Feimineach corraithe nach ngabhann leithscéal faoina dearcadh ar an saol a dhear fir d’fhir

Sa leabhar nua ‘Brigid’ déantar an seanchas agus an tsamhlaíocht a fhí isteach sa bhficsean chun léitheoireacht éadrom thaitneamhach a sholáthar

Feimineach corraithe nach ngabhann leithscéal faoina dearcadh ar an saol a dhear fir d’fhir

Brigid
Kim Curran
Penguin €19.50

Is í Bríd nó Naomh Bríd réalt na huaire seo, tá tíolacthaí mhná an domhain á lua léi agus a féile á ceiliúradh sna ceithre harda.

Tuigfidh tú mar sin gur sciob mé Brigid nua-fhoilsithe den tseilf sa siopa leabhar. D’at mo chuid ríméid nuair a chonaic mé an t-údar, an bhean chéanna a scríobh The Morrigan, Mór-Ríoghain ár bhfinscéalta.

Is aoibhinn liom an chaoi a ndéanann an t-údar seo an seanchas, an tsamhlaíocht agus a tuiscint féin a fhí isteach ina cuid ficsin chun léitheoireacht éadrom thaitneamhach a sholáthar. Tá éacht dá leithéid déanta i nGaeilge ag Leabhar Breac ar ár litríocht dúchais.

Feimineach corraithe iad Curran agus Bríd  a pinn nach ngabhann leithscéal faoina ndearcadh ar an saol a dhear fir d’fhir agus níl fear amháin sa leabhar seo a dtabharfá gean dó. Éad, uabhar, saint, drúis, craos, brúidiúlacht agus cos ar bolg nádúr na bhfear seo a bhuíochas don tsochaí a chothaigh iad.

Cumhacht seachas inscne (oiliúint seachas dúchas?), a fhágann amhlaidh iad mar is léir gur bhuail ráig den chumhacht-adhradh céanna Bríd an fhicsin le mar a bhláthaigh cáil agus stádas thearmann Chill Dara.

Is iomaí caint ar an dá Bhríd ach sa scéal seo tá an bandia Bríd ag reacaireacht agus í i gcluais Bhríd Chill Dara agus a bua draíochta le fáil aici ach a dtaitníonn a beart agus a meon leis an dia treallach.

Sa leabhar seo gheobhaidh tú an seanchas uilig atá cloiste agat faoi Naomh Bríd ach tú fhéin ansin agus iad ag tarlú, an brat, an chros, an déirce, na mallachtaí agus na míorúiltí.

Iníon le cumhal agus taoiseach a dhíol a máthair le draoi ach a raibh sí ag súil le Bríd. Tá an Bríd seo flaithiúil, cineálta, stuacach, stuama ach ní mór a meas ar aon fhear agus í ar buile faoin drochbhail a ídítear ar mhná sa gcomhluadar sin.

B’fhearr léi an bás fhéin ná fear a roghnaigh a hathair di a phósadh ach tháinig nathair i gcabhair uirthi agus mhill a héadan, marach a shlánaigh í ón bpósadh.

Tá deisceabail chreideamh nua na Róimhe á scaipeadh sa tír agus tugann Bríd faoi thearmann a bhunú agus fáilte ann roimh mhná, bídís críostaí, págánach, aerach, déghnéasach, peacach, maighdeanúil, saibhir nó daibhir. Balla mór thart air agus cos fir ní ghabhfadh thairis.

Tógáil, gaibhneacht, peannaireacht, feilméaracht, táilliúireacht, paidreoireacht, ceiliúradh, banaltracht agus déirce faoina gcúram féin agus an t-ómós céanna do gach dia.

Ar ndóigh scaip a gcáil agus tháinig mná ina sluaite ag éalú ó fhlaitheas na bhfear, gach bean lena dúchas agus a haiteas féin.

Mo léan, chonaic Pádraig in Ard Mhacha agus a mhéiteanna sa Róimh an forás seo sa gCurrach agus chaithfí na mná seo a cheansú le neart nó le plámás. Ní fhaca tú samhail Phádraig seo beo ach uachtarán áirid a shantaíonn dath an óir agus mná géilliúla.

Is mór é m’fhaitíos gurb é Pádraig an Churraoinigh a bheas i mo chloigeann an chéad uair eile a bheas mé ar Mhám Éan – crochadóir suarach a bhí tugtha don mhaoin, don urraim agus don chumhacht agus a raibh amhras air faoi anam a bheith ag bean, cé nár chuid de chúram na Róimhe anam mná, más ann dó!

Díreach mar a chuir an chléir deireadh le ceiliúradh na bpátrún sa gcéad seo caite, choisc an Pádraig seo damhsa, ceol, is ceiliúradh na bhféilte dúchais i gCill Dara [Imbolc féin]  agus ba mhian leis gach págánach a chur den saol.

Ach ní haon ghairdín pharthais a cruthaíodh i gCill Dara, tá allas, ocras, ganntan agus malairt tuairimí ann. Tá an-spadhar sa mBríd seo agus a cuid díoltais gan trócaire. Is beag a foighid leis na deirfiúracha nach dtuigeann a cuid scéiméireachta, ceird na bhfear, fiú gur chlis sí go tútach ar bhean óg ghonta ar son na cumhachta saolta.

Faigheann an chumhacht sin greim uirthi agus déanann sí leithcheal ar a nádúr, a cairde agus a prionsabail ar son na huaillmhéine.

Aisteach go leor níl a fhios cén gáire a bhain an leabhar seo asam agus tá eachtraí anseo a tharlaíonn chuile lá mar gur beag athrú ar nádúr an duine le míle go leith bliain, faraor géar.

Tá na mná seo lán le graostacht, gliceas, greann, imeartas focal, cluanaíocht agus tabhairt faoi deara. Fan go léifidh tú oirniú Bhríd ina heaspag, mé fós lagtha ag gáire! An mbainfeadh sé gáire as fear? Cá bhfios domsa agus is cinnte nach é sin a choinneodh Bríd ó chodladh na hoíche.

Ná bíodh imní ort, sa bhficsean finscéalach, feiceann daoine an solas, faigheann an mhaitheas an ceann is fearr ar an olc agus mairfimid ar fad go sona sásta faoin daonlathas Gréagach!

Fág freagra ar 'Feimineach corraithe nach ngabhann leithscéal faoina dearcadh ar an saol a dhear fir d’fhir'