Eolas nua ar fáil faoi líon na gcásanna Covid-19 i ngach toghcheantar Gaeltachta

Léiríonn staitisticí atá bailithe ag an Roinn Sláinte cé chomh fairsing agus a scaip an coróinvíreas sa stát ó dheas

Eolas nua ar fáil faoi líon na gcásanna Covid-19 i ngach toghcheantar Gaeltachta

Níor aimsíodh cás ar bith den ghalar Covid-19 i níos mó ná aon trian de na toghcheantair Ghaeltachta ar fud na tíre.

Léiríonn staitisticí nua ón Roinn Sláinte agus an Phríomh-Oifig Staidrimh cé chomh fairsing agus a scaip an coróinvíreas sa stát ó dheas. Baineann na figiúirí le cásanna a deimhníodh ó thús na ráige go dtí lár na míosa seo.

De réir na hanailíse atá déanta ag Tuairisc.ie ar an eolas nua, as na 155 toghcheantar atá sa Ghaeltacht, nó a bhfuil cuid díobh sa Ghaeltacht, ní raibh cás ar bith den choróinvíreas i 56 ceann acu (féach Tábla 2).

Ní raibh oiread is cás amháin deimhnithe i nGaeltacht Phort Láirge go dtí seo agus is léir gur tháinig muintir na Gaeltachta ar fud na tíre slán ón gcuid is measa den ráig.

Níor deimhníodh níos mó ná ceithre chás ach i 17 de na 155 toghcheantar Gaeltachta ar fud na tíre (Féach Tábla 2). Bhí cuid mhaith de na toghcheantair sin ar imeall na Gaeltachta, i mbruachbhailte chathair na Gaillimhe, mar shampla.

De réir na hanailíse atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí na Roinne Sláinte agus an CSO, bhí níos lú ná cúig chás i bhformhór na gceantar Gaeltachta.

Is i nDún na nGall a bhí an líon is mó toghcheantar Gaeltachta inar aimsíodh níos mó ná ceithre chás. De réir staitisticí na Roinne Sláinte, bhí sé thoghcheantar Gaeltachta sa chontae ina raibh cúig chás nó níos mó.

In Anagaire, in iarthuaisceart Dhún na nGall, deimhníodh deich gcás den ghalar. Bhí sé chás i Machaire Chlochair agus sé chás eile ar an gClochán Liath.

In iardheisceart an chontae, bhí cúig chás i gCill Charthaigh agus cúig chás i dtoghcheantair Ghleann Gheis.

Bhí níos lú ná cúig chás i ngach toghcheantar Gaeltachta eile i nDún na nGall.

TÁBLA 1: NA TOGHCHEANTAIR GHAELTACHTA LE NÍOS MÓ NÁ CEITHRE CHÁS

Ceantar Contae Cásanna
Bearna (Cathair na Gaillimhe)* Gaillimh 25
Mionlach* Gaillimh 13
An Caisleán Gearr* Gaillimh 27
Ceathrú an Bhrúnaigh Gaillimh 18
Baile Chláir Gaillimh 5
Cnoc na Lobhar Maigh Eo 5
Béal an Mhuirthead Maigh Eo 59
An Geata Mór Thuaidh Maigh Eo 9
An Geata Mór Theas Maigh Eo 7
Cill Charthaigh Dún na nGall 5
Gleann Gheis* Dún na nGall 5
Machaire Chlochair Dún na nGall 6
Anagaire Dún na nGall 10
An Clochán Liath Dún na nGall 6
An Cheathrú Chaol Dún na nGall 5
Áth Buí* An Mhí 8
Domhnach Phádraig* An Mhí 6

*Níl an toghcheantar iomlán sa Ghaeltacht  

Is i Maigh Eo a bhí an líon is mó cásanna in aon toghcheantar Gaeltachta amháin. Deimhníodh 59 cás den choróinvíreas i mBéal an Mhuirthead, de réir fhigiúirí na Roinne Sláinte.

Bhuail drochráig den ghalar teach altranais sa bhaile sin agus tuairiscíodh an mhí seo caite go raibh naonúr ag bhí ag fáil cúraim ann tar éis bháis.

Ba mheasa a bhí na ceantair timpeall ar Bhéal an Mhuirthead buailte ná áiteanna eile chomh maith. Bhí naoi gcás ar an nGeata Mór Thuaidh agus seacht gcinn eile ar an nGeata Mór Theas. Cúig chás a deimhníodh i gCnoc na Lobhar, taobh thoir de Bhéal an Mhuirthead.

Bhí cúig thoghcheantar Gaeltachta i nGaillimh inar deimhníodh níos mó ná ceithre chás den choróinvíreas ach bhí formhór acu ar an taobh thoir den chathair. Ceann acu sin ab ea An Caisleán Gearr, áit a raibh 27 cás agus braisle cásanna i dteach altranais san áireamh ansin.

Ba é toghcheantar Bhearna (Cathair na Gaillimhe), a bhfuil leath de lasmuigh den Ghaeltacht, an t-aon toghcheantar Gaeltachta taobh thiar de chathair na Gaillimhe inar aimsíodh níos mó ná ceithre chás. 25 cás ar fad a bhí sa toghcheantar sin.

TÁBLA 2: Na háiteanna nár aimsíodh oiread is cás amháin den ghalar

Ceantar Contae
Na Forbacha Gaillimh
Sliabh an Aonaigh Gaillimh
Cill Aithnín Gaillimh
Cill Chuimín (Ros an Mhíl) Gaillimh
Cill Chuimín Gaillimh
Leitir Móir Gaillimh
An Turlach Gaillimh
Abhainn Ghabhla Gaillimh
Maíros* Gaillimh
Cloch na Rón* Gaillimh
Binn an Choire* Gaillimh
An Fhairche Gaillimh
An Chorr Gaillimh
An Uilinn Gaillimh
An Ros Maigh Eo
Partraí* Maigh Eo
Tamhnaigh na Graí* Maigh Eo
Na Monga Maigh Eo
Gleann na Muaidhe Maigh Eo
Barr Rúscaí Maigh Eo
Maol Mosóg* Dún na nGall
An Bhinn Bhán* Dún na nGall
An Ghrafaidh Dún na nGall
Loch Iascaigh* Dún na nGall
Allt na Péiste* Dún na nGall
Árainn Mhór Dún na nGall
An Dúchoraidh Dún na nGall
Cnoc Colbha* Dún na nGall
Cill Bhríde* An Mhí
An Rinn Port Láirge
Baile Mhac Airt Port Láirge
Aird Mhór* Port Láirge
Cléire Corcaigh
Na hUláin Corcaigh
Gort na Tiobratan Corcaigh
Doire Fhinín Corcaigh
Claonráth* Corcaigh
Béal Átha an Ghaorthaidh* Corcaigh
Baile an Sceilg Ciarraí
Toghroinn Fhíonáin Ciarraí
Trian Iarthach* Ciarraí
An tImleach* Ciarraí
Ceannúigh* Ciarraí
An Baile Breac* Ciarraí
Doire Fhíonáin* Ciarraí
Cathair Dónall* Ciarraí
Doire Ianna* Ciarraí
Na Beathacha* Ciarraí
An Baile Dubh Ciarraí
An Mhin Aird Ciarraí
Cinn Aird Ciarraí
An Clochán Ciarraí
Cé Bhréanainn Ciarraí
Márthain Ciarraí
Dún Urlann Ciarraí
Dún Chaoin Ciarraí

*Níl an toghcheantar iomlán sa Ghaeltacht  

Níor aimsíodh cás ar bith i roinnt toghcheantar i gConamara – Na Forbacha, Cill Chuimín (Ros an Mhíl) agus Leitir Móir ina measc.

Tháinig na ceantair Ghaeltachta i gCúige Mumhan slán ón ngalar den chuid is mó.

Idir 5-20 cás atá i gCorca Dhuibhne, de réir cosúlachta. Níos lú ná cúig chás atá aimsithe i mbaile an Daingin agus níor aimsíodh cás ar bith i dtoghcheantair Dhún Chaoin, Dhún Urlann, Mhárthain agus roinnt eile. Idir 1-4 cás atá i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh.

I gCorcaigh, is iad toghcheantair Chill na Martra, Bhéal Átha an Ghaorthaidh agus Cheann Droma na trí thoghcheantar Gaeltachta inar aimsíodh cásanna Covid-19 sa chontae. Idir 1-4 cás a bhí i gceist i ngach ceann acu.

Mar atá luaite, níl cás ar bith deimhnithe sna trí thoghcheantar i nGaeltacht Phort Láirge – An Rinn, Baile Mhac Airt agus Aird Mhór.

I gcontae na Mí, bhí ocht gcás i dtoghcheantar Átha Buí, a bhfuil cuid bheag de i nGaeltacht Ráth Chairn. Tá píosa de Ghaeltacht Bhaile Ghib i nDomhnach Phádraig, áit ar deimhníodh sé chás den choróinvíreas.

Tá líon na marbh i ngach contae fógartha ag an bPríomh-Oifig Staidrimh chomh maith. Tá trí chontae Gaeltachta – Gaillimh, Ciarraí agus Port Láirge – i measc na sé chontae ar fud na tíre ina bhfuair níos lú ná deichniúr bás de bharr Covid-19 idir thús na ráige agus an 12 Meitheamh.

Naonúr a bhásaigh i nGaillimh, seisear a bhásaigh i gCiarraí agus níos lú ná cúigear atá básaithe i bPort Láirge.

Is iad Liatroim, an Longfort agus Sligeach na trí chontae eile ina bhfuair níos lú na deichniúr bás.

Ó thaobh na gcontaetha Gaeltachta eile, bhásaigh 49 duine i gCorcaigh de bharr Covid-19 sa tréimhse sin, 40 duine a bhí i gceist i nDún na nGall, 41 duine a bhásaigh i Maigh Eo agus 53 duine a bhí i gceist i gcontae na Mí.

Is é Baile Átha Cliath agus na ceantair timpeall air is measa a bhí buailte ag cásanna Covid-19. Tá 742 básaithe sa chontae sin ó mhí an Mhárta agus deimhníodh an líon is mó cásanna sa tír i dtoghcheantar Chluain Dolcáin-na Mainistreach in iardheisceart na cathrach, mar ar deimhníodh 327 cás.

Ní raibh aon bhás de dheasca Covid-19 le fógairt ag na húdaráis sláinte thuaidh ná theas inné.

B’in an dara huair le seachtain gur tharla a leithéid. B’amhlaidh an scéal Dé Luain seo caite nuair nach raibh aon bhás le fógairt thuaidh ná theas den chéad uair ón 21 Márta.

Sé chás nua den ghalar a dheimhnigh an Roinn Sláinte inné. D’fhógair an Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna go rabhthas tagtha ar cheithre chás nua den ghalar.

2,260 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,715 duine ó dheas den teorainn agus 545 ó thuaidh di.

30,249 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,379 cás ó dheas den teorainn agus 4,870 cás ó thuaidh.

De réir na bhfigiúirí ó mheán oíche Dé hAoine seo caite, níor deimhníodh aon chás nua den ghalar in aon cheann de na contaetha Gaeltachta seachas i gcontae na Mí agus i gcontae Maigh Eo.

Cás eile amháin a deimhníodh sa dá chontae sin.

Fág freagra ar 'Eolas nua ar fáil faoi líon na gcásanna Covid-19 i ngach toghcheantar Gaeltachta'