FÉILTE
Deireadh seachtaine amhránaíochta in Inis Eoghain
Beidh Deireadh Seachtaine na hAmhránaíochta Traidisiúnta ar siúl arís i mbliana i gceantar Inis Eoghain i gCo. Dhún na nGall. Cuirfear tús leis an bhféile inniu, Dé hAoine, 20 Márta agus gabhfaidh sé ar aghaidh go dtí Dé Luain, 23 Márta. Seo an 36ú bliain ag an bhféile seo a bhíonn á reáchtáil ag ciorcal amhránaíochta Inis Eoghain agus tá meascán de cheardlanna, ceolchoirmeacha agus imeachtaí eile ar chlár na bliana seo.
In Óstán Bhaile Lifín a bheidh formhór na n-imeachtaí ar siúl agus beidh seisiúin bheaga amhránaíochta i gCluain Maine agus i nDroim Fraoigh freisin. Cuirfear ceolchoirm mhór na féile ar stáitse ar an Satharn agus cuireadh ag na haoi-amhránaithe ar fad páirt a ghlacadh ann. Beidh seisiúin amhránaíochta sna tithe ósta áitiúla, McFeeleys, Tolands’ agus an North Pole Bar ina measc. Agus beidh cainteanna agus taispeántais freisin ar stair na hamhránaíochta in Inis Eoghain.
An Fhéile Liteartha Fhranca-Éireannach
Cuireadh tús Déardaoin, 19 Márta leis an bhFéile Fhranca-Éireannach in Alliance Française ar Shráid Chill Dara i mBaile Átha Cliath agus beidh sí ar bun go dtí an Satharn, 21 Márta. Seo í an 26ú bliain ag an bhféile a dhéanann ceiliúradh ar nascanna liteartha idir an Fhrainc agus Éirinn. Is é téama na féile i mbliana ‘Daoine Eile / Les Autres’ agus tá imeachtaí i nGaeilge, i bhFraincis agus i mBéarla leagtha amach ar an gclár.
Is iad Cúán de Búrca agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh na scríbhneoirí Gaeilge a bheidh ag glacadh páirt i bhféile na bliana seo agus beidh Éamon Ó Ciosáin agus Sinéad Mac Aodha i measc na gcathaoirleach ar na cainteanna.
Tuilleadh eolais agus clár na féile ar fáil anseo.
Féile Sean-Nós Chois Life
Beidh Féile Sean-Nós Chois Life ar siúl ón Aoine 27 Márta go dtí an Domhnach 29 Márta. Cuirfear tús le himeachtaí na féile tráthnóna Dé hAoine ag a 8:00 i.n. le seisiún amhránaíochta dátheangaí agus ceoil i gcomhar le An Góilín i gClub na Múinteoirí, 36 Cearnóg Pharnell, BÁC 1, áit a mbeidh imeachtaí uile na féile ar bun.
Cuirfear ceardlanna amhránaíochta le haíonna na féile ar bun ar an Satharn, 28 Márta ón 10:00r.n. go dtí 4:00 i.n. Caithfear clárú do na ceardlanna roimh ré anseo.
Beidh seisiún amhránaíochta ar bun san oíche Dé Sathairn ag tosú ag a 8:00 i.n. agus bronnfar Gradam Shean-Nós Chois Life ar Mhairéad Ní Cheallaigh as Ráth Chairn le linn na ceolchoirme.
Gach eolas agus clár na féile ag anseo.
LEABHAIR
An Cláirseoir seolta Tigh Charlie Byrne
Sheol Aodh Ó Coileáin an t-úrscéal nua An Cláirseoir le Diarmuid Johnson ag ócáid i siopa leabhar Charlie Byrne i nGaillimh tráthnóna Déardaoin, 19 Márta. San úrscéal seo, atá foilsithe ag Leabhar Breac, is é scéal na Normannach agus na mBreatnach roimh ionradh cinniúnach na bliana 1169 a chuirtear i láthair an léitheora.
In earrach na bliana 1169, bhí buíon Normannach sa Bhreatain Bheag ag ullmhú loingis chun farraige. Roimh dheireadh na bliana bheadh Cúige Laighean faoi smacht acu agus an bhliain dár gcionn, bheadh Baile Átha Cliath ina seilbh chomh maith. Ba ghearr go gcuirfidís claochlú ar shaol na tíre.
Tuilleadh eolais faoin leabhar ar fáil ag anseo.
LITRÍOCHT
Darach Ó Scolaí agus Colm Ó Ceallacháin i mBaile Bhuirne
Beidh an tsraith cainteanna le scríbhneoirí na Gaeilge, Comhar-Rá, ag teacht go Baile Bhuirne i gCo. Chorcaí ar an Satharn, an 21 Márta. Sraith cainteanna in ionaid éagsúla ar fud na tíre í seo agus scríbhneoirí éagsúla ag glacadh páirt i ngach eagrán. Is iad Darach Ó Scolaí agus Colm Ó Ceallacháin a bheidh ag caint i gCorcaigh agus iad sa Mhuileann i mBaile Bhuirne ag 4pm.
Foilsitheoir agus scríbhneoir é Darach Ó Scolaí, bunaitheoir an tí foilsitheoireachta Leabhar Breac. Is é an t-úrscéal Bódléar, a ghnóthaigh Gradam Uí Shúilleabháin agus Gradam Love Leabhar Gaeilge 2025, an saothar is deireanaí leis. Scríbhneoir as contae Chorcaí é Colm Ó Ceallacháin. Bhí an t-úrscéal is deireanaí leis, Fiche, ar Ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin agus ar Ghearrliosta Ghradam Love Leabhar Gaeilge anuraidh.
Níl aon táille ar na ticéid ach ní mór áit a chur in áirithe roimh ré.
Fág freagra ar 'Féile amhránaíochta in Inis Eoghain, Féile Liteartha Franca-Éireannach, An Cláirseoir seolta i nGaillimh, Féile Sean-Nós Chois Life'