Faoiseamh éigin faoi dheireadh do dhaoine a d’fhulaing mí-úsáid ina bpáistí

Faoiseamh as cuimse é bille nua d’íobartaigh ach níl deireadh fós lena bhfuireach fada

Faoiseamh éigin faoi dheireadh do dhaoine a d’fhulaing mí-úsáid ina bpáistí

Ag an nóiméad deiridh roimh scor na Parlaiminte in Westminster an tseachtain seo caite ritheadh Bille a fuair aontú na Banríona chun cúiteamh a cheadú do dhaoine a d’fhulaing drochíde in institiúidí cónaithe do pháistí sa chéad seo caite. I bParlaimint ar sceith bhéil í as easaontas agus éagumas b’údar suntais é gur glacadh leis an mBille ón Státrúnaí Julian Smith d’aon ghuth agus le fonn.

Faoiseamh as cuimse ab ea é do na híobartaigh/marthanóirí go raibh a bhfeachtas fada, anróiteach ag druidim chun deiridh. Ar an drochuair níl an scéal réitithe fós agus ní mór brú a choinneáil ar na húdaráis chun a chinntiú go mbunófar Bord Cúitimh go haibéil agus go bhfaighidh na daoine goilliúnacha seo an chabhair atá dlite dóibh gan mhoill.

D’ordaigh an Breitheamh Anthony Hart an cúiteamh, idir airgead agus chóir leighis, beagnach trí bliana ó shin i ndiaidh an fhiosraithe inar chuala sé fianaise uafar ó 500 a fuair mí-úsáid ghnéis agus/nó bualadh agus brúidiúlacht in 22 ionad a bhí in ainm is aire a thabhairt dóibh mar pháistí. Bhí lucht eaglaise, idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh, eagrais charthanachta agus an Stát abhus freagrach as na hinstitiúidí a scrúdaíodh. Chinn an Breitheamh Hart (a fuair bás sa samhradh nuair a bhí na húdaráis fós ag tarraingt na gcos) go raibh 65 ionad eile ba cheart a scrúdú.

Tá suas le scór go leith de na daoine a thug fianaise ag fiosrú an HIA (Historical Institutional Abuse) faoi cheannas an Bhreithimh Hart tar éis bháis ó foilsíodh tuarascáil an Bhreithimh in Eanáir 2017. Bhí Stormont ar lár faoin am sin agus níor ghlac éinne freagracht as na moltaí a chur i gcrích go dtí anois.

Níorbh iontas é go raibh fonn ar fheisirí Parlaiminte deireadh a chur leis an moilleadóireacht scannalach. Rith grúpaí na n-íobartach dianfheachtas chun brú a chur ar pholaiteoirí sa bhaile agus sa Bhreatain Mhór. Agus sna cúirteanna. Rialaigh an Ard-Chúirt i mBéal Feirste an mhí seo go raibh an chumhacht ag Roinn an Fheidhmeannais in Stormont (faoi cheannas státseirbhíseach) moltaí an fhiosraithe a chur i bhfeidhm, go bunúsach cúiteamh airgid a íoc agus seirbhísí comhairleoireachta agus cóir leighis a sholáthar.

Ar feadh dhá bhliain go leith d’airigh na grúpaí a bhí ag obair thar ceann na n-íobartach go raibh neamhaird á déanamh iontu. Mheas státseirbhísigh nach raibh an t-údarás acu gníomhú agus b’fhacthas do lucht feachtais nach raibh le clos ó na Státrúnaithe, James Brokenshire agus a chomharba Karen Bradley, ach bréagchráifeacht. D’athraigh an scéal nuair a ceapadh Julian Smith mar Státrúnaí ar an 24 Iúil; d’airigh siad gur chuir a scéal alltacht air.

Bhí sé sin follasach in óráid Smith nuair a mhol sé an Bille nua sa Pharlaimint. Ní rabhthas cinnte go dtí Dé Máirt go gceadófaí an t-am i dTeach na dTeachtaí roimh scor na parlaiminte roimh an olltoghchán ach tháinig brú mór ó Theach na dTiarnaí, go háirithe ón iarstát-rúnaí de chuid Pháirtí an Lucht Oibre Peter Hain. Gan dabht ba chabhair do Smith a thaithí mar iar-aoire a pháirtí agus ghlac gach dream leis go raibh reachtaíocht mhear riachtanach.

Le tocht ina ghlór d’inis sé scéal an fhir a seoladh chun na hAstráile, mar a bheadh ‘coirpeach de pháiste’ á dhíbirt, agus a fuair drochíde ansin. Chaith an fear a shaol ag déanamh iontais cén sórt saoil a bheadh ag duine a raibh gaolta, teaghlach agus ‘a mhuintir féin’ aige. Tá an fear ar shlí na fírinne anois. Thug Smith cuntas ar litir ó shagart i ndeoise an Dúin agus Chonaire ina bhfuil dhá cheann de na hinstitiúidí a fiosraíodh. Cúis náire dó ab ea an íde a fuair na páistí san dá ionad arsa an sagart. “Tháinig na páistí go dtí na hionaid seo agus iad scanraithe trína chéile ach súil acu go gcaithfí go cineálta leo, le cion agus tuiscint. Ina ionad sin fuair siad doicheall, cruálacht agus mí-úsáid ghnéis agus chorpartha. Ba dheacair áibhéil a dhéanamh faoin méid a d’fhulaing siad agus atá á fulaingt acu i gcónaí de bharr na drochíde.”

Ba é sin an chéad Bhille dá shórt san Ríocht Aontaithe, a dúirt an Státrúnaí Smith ach thuar sé go mbeadh a thuilleadh le theacht amach anseo nuair a chuirfí críoch le fiosruithe i Sasana agus sa Bhreatain Bheag. Chaithfí a bheith ag súil go mbeadh an cúrsa níos réidhe d’íobartaigh sa dá thír sin agus go mbeidh ceachtanna foghlamtha ón bhfaillí agus moilleadóireacht abhus.

Níl bailchríoch curtha ar an obair anseo go fóill. Chuaigh ionadaithe an lucht feachtais go Stormont ar an Luan féachaint cé na socruithe a bhí déanta faoin mBord Cúitimh a bhunú. Gheall David Sterling, ceannaire na státseirbhíse go gceapfaí uachtarán an Bhoird roimh dheireadh na seachtaine agus bhí súil aige go gceapfaí an Bord go sciobtha ina dhiaidh sin. Cén seans go bhfaighidh na híobartaigh a thug fianaise an chéad íocaíocht £10,000 atá geallta dóibh roimh Nollaig? Dhéanfadh sé difear mór do dhaoine atá i bpian, bocht agus cráite.

Níor cheart go mbeadh sé thar chumas na n-údarás an íocaíocht sin a dhéanamh ar bhonn éigeandála agus go ndéanfadh an bord faomhadh cúlghabhálach air. Tá comhbhá agus dea-thoil le brath sa státseirbhís ach ní leor sin. Tá sé thar am gníomhú.

Fág freagra ar 'Faoiseamh éigin faoi dheireadh do dhaoine a d’fhulaing mí-úsáid ina bpáistí'

  • An Teanga Bheo

    Is iomaí cineal mí úsáid daoine ann.