Tá lán a dtacaíochta tugtha ag beirt Fheisirí Eorpacha don mholadh go gcruthófaí “ceantair speisialta caomhnaithe teanga” san Aontas Eorpach. Agus iad ag labhairt le Tuairisc sa Bhruiséil, dúirt na Feisirí Ciarán Mullooly (Independent Ireland/Renew) agus Seán Kelly (Fine Gael/EPP) go dtacódh siad leis an moladh a rinne Bánú go dtabharfaí “aitheantas speisialta” don Ghaeltacht ag leibhéal na hEorpa.
Dúirt Seán Kelly gur “smaoineamh maith” a bhí i moladh Bhánú go “dtabharfaí aitheantas speisialta caomhnaithe teanga” do cheantair in Éirinn ina bhfuil “an Ghaeilge in úsáid ag sciar suntasach den phobal ar bhonn laethúil” agus go mbeadh tacaíocht dá leithéid “ar fud na hEorpa”.
“Is ceist bheag í i gcomhthéacs na hEorpa ach is ceist thábhachtach í. Thabharfadh sé aitheantas do na fadhbanna atá sa Ghaeltacht agus deiseanna dul i ngleic leo. Dá mbeadh an t-aitheantas ann d’fhéadfaí airgead a chur ar fáil nó cláir a bheadh cosúil le LEADER a bhunú, nó ceist na tithíochta a phlé i gcomhthéacs na teanga.
“Is smaoineamh maith atá ann agus bheadh tacaíocht ann ó thíortha ar fud na hEorpa mar tá a dteangacha agus a gceantair féin acu i go leor tíortha ar fud na hEorpa, ba chóir é a leanúint,” a dúirt Kelly.
Dúirt a chomhghleacaí i bParlaimint na hEorpa, Ciarán Mullooly, go dtacódh sé go huile is go hiomlán leis an moladh agus gur chóir é a shníomh isteach leis na dlíthe pleanála le dul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta sa Ghaeltacht.
Dúirt sé nár shíl sé go raibh an ligean gearrthéarmach [ar cíos] ina cheist chomh práinneach sin in Éirinn is atá i dtíortha eile de chuid an Aontais Eorpaigh, ach gur léir dó go bhfuil tionchar diúltach aige sin agus ag daoine a bhfuil an dara teach acu sa Ghaeltacht ar an teanga.
“Tá tithe sna ceantair Ghaeltachta nach mbeidh teacht ag muintir na háite orthu choíche. Bhí Breanndán Ó Beaglaoich as contae Chiarraí agus grúpa feachtais anseo cúpla seachtain ó shin agus bhí cruinniú againn faoi cheist na tithíochta sa Ghaeltacht. Tá go leor de na tithe [sa Ghaeltacht] i seilbh daoine as an gcósta thoir atá in acmhainn airgead mór a íoc ar theach.
“Is scannal amach is amach é nach bhfuil na treoirlínte pleanála Gaeltachta foilsithe ag an rialtas fós – tá muid ag fanacht le blianta anois. Ní féidir glacadh leis an moill sin,” a dúirt Mullooly.
Sheol Bánú aighneacht chuig Coimisiún na hEorpa an mhí seo inar iarradh go “dtabharfaí aitheantas speisialta caomhnaithe teanga” do na ceantair Ghaeltachta in Éirinn “ina bhfuil an Ghaeilge in úsáid ag sciar suntasach den phobal ar bhonn laethúil”.
Dúirt Bánú gur cheart go mbeadh caomhnú na teanga chomh tábhachtach céanna don Aontas Eorpach “is atá caomhnú na bithéagsúlachta agus caomhnú na timpeallachta” ach nach bhfuil “aitheantas oifigiúil faoi leith ag na ceantair ina bhfuil an teanga fós in úsáid i measc an phobail”.
Iarradh ina n-aighneacht go “n-aithneofaí an gá le beartais phleanála agus tacaíochta” sna ceantair a shaineofaí agus go ligfí do na húdaráis phleanála agus tithíochta “beartais chosanta a chur i bhfeidhm a mheallfadh daoine le líofacht teanga áit chónaithe a aimsiú” sna ceantair chaomhnaithe.
Maítear sa cháipéis ó Bánú go bhfuil “todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail i mbaol” agus go gcaithfear “céimeanna ciallmhara” a thógáil le tithíocht a sholáthar “do chainteoirí Gaeilge sa mhéid den Ghaeltacht ina bhfuil an teanga in úsáid mar theanga laethúil go fóill”.
Seán Mac Bhriain
As na 117,000+ teach i gcontae na Gaillimhe (ina iomláine), is tithe saoire 5,000 díobh.
Bheadh sé réasúnach a mheas (de cheal staitisticí), go bhfuil an chuid is mó díobh sin á ligean ar cíos go gearrthéarmach i.e. gur cuid den tionscal turasóireachta iad.
Bheadh sé réasúnach a mheas (de cheal staitisticí), go bhfuil formhór na dtithe saoire nach cuid den tionscal turasóireachta iad lasmuigh de cheantair a bhfuil an Ghaeilge mar theanga phobail iontu.
Tá sé éasca “ah na tithe saoire” a rá, ach gan statisticí a thabhairt tá sé chomh maith céanna an milleán a chur ar an ngaoth aniar.
Brian
Seo dhuit a Sheáin,
1,007 AirBnBs sa Ghaeltacht. 10 tithe le ligean ar cíos ar bhonn fadtéarmach.
As an 201 teach a bhí le ligean ar cíos idir Bearna agus Carna, bhí 197 acu sin á ligean amach ar AirBnB.
Sa Ghaeltacht i gCiarraí, an bhliain seo caite, bhí 543 AirBnBs is gan aon tigh le ligean ar cíos ar bhonn fadtéarmach.
Tá fadhb ann. Go deimhin tá níos mó ná ceist seo na tithíochta amháin a bhíonn á marú na Gaeilge sa Ghaeltacht, ach ceann amháin de na fadhbanna is ea é agus tá drochthionchar ag AirBnBs uirthi.