Feachtas meán geallta arís ag an Rialtas chun an Ghaeilge a chur chun cinn

Gealladh feachtas meán náisiúnta i gClár an Rialtais breis is trí bliana ó shin ach deir Roinn na Gaeltachta anois go gcuirfear tús le feachtas feasachta faoin Acht Teanga sa bhfómhar

Feachtas meán geallta arís ag an Rialtas chun an Ghaeilge a chur chun cinn

Tá ráite ag Roinn na Gaeltachta go bhfuil feachtas feasachta “mór” náisiúnta le reáchtáil ón bhfómhar seo ar aghaidh chun an pobal a chur ar an eolas maidir leis “na dualgais agus na deiseanna atá ann” don Ghaeilge faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Tá an reachtaíocht teanga i bhfeidhm ó Nollaig 2021 ach deir an Roinn le Tuairisc go bhfuil feachtais sna meáin Bhéarla agus sna meáin Ghaeilge le reáchtáil gach bliain as seo amach chun feasacht faoi “shaincheisteanna” a bhaineann leis an teanga a chur chun cinn.

Cuireadh an t-eolas faoin bplean don fheachtas nua ar fáil nuair a d’fhiafraigh Tuairisc den Roinn céard a bhí beartaithe don fheachtas náisiúnta eile a gealladh maidir le cur chun cinn na Gaeilge san ionad oibre agus i suíomhanna sóisialta.

Bhí a leithéid d’fheachtas mar sprioc sa Chlár Rialtais a d’aontaigh Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas in 2020 agus cé gur gheall iarAire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go ndéanfaí dul chun cinn “sa chéad ráithe de 2022” maidir leis an bhfeachtas sna meáin a chur ar bun, níl aon amharc air ó shin.

Tá an chuma ar an scéal anois go ndíreoidh an feachtas atá beartaithe ar an Acht Teanga seachas ar chur chun cinn na Gaeilge san ionad oibre agus ag ócáidí sóisialta.

Dúirt urlabhraí ón Roinn go mbeidh “feachtais feasachta mhóra á reáchtáil go bliantúil as seo amach chun feasacht a chothú faoin Acht agus faoi shaincheisteanna a bhaineann leis an teanga a chur chun cinn, ag tosú i bhfómhar na bliana seo”.

Dúradh nach raibh an buiséad do na feachtais sin socraithe go fóill.

“Tá an Roinn i mbun comhráite leis na comhlachtaí cuí faoi láthair chun a chinntiú go ndéantar an spriocghrúpa a shroicheadh ar an mórscála atá de dhíth. Agus figiúir measta aontaithe i bprionsabal, beidh na ceadanna inmheánacha cuí le lorg ansin ina leith.”

Is iad príomhspriocanna an Achta Teanga ná go mbeadh 20% d’earcaigh nua san earnáil phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge faoi 2030, go gcuirfí na seirbhísí poiblí uile ar fáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht, go mbeadh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go ndéanfaí Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge a fhorbairt.

Tá Coiste Comhairleach ceaptha chun an plean náisiúnta sin a chur le chéile agus taighde ar bun faoi láthair ag Ollscoil na Gaillimhe.

Deir an Roinn freisin go bhfuil “gach deis tapaithe” chun feasacht a chruthú faoin Acht i gcomhlachtaí poiblí trí scríobh go díreach chucu agus trí sheimineáir faisnéise éagsúla a reáchtáil.

Fág freagra ar 'Feachtas meán geallta arís ag an Rialtas chun an Ghaeilge a chur chun cinn'

  • Lurgan

    Foghlam, sealbhú & taitneamh na teanga labhartha i ngáthscoileanna na tíre an chéad chéim. Plean 10 mbliana le go mbeadh cur chuige bunaithe ar na deachleachtais aitheanta le teanga labhartha a fhoghlaim a chuir in áit. Níl tada deacair, casta faoi seo. Ní nach bhfuil an t-airgead a chaitheamh cheana fhéin. Tá os cionn billiún euro in aghaidh na bbliana á chaitheamh ag an Roinn Oid go díreach ar “mhúineadh” na teanga. Is deas “Feachtas Meáin” ach b’éifeachtaí i bhfad Éirinn an teanga a mhúineadh i gceart sa gcéad dul síós.