Fear as Gaeltacht Chonamara curtha siar faoi bhannaí agus é cúisithe as bagairt go maródh sé an Taoiseach

Bhí Patrick Grealish, atá 48 bliain d’aois, as Garraí an Choirce i Leitir Mealláin i nGaeltacht Chonamara os comhair Chúirt Dúiche Dhoire an Fhéich ar maidin

Fear as Gaeltacht Chonamara curtha siar faoi bhannaí agus é cúisithe as bagairt go maródh sé an Taoiseach

Cuireadh siar faoi bhannaí arís inniu fear as Gaeltacht Chonamara a bhí os comhair cúirte agus é cúisithe i mbagairtí a dhéanamh ar líne in aghaidh an Taoisigh, Simon Harris.

Bhí Patrick Grealish, atá amach sna daichidí, as Garraí an Choirce i Leitir Mealláin i nGaeltacht Chonamara os comhair Chúirt Dúiche Dhoire an Fhéich ar maidin.

Bhí masc agus hata á chaitheamh ag Grealish ag an éisteacht os comhair an Bhreithimh Mary Fahy. Níor labhair an cúisí le linn na héisteachta.

Tá Patrick Grealish cúisithe as bagairt ar na meáin shóisialta go maródh sé an Taoiseach nó go ndéanfadh sé dochar tromchúiseach dó.

Lorg an Bleachtaire Sáirsint Éamonn O’Neill sa Chúirt go gceadófaí an cás a chur ar atráth ar feadh ocht seachtaine fad is a bheifí ag fanacht ar threoir ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

Chuir an Breitheamh Mary Fahy siar faoi bhannaí arís Patrick Grealish, a bheidh os comhair na cúirte i gConamara arís ar an 19 Samhain.

Nuair a bhí an cás os comhair na cúirte ar dtús i mí Lúnasa scaoileadh amach ar bannaí €500 Patrick Grealish, agus an coinníoll curtha leis go n-éireodh sé as na meáin shóisialta a úsáid agus go dtabharfadh sé a phas ar láimh do na Gardaí.

Gheall an cosantóir go bhfanfadh sé glan ó na meáin shóisialta.

Dúirt an Bleachtaire Sáirsint Éamonn O’Neill sa Chúirt gur rugadh maol ar Grealish agus an gléas ónar seoladh na bagairtí ina sheilbh aige nuair a gabhadh é.

Dúirt lucht dlí an chosantóra Patrick Grealish go bhfuil sé ina chúramóir ag a mháthair agus go bhfuil a fhadhbanna sláinte féin aige.

 

 

 

 

Fág freagra ar 'Fear as Gaeltacht Chonamara curtha siar faoi bhannaí agus é cúisithe as bagairt go maródh sé an Taoiseach'

  • Carraig

    Tuige nach n-éilíonn sé go mbeadh an cás trí Ghaeilge mar mhaithe le ‘ciotrúntacht’ nó ‘cnámh spairne’ a chruthú nó lena chearta teanga féin a éileamh?
    Caitear slám airgid ar na cearta sin i gcás teangacha eile gach bliain sna cúirteanna.
    Bhfuil coimpléacs ísleachta i réim i gcónaí maidir leis an nGaeilge ?