Faoi ghlas sa leithreas – an chaoi le casadh ceart a chur i scéal

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: agus cor á chur agat i gcinniúint do chuid carachtar, is éard atá uait ná eachtra a chuirfidh casadh gan choinne, ach inchreidte, sa scéal

Faoi ghlas sa leithreas – an chaoi le casadh ceart a chur i scéal

D’éirigh liom mé féin a chur faoi ghlas sa leithreas inné, leithreas ar thraein idir Búdaipeist agus Vín. Ba é an chaoi go raibh an glas briste, an hanla scaoilte agus ar crochadh den doras. Gan chuimhneamh, chuir mé an rud ar ais agus chas an glas – ach ansin, nuair a bhí mé réidh, níor éirigh liom an glas a oscailt.

Ní bhogfadh an doras agus ar feadh soicind shamhlaigh mé go mbeinn faoi ghlas go dtí go mbainfeadh an traein ceann scríbe amach – München na Gearmáine. Chaillfinn an traein go Ljubljana na Slóivéine a bhí mé ceaptha a thógáil in Vín, chuirfí trí chéile mo chuid pleananna taistil ar fad – gan trácht ar mé a bheith faoi ghlas in áit bheag bhídeach ar feadh cúpla uair an chloig.

Mo chroí i mo bhéal, thosaigh mé ag útamáil leis an nglas. Bhí an t-ádh liom agus d’éirigh liom é a dheisiú ar an gcéad iarracht.

Agus mé i mo shuí i mo shuíochán arís, an t-aidréanailín fós ag coipeadh i mo chuislí, rith sé liom gur casadh iontach i bplota scéil a bheadh san eachtra a bhí mé díreach tar éis a bheith agam.

Is ait an chaoi go n-éiríonn le heachtraí beaga fánacha saol duine – nó cinniúint charachtair fhicseanúil – a athrú. Sa chás seo, d’fhéadfadh carachtar a bheith ar a bhealach go dtí an tSlóivéin, ach a bhuíochas le glas briste, d’fhéadfadh sé críochnú suas sa Ghearmáin – agus cá bhfios nach gcasfaí grá a shaoil air ansin, agus mar sin de.

Nuair a bhíonn tú ag iarraidh cor a chur i gcinniúint do chuid carachtar, an rud deireanach atá uait ná casadh sa scéal atá rófhollasach; má dhéanann tú sin, mothóidh an léitheoir go bhfuil bob á bhualadh air.

An rud atá uait ná eachtra inchreidte éigin a chuirfidh saol an charachtair in aimhréidh nach mór i ngan fhios dó féin, ach nach bhfuil go hiomlán fánach, ná seachtrach. Agus mé sa leithreas sin ar an traein, bhí sé tugtha faoi deara agam go raibh an glas briste sular shocraigh mé an doras a chur faoi ghlas mar sin féin. Bhí rogha agam – agus rinne mé an rogha mhícheart. Gan dabht dá mba charachtar in úrscéal mé, ní ligfeadh an scríbhneoir dom an doras a oscailt.

Fág freagra ar 'Faoi ghlas sa leithreas – an chaoi le casadh ceart a chur i scéal'