Éire faoi bhrú ag an bhfoireann is láidre a chuir na hAstrálaigh chun páirce riamh

Imreofar an tSraith Idirnáisiúnta idir Éire agus an Astráil anocht i bPáirc an Chrócaigh agus tar éis dóibh Corn Cormac McAnallen a bhuachan anuraidh, dealraíonn sé go mbeidh sé deacair na hAstrálaigh a stopadh an geábh seo

Bernard Brogan le Luke Hodge. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan
Bernard Brogan le Luke Hodge. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Agus Éire agus an Astráil ag tabhairt aghaidh ar a chéile anocht i bPáirc an Chrócaigh, ní den chéad uair, tá fiúntas na Sraithe Idirnáisiúnta á cheistiú ag daoine sa tír seo. Níl aon dabht gurb iontach an seó é an cluiche seo nuair a dhéanann an dá fhoireann a ndícheall agus nuair a roghnaítear na himreoirí is fearr.

Léiríodh é sin i 2002, 03, 04 agus 06. Dfhreastail breis agus 100,000 duine ar na cluichí idir na foirne gach bliain acu sin, ach, faraor, tá a mhalairt feicthe againn chomh minic céanna. Cluichí aontaobhacha os comhair slua beag agus suim caillte ag ceann den dá fhoireann sa chluiche.

I 2013, agus an chuid is mó de shárimreoirí na hAstráile fágtha sa bhaile acu, rinne Éire scrios iomlán ar fhoireann nach raibh ach bundúchasaigh air. I ndiaidh dhá chluiche i bPáirc Breffni agus Páirc an Chrócaigh, bhí breis agus 100 pointe ag scaradh na bhfoirne agus níor fhreastail ach 28,000 míle ar an dara cluiche.

Lena gceart a thabhairt don Astráil, tá feabhas tagtha orthu i bhfad ó shin. Agus cinneadh déanta acu gan ach peileadóirí a roghnaíodh ar an bhfoireann All-Australian a phiocadh, tá caighdeán na n-imreoirí ardaithe go mór.

Anuraidh i bPerth, bhí siad i bhfad róláidir dfhoireann na hÉireann agus cé nach raibh ach 10 bpointe eatarthu sa deireadh, 56-46, bhí na hAstrálaigh i bhfad níos fearr ná mar a thabharfadh clár na scór le fios. Ag leath ama, bhí siad 35-7 chun cinn agus cúis náire ar fad a bheadh ag na hÉireannaigh murach an cúpla cúl deireanach a scóráil siad sa chluiche.

Tá cuid mhaith dfhoireann sin na hAstráile ar ais i mbliana gan ach cúigear nua tagtha isteach sa phainéal agus dar le Tadhg Kennelly, atá á dtraenáil, is í an fhoireann is fearr atá curtha chun páirce ag na hAstrálaigh riamh í.

Ina measc tá seisear atá ina gcaptaein ar a gcuid clubanna agus triúr de na himreoirí óga is fearr san Astráil a bhí mar chéad rogha san AFL Draft. Ar dhuine acu sin tá Luke Hodge, an fear a bhuaigh gradam laoch na himeartha sa chluiche anuraidh agus imreoir a gcaithfear súil ghéar a choinneáil arís air.

Ar an dea-uair, níl foireann na hÉireann, atá faoi cheannas Joe Kernan, gan mhaith, ní dhearnadh cúrsaí pioc níos éasca dóibh agus cuid mhaith de na himreoirí is fearr sa tír in easnamh orthu. Dá mbeifeá ag piocadh foirne chun aghaidh a thabhairt ar na hAstrálaigh, seans gurb é Michael Murphy an chéad fhear a roghnófá ach ní bheidh an Conallach ag glacadh páirte sa tsraith agus sos ón imirt á thógáil aige.

Chomh maith leis sin, níor tugadh cead daon cheann de na hÉireannaigh atá ag imirt san AFL, leithéidí Zach Tuohy, Pearce Hanley agus Ciaran Sheehan, imirt sa chluiche anocht. Ní bheidh fáil ach an oiread ar Chiarán Kilkenny agus Tommy Walsh, beirt atá tagtha ar ais i ndiaidh seal a thabhairt san Astráil.

Ina dhiaidh sin féin, tá foireann láidir pioctha ag Kernan, naonúr a bhuaigh gradam All-Star, an triúr a ainmníodh do ghradam Peileadóir na Bliana, Jack McCaffrey, Philly McMahon agus Bernard Brogan, ina measc.

Tá níos mó ná mórtas náisiúnta ag brath ar iarrachtaí na nÉireannach sa chluiche seo. Agus suim an phobail sa tsraith ag trá, má thugann na hÉireannaigh lagthaispeántas uathu cosúil leis an gceann a thug siad anuraidh, is baolach nach mbeadh aon aird ag daoine ar na cluichí faoi cheann dhá bhliain eile.

Rogha Tuairisc.ie: An Astráil

Fág freagra ar 'Éire faoi bhrú ag an bhfoireann is láidre a chuir na hAstrálaigh chun páirce riamh'