Tá áilleacht agus aoibhneas Chonamara agus oileáin iarthar na Gaillimhe le feiceáil i bhfíseán nua atá seolta chun turasóirí a mhealladh go dtí an ceantar.
Tá tírdhreach agus táirgí na háite le feiceáil sa bhfíseán atá mar chuid d’fheachtas cuairteoirí a mhealladh le seal a chaitheamh ar chósta Chonamara an samhradh seo.
Tugtar blaiseadh ar a bhfuil le déanamh sna bailte ar fud Chonamara agus ar na hoileáin ar an suíomh Connemara.ie chomh maith le cur síos ar áiteanna a bhfuil bia agus deoch agus lóistín le fáil sa cheantar.
Fág freagra ar 'Feachtas seolta chun cuairteoirí a mhealladh chuig Conamara agus oileáin na Gaillimhe'