Fanaimis glan ar na feachtais aithisithe atá ar siúl i gcoinne na Síne

Ní hamháin nach ngéillfeadh an tSín don Iarthar ach tá an oiread sin borradh faoin eacnamaíocht ansin go bhfuil siad ag dul chun tosaigh ar na Stáit Aontaithe féin

Fanaimis glan ar na feachtais aithisithe atá ar siúl i gcoinne na Síne

Tá borradh úr curtha faoin bhfeachtas in aghaidh na Síne le scéal an réalta leadóige, Peng Shuai.

Níl a fhios agamsa an ndearnadh feall uirthi i ndiaidh di gearán a dhéanamh gur chuir iar-leas-uachtarán an tíre iachall uirthi caidreamh gnéasach a bheith aici leis. Ach níl a fhios ag bolscairí an iarthair sin ach an oiread.

Rud amháin is ea ceist a chur.  Rud eile ar fad breithiúnas a thabhairt cheal fíricí.

Sa gcás seo, dúradh nár facthas Peng le coicís agus nach raibh daoine ón gcoigríoch in ann teacht uirthi le caint léi.

Ansin bhí sí le feiceáil ag ócáid leadóige sa tSín ag tabhairt sínithe dá lucht leanúna.  Níorbh leor sin, mar dúirt na bolscairí nach rabhthas in ann na físeáin a dhearbhú.

Ansin labhair sí le Thomas Bach, Uachtarán Choiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha, ar ghlaoch físe ar an bhfón.  Níorbh leor sin ach an oiread, agus cáineadh Bach go láidir as a bheith ina fhichillín de chuid rialtas na Síne.

Sea, bhí na Sínigh le damnú má bhí sí le feiceáil, nó mura raibh.  Bhí siad le damnú ba chuma an ndéanfadh sí caint le daoine ón gcoigríoch, nó nach ndéanfadh.

Agus an sprioc atá ag bolscairí an iarthair? Baghcat ar Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh atá á reáchtáil sa tSín an bhliain seo chugainn.

An bhfeiceann sibh an ceangal?

Tá feachtas in aghaidh na Síne ar siúl le tamall fada, go háirithe ó tháinig fás mór ar eacnamaíocht na tíre agus feabhas mór ar a cumas dul in iomaíocht leis an Stáit Aontaithe agus leis an Eoraip.

Bhí Trump ag iarraidh bac a chur ar chuid mhaith den trádáil leis an tSín, agus tá Biden ag leanúint leis an bpolasaí sin.  Ach tá doicheall fiú ar an Aontas Eorpach roimh ghlacadh le treoir Mheiriceá sa gcás seo. Tá tíortha eile an domhain, san Áise agus san Afraic, ag tabhairt an chluas bhodhar ar fad d’éileamh na Meiriceánach.

Murar féidir dul chun cinn a dhéanamh, céard atá fágtha ach an pholaitíocht, agus líomhaintí go bhfuil cearta an duine á sárú ag rialtas cumannach na Síne.

Chuige sin, tá lucht bolscaireachta an iarthair ag tabhairt faoin tSín i dtaobh Hong Cong, scéal na nUigiúrach agus, an t-ábhar cáinte is deireanaí, an Téaváin.

Tá mé féin amhrasach faoi scéal na nUigiúrach, mar is Uigiúraigh iad na hoifigigh is sinsearaí sa gcúige Xinjiang agus sa bpáirtí cumannach sa gceantar. Ní thabharfadh sin le tuiscint go bhfuil teanga is cultúr na nUigiúrach á gcur faoi chois.

Maidir leis an Téaváin, is cuid den tSín é an t-oileán sin. Is Sínigh Han móramh mór de phobal an oileáin, díreach mar atá ar mhórthír na Síne.  Go deimhin Poblacht na Síne an t-ainm a thugtar ar an oileán.

Sé sin, ní náisiún faoi leith iad muintir na Téavaine ach an chuid sin den tSín nár ghabh na cumannaigh ag deireadh chogadh na réabhlóide nuair a díbríodh na fórsaí rachmasacha is na Meiriceánaigh as mórthír na Síne.

Ceist inmheánach ar fad é mar sin do mhuintir na Síne cén cineál córas eacnamaíochta is polaitíochta a bheidh acu.

Nuair a bhí an cogadh fuar faoi lánseol is i gcoinne na Rúiseach a bhí na feachtais.  Ach, go deimhin, cé nach stát cumannach a thuilleadh í an Rúis tá an sean-aithisiú céanna ar siúl faoin tír sin anois toisc nach mbíonn sí sásta géilleadh don iarthar.

Agus is measa fós an scéal i gcás na Síne, mar ní hamháin nach ngéillfeadh sí don Iarthar ach tá an oiread sin borradh faoin eacnamaíocht ansin go bhfuil siad ag dul chun tosaigh ar na Stáit Aontaithe féin.

Ach céard is fiú an chaint seo faoi chearta an duine i gcomparáid leis an gciníochas oscailte i gcoinne na ndaoine gorma sna Stáit Aontaithe, leis na cogaí i gcoinne thíortha an Mheánoirthir, leis an buille faoi chois a imrítear ar an Lucht Taistil in Éirinn féin.

Sea, tá sraith ceisteanna diúltacha conspóideacha faoin tSín ag na meáin san iarthar. Is amhlaidh, ar ndóigh, inár dtírín beag féin, mar, má pé rud a deir an máistir ní mór dúinne aithris air.

Tá súil ag bolscairí an iarthair, leis na feachtais seo faoi chearta daonna, faoi na hUigiúraigh, faoi Hong Cong, faoin Téaváin, go mbreathnófar ar an tSín mar stát an oilc, agus gur féidir ar an mbonn sin tionchar na Síne ar an trádáil dhomhanda a laghdú.

Níl ag éirí leis na feachtais seo sa gcuid is mó den domhan, agus creidim go mba chóir dúinne in Éirinn a bheith san airdeall freisin nach uirlis muid i gcluiche suarach idirnáisiúnta a bhaineann níos mó le difríochtaí is coimhlintí idé-eolaíocha ná leid an bhfírinne.

Fág freagra ar 'Fanaimis glan ar na feachtais aithisithe atá ar siúl i gcoinne na Síne'

  • Gearóid

    A Eoghain, a chara,
    is tearc do chuid eolais ar na diabhail atá i bhfeidhm sa tSín agus na coireanna gránna a dheinid ó aimsir Mhao go dtí an lá atá inniu ann. Léigh Mao the Untold story agus eile agus agus tiocfaidh spréach solais id’ chloigeann i dtaobh na tíre so go bhfuil an oiread sin ráiméise ag sceitheadh aisti,

  • Antóin

    An-CV ag Eoghain. An chéad uair eile a bheifear ag earcú daoine sa Rannóg um an tSín a chur chun cinn Thar Lear beidh sé ullamh.

  • Derry

    I ndáirire?

  • Fiachra Mac Cana

    Bionn daoine i gconai sásta cosaint a dhéanamh ar an fear mor. Go háirithe an fear mor atá ag dul chun chinn. An scéal ceanna a bhi ann sna triochaidi.

  • Antóin

    Is geal atá réalt na maidine ag soilsiú san oirthear!