Fadó, fadó, nuair a bhí mé ag obair mar iriseoir leis an nuachtán Foinse…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: tá homo sapiens an lae inniu in ann an lá ar fad a chaitheamh ag breathnú ar scáileáin mhóra agus bheaga más gá, ach ní hé sin le rá gurb é sin is fearr dó

Fadó, fadó, nuair a bhí mé ag obair mar iriseoir leis an nuachtán Foinse…

Fadó, fadó, nuair a bhí mé ag obair mar iriseoir leis nuachtán Foinse, théadh cuid mhór den fhoireann ar shiúlóid tar éis am lóin. Breandán Delap, a bhí ina eagarthóir ar an bpáipéar ag an am, a spreagadh muid agus leanadh an chuid eile againn é go drogallach – fear é Breandán a thógann céimeanna móra. Agus é chun tosaigh, shiúlaimis bóithre agus bóithríní na Ceathrún Rua mar a bheadh madra mire inár ndiaidh. Uaireanta bhíodh dáiríre.

Ach níorbh é sin an fáth go mbíodh lúcháir orm i gcónaí nuair a bhainimis an oifig amach arís tar éis leathuair an chloig. Bhíodh lúcháir orm go raibh fuinneamh agam arís tabhairt faoi obair an tráthnóna – fuinneamh nach raibh agam agus nár shamhlaigh mé a bheadh agam sula ndeachaigh muid amach ar an tsiúlóid sin.

Inniu, cuimhním ar an traidisiún sin i gcónaí an chorruair a dtéim amach ag siúl tar éis am lóin nó níos moille sa tráthnóna, nuair nach mbíonn an ghrian ag scalladh chomh neamhthrócaireach sin sna bólaí a bhfuil cónaí orm anois. Faraor géar, ceal saoiste nó comhghleacaithe a thabharfadh spreagadh dom, ní i gcónaí a ritheann sé liom dul amach ar shiúlóid nuair a bhíonn briseadh de dhíth ar m’aigne.

Sa dufair a tháinig an cine daonna chun cinn agus an dufair chéanna a mhúnlaigh ár n-inchinn. Ar ndóigh, is fada an lá ó bhímis ag maireachtáil i measc na gcrann agus níl rud ar bith ar domhan chomh solúbtha le haigne an duine. Ach cé go bhfuil homo sapiens an lae inniu in ann an lá ar fad a chaitheamh ag breathnú ar scáileáin mhóra agus bheaga más gá, ní hé sin le rá gurb é sin is fearr dó.

An chuach a chloisimis ar an gCeathrú Rua tráthanna áirithe den bhliain a chuirfeadh gliondar ar mo chroí nuair a théadh foireann Foinse amach ar a gcuid siúlóidí ansin fadó; pearaicítí, dordéiníní agus éin thrópaiceacha eile a chuireann gliondar ar mo chroí nuair a théim amach ag siúl inniu. 

Cuireann a ngiolcadh m’aigne ar a suaimhneas, leis, agus ghabhfainn chomh fada lena rá go bhfuil siúlóidí laethúla amuigh faoin spéir chomh riachtanach céanna d’aigne an scríbhneora agus cupán caife an chéad rud ar maidin.

Fág freagra ar 'Fadó, fadó, nuair a bhí mé ag obair mar iriseoir leis an nuachtán Foinse…'