Tá “díomá, frustrachas agus fearg” orthu siúd a bhfuil baint acu le feachtas chun Gaelcholáiste nua a bhunú i ndeisceart Bhaile Átha Cliath de thoradh na neamhairde atá déanta ag an Aire Oideachais orthu.
Bhailigh os cionn 100 páiste óg ó chúig Ghaelscoil i ndeisceart na cathrach lasmuigh de Theach Laighean inné ag agóid eile a eagraíodh mar chuid dá bhfeachtas agus cruinniú á lorg ag ionadaithe dá gcuid leis an Aire Helen McEntee “gan a thuilleadh moille”.
D’fhógair an t-iar-aire Norma Foley mí Mheán Fómhair seo caite go raibh Gaelcholáiste le déanamh de CBS Sráid Synge chun an t-éileamh atá ann do scoil lán-Ghaeilge dara leibhéal sa gceantar a shásamh. Deir an lucht feachtais nach é amháin nach raibh an tAire Foley ná a comharba, Helen McEntee, sásta bualadh leo ó shin chun an scéal a phlé ach go bhfuil neamhaird déanta ar gach iarratas atá déanta acu agus gan freagra ar bith faighte.
Dúirt Cormac Chambers, Príomhoide ó Ghaelscoil Lios na nÓg, ceann de na Gaelscoileanna atá ag glacadh páirt sa bhfeachtas, gur chuireadar fáilte roimh chinneadh an aire an Gaelcholáiste nua a bhunú ach go dteastaíonn tuilleadh eolais faoina bhfuil beartaithe.
“Mothaíonn baill an fheachtais an-díomá, frustrachas agus fearg go bhfuil neamhaird á déanamh orthu sa phróiseas chun Gaelcholáiste a bhunú,” a deir Chambers.
“Creidimid go bhfuil go leor le tairiscint againn, agus gur geallsealbhóir suntasach muid i mbunú an Ghaelcholáiste. Chomh maith leis sin, tá líon mór ceisteanna againn a bhfuil freagraí ag teastáil orthu más mian linn a chinntiú go mbunófar Gaelcholáiste rathúil. Táimid ag iarraidh ar an Aire bualadh le lucht an fheachtais a luaithe agus is féidir chun a chinntiú gur féidir linn oibriú le chéile chun Gaelcholáiste rathúil a bhaint amach.”
Tá Bunscoil Synge, Gaelscoil Eoin, Gaelscoil Inse Chór, Gaelscoil Lios na nÓg agus Scoil Bhríde i mbun feachtais le ceithre bliana anuas chun Gaelcholáiste nua a bhunú chun freastal ar cheantair 2, 4, 6 agus 8 i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.
Tá an easpa eolais ón Aire Oideachais agus óna roinn ó fógraíodh an cinneadh anuraidh ag déanamh imní do roinnt mhaith daoine. Léirigh bord bainistíochta CBS Sráid Synge, chomh maith le múinteoirí agus tuismitheoirí na scoile, amhras faoin bplean.
Tá na daltaí a chláróidh don oideachas lán-Ghaeilge an bhliain seo chugainn le lonnú i bhfoirgneamh ar leith sa scoil ach deirtear go bhfuil go bhfuil go leor ceisteanna fós le freagairt maidir le céard go díreach a bheidh i gceist.
“Ní dóigh liom go bhfuil sé maith go leor ar chor ar bith, ná cothrom do na tuismitheoirí go léir inár scoileanna, nach bhfuil an tAire ag bualadh linn chun ár gceisteanna a phlé agus chun go gcloisfidh sí ó na daoine a throid ar son an Ghaelcholáiste le ceithre bliana anuas,” a dúirt Karen Hinkson-Deeny, tuismitheoir atá ag súil lena pháiste a chlárú sa Ghaelcholáiste nua.
“Ba mhaith linn go léir go n-éireodh go geal leis an nGaelcholáiste nua seo ach tá drochthús tar éis a bheith againn go dtí seo.”
Agus scéal CBS Sráid Synge á phlé aici níos luaithe an mhí sé, dúirt an Seanadóir Evanne Ní Chuilinn go bhfuil an seans ann nach gcláróidh teaghlaigh a bhí gníomhach sa bhfeachtas ar son Gaelcholáiste nua a bpáistí le CBS Sráid Synge an bhliain seo chugainn mura dtiocfaidh eolas breise ón Roinn.
Tá leas-phríomhoide nua le ceapadh sa scoil chun ceannas a ghlacadh ar fhorbairt an Ghaelcholáiste.
SeánÓN
An bhfuil ar chumas an Aire idirghníomhú leis na páirtithe leasmhara as Gaeilge? An bhfuil mórán agallamh as Gaeilge tugtha ag an Aire ó ceapadh í mar Aire Oideachais?