Feachtas ag dul thar fóir

Slua ag béicíl taobh amuigh de theach Aire Rialtais. Bhí ár gcolúnaí ar an láthair agus labhair sé leis an lucht agóide, leis an aire agus lena bhean chéile faoinar tharla.

1/11/2014. Anti Water Charges Campaigns
Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Bhí slua i mbun agóide taobh amuigh de theach cónaithe an aire iompair Paschal Donohoe i mBaile Átha Cliath deich lá ó shin. Labhair mé leis an lucht agóide, leis an aire agus lena bhean chéile faoinar tharla.

Cúis ghearáin

Chuir iontaobhaithe scéim pinsin Aer Lingus in iúl le gairid go gcaithfí laghduithe ar phinsin a chur i bhfeidhm chun déileáil le heasnamh i gciste na scéime. Léirigh tuairisc achtúire easnamh €750m sa scéim. Thairg Aer Lingus €190m mar chuid den réiteach.

Tá laghdú suas le fiche faoin gcéad a dhéanamh de réir an phlean réitigh ar phinsin na foirne in Aer Lingus agus in aerfoirt Chorcaí, na Sionainne agus Bhaile Átha Cliath. Gearrfar laghdú dá réir ar phinsinéirí reatha, agus laghdú níos mó ar iaroibrithe nár shroich aois an phinsin fós.

Is iad na hiaroibrithe a bhí i mbun agóide taobh amuigh de theach an aire. Dúirt siad le tuairisc.ie gur laghdú suas le 60 faoin gcéad a socraíodh i gcás iaroibrithe. Tá siad ag iarraidh ar an Rialtas, ar Aer Lingus agus ar na ceardchumainn teacht ar phlean réitigh a bheadh ‘cothrom’, dar leo. Níor aontaigh aon dream eile leo go dtí seo.

An Agóid

Chuaigh thart ar chéad iaroibrí go dtí teach an aire iompair Paschal Donohoe i mBaile Phib thart ar a seacht a chlog sa tráthnóna ar 9 Nollaig. Sheas a bhformhór ar an gcosán nó sa tsráid lasmuigh den teach. Sheas thart ar leathdhosaen ar an tairseach le linn na hagóide, a mhair thart ar uair an chloig. Cuireadh meirgí agóide ar chlaí an tí agus ar leac na fuinneoige.

Tháinig beirt Ghardaí ar an láthair tar éis tamaill, ach agóid shíochánta a bhí ann ó thús go deireadh. Mar sin féin, ba léir d’aon bhreathnóir neodrach go scanródh gártha an tslua, bualadh a slata agóide faoin talamh agus seasamh na gceannairí ar an tairseach bean a bhí i bhfeighil paistí óga, mar a bhí Justine Donohoe lena linn. Bhí a fear céile sa Dáil. Shéan urlabhraithe an lucht agóide go raibh sé ar intinn acu Justine agus a clann a scanrú.

An t-aire agus a bhean chéile

Dúirt an t-aire le tuairisc.ie níos deanaí go raibh cruinniú aige le hionadaithe na n-iaroibrithe ar 1 Nollaig. Níor thairg sé leigheas ar a gcás, ach dúirt sé gur thuig sé a míshásamh.

Dar leis gur bhagair siad go reachtálfaidís agóid ag a theach cónaithe mura n-athródh dearcadh an rialtais.

Dúirt Justine Donohoe go raibh a paistí faiteach nuair a chuala siad gártha an tslua. Bhí sí breoite an oíche úd agus bhí faitíos uirthi an doras a oscailt ar chloisteáil chnagadh na gceannairí. Dúirt sí leo nach raibh Paschal sa bhaile, agus thoiligh siad litir a fhágáil sa bhosca litreacha. Tá imní uirthi go bhfillfidh siad, agus nach mbeidh sí ábalta na gasúir a choinneáil ar a suaimhneas.

Tuairim phearsanta

Ba léir an chúis láidir ghearáin a bhí ag na h-iaroibrithe, a reáchtáil agóid eile ar 15 Nollaig taobh amuigh de theach cónaithe an Tánaiste Joan Burton. Ach níl mná ná fir chéile airí rialtais ná a bpáistí (1) tofa ná (2) freagrach ná (3) ábalta labhairt ar a son.

Dá dhonacht cúrsaí na tíre, dá ghéire an fhearg réasúnta atá ar mhóran daoine, ní cóir an fhearg ná an agóidíocht lena fhógairt a dhíriú ar thithe ná ar theaghlaigh pholaiteora.

– Cuireann Cathal Mac Coille an clár ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE.

 

Fág freagra ar 'Feachtas ag dul thar fóir'

  • Aonghus Ó hAlmhain

    Nach i lámha iriseoirí atá cuid den réiteach? Dá ndéanfaí neamhaird iomlán ar agóid mar seo sna meáin, ní ró fhada a mhaireadh sé.

  • Breandán Delap

    An-alt. Scríofa go deas agus iontach géarchúiseach