Fear a raibh baint aige le timpiste bhóthair ag Comórtas Peile na Gaeltachta gafa sna Stáit Aontaithe

Maraíodh beirt i dtimpiste bhóthair i dTuar Mhic Éadaigh trí bliana ó shin agus iad ag freastal ar Chomórtas Peile na Gaeltachta

Fear a raibh baint aige le timpiste bhóthair ag Comórtas Peile na Gaeltachta gafa sna Stáit Aontaithe

Tá fear a raibh baint aige le timpiste bhóthair inar maraíodh beirt i nGaeltacht Mhaigh Eo trí bliana ó shin gafa sna Stáit Aontaithe mar thoradh ar bharántas eiseachadta.

Bhí an fear óg, atá sna fichidí, ag tiomáint an chairr a bhuail faoi bhalla i dTuar Mhic Éadaigh ar an 4 Meitheamh 2017. Maraíodh beirt eile a bhí sa charr leis ag an am, Seán Halloran (20) as an bhFairche i gcontae na Gaillimhe agus Orla O’Malley (18) as an gCrois i Co. Mhaigh Eo.

Tharla an timpiste luath maidin Domhnaigh dheireadh seachtaine na Cincíse 2017 agus an triúr tar éis a bheith ag freastal ar Chomórtas Peile na Gaeltachta, a bhí á reáchtáil i dTuar Mhic Éadaigh.

Bhí Seán Halloran ina shuí sa suíochán tosaigh paisinéara agus Orla O’Malley ina suí sa suíochán cúil nuair a bhuail an carr faoi bhalla i Páirc an Teampaill Íochtarach ar bhruach Loch Measca.

Gortaíodh an tiománaí go dona chomh maith, ach d’imigh sé go Meiriceá nuair a scaoileadh amach as an ospidéal é.

Cuireadh ionchoisne i dtaobh na timpiste ar athlá an tseachtain seo caite agus dúirt na Gardaí go raibh siad fós i mbun fiosruithe.

Dheimhnigh na Gardaí i gCaisleán an Bharraigh go raibh an tiománaí anois gafa i Meiriceá agus é i gceist acu é a eiseachadadh ar ais go hÉirinn.

Fág freagra ar 'Fear a raibh baint aige le timpiste bhóthair ag Comórtas Peile na Gaeltachta gafa sna Stáit Aontaithe'