shampla), níor ceileadh na scéalta bróin ná na húdair theannais. Cloisimid faoin aintín ionúin a cailleadh i mbreith clainne, faoi dhúshláin eacnamaíocha agus teannas teaghlaigh, faoi uaigneas millteanach scoil chónaithe.

Is é timthriall na beatha a bhí in uachtar san insint, áfach, agus iomramh saoil á ríomh a thosaigh i Loch Garman ach a chuimsigh Baile Átha Cliath, Baile Ghib, Inis Oírr, Cléire agus Dún Chaoin. Scéal an-bhaineann a bhí i gceist, go háirithe agus Áine ag labhairt go mothálach faoi bhaill éadaí áirithe agus faoi na mná a chaith iad, nó a rinne iad nó a choinnigh iad.

Agus í ag trácht ar obair cheardaíochta na mban, agus ar éadaí lámhdhéanta go sonrach, dúirt sí go raibh sé mar a bheadh spiorad an duine a rinne é fite fuaite sa bhall éadaigh féin.

‘Evocative’ a dúirt cara liom díreach i ndiaidh an tseó, agus is cinnte gur ‘evocative’ nó allabhrach an focal cuí mar déarfainn nach raibh bean ná fear sa lucht éisteachta nár mhúscail scéalta Áine cuimhní agus mothúcháin a bhain lena stair phearsanta féin.

Bhí sé go hiontach seanmháthair a fheiceáil ar stáitse agus scéal bríoch bríomhar á ríomh ar bhealach chomh nádúrtha agus chomh healaíonta aici, agus chuir rannpháirtíocht na gceoltóirí Feargal Mac Amhlaoibh (fear céile Áine) agus Louise Foxe (bean chéile a mic Malachy) le teannas agus le drámatúlacht an léirithe.

Léiriú dátheangach a bhí i gceist agus ghluais an insint go saoráideach ó Ghaeilge go Béarla, de réir mar a d’oir don ábhar nó don suíomh a bhí faoi chaibidil. Fuair Áine spreagadh agus cúnamh ón gcomharghrúpa drámaíochta Giorria a bhfuil sí gníomhach ann agus fuair an léiriú tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta agus ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán.

Ba léir ó na gártha molta a fuair sé ón lucht féachana i Smock Alley gur seó é seo arbh fhiú go mór é a léiriú arís in áiteanna eile.

Fág freagra ar 'Fíodóireacht agus fileatacht – léiriú láidir liriciúil ar an gcruthaitheacht bhaineann'