Éire d’uireasa Sexton don chluiche mór i bPáras ag an deireadh seachtaine

Imreoidh Joey Carbery in áit Johnny Sexton in aghaidh na Fraince Dé Sathairn agus gortú ag cur as d’fhear Chúige Laighean

Éire d’uireasa Sexton don chluiche mór i bPáras ag an deireadh seachtaine

Ní imreoidh captaen na hÉireann Johnny Sexton in aghaidh na Fraince Dé Sathairn beag seo [4.45in] agus gortú i dteannán a ioscaide ag cur as dó. Joey Carbery na Mumhan a thiocfaidh isteach in áit Sexton don chluiche i bPáras, an t-aon athrú ón bhfoireann a bhuaigh ar an mBreatain Bheag an deireadh seachtaine seo caite.

Gortaíodh Sexton le linn seisiúin traenála inné agus fágann sin go dtosóidh Carbery a chéad chluiche i gCraobh na Sé Náisiúin. Buille mór é d’Éirinn a bheith d’uireasa Sexton ach má bhíonn na himreoirí eile chomh maith is a bhíodar sa chéad bhabhta ba cheart go mbeadh seans maith acu go fóill in aghaidh na bhFrancach.

Tá ardú céime faighte ag Jack Carty agus imreoir Chonnacht anois i measc na bhfear ionaid. Tá Robbie Henshaw agus Iain Henderson ainmnithe mar ionadaithe freisin agus iad tagtha ar ais ó bheith gortaithe.

Seachas Carbery a thabhairt isteach in áit Sexton, níl athrú ar bith eile ar an bhfoireann atá ainmnithe ag Andy Farrell don chluiche in aghaidh na Fraince.

Andrew Porter, Ronan Kelleher agus Tadhg Furlong atá sa líne thosaigh agus beidh Tadhg Beirne agus James Ryan taobh thiar díobh. Is é Ryan a bheidh ina chaptaen ar an bhfoireann. Caelan Doris, Josh van der Flier agus Jack Conan atá ainmnithe arís sa líne chúil.

Is iad Jamison Gibson-Park agus Carbery an bheirt leathchúlaithe agus Bundee Aki agus Garry Ringrose, beirt a d’aimsigh úid in aghaidh na Breataine Bige, atá ainmnithe i lár páirce.

Beidh Andrew Conway, a scóráil dhá úd sa chéad chluiche, agus Mack Hansen, a d’imir an-mhaith ina chéad chluiche d’Éirinn, ar na cliatháin agus beidh Hugo Keenan i ngeansaí na lánchúlaithe arís.

...
Foireann na hÉireann v An Fhrainc

  1. Hugo Keenan
  2. Andrew Conway
  3. Garry Ringrose
  4. Bundee Aki
  5. Mack Hansen
  6. Joey Carbery
  7. Jamison Gibson-Park
  8. Andrew Porter
  9. Rónan Kelleher
  10. Tadhg Furlong
  11. Tadhg Beirne
  12. James Ryan
  13. Caelan Doris
  14. Josh van der Flier
  15. Jack Conan

Ionadaithe:

  1. Dan Sheehan
  2. Cian Healy
  3. Finlay Bealham
  4. Iain Henderson
  5. Peter O’Mahony
  6. Conor Murray
  7. Jack Carty
  8. Robbie Henshaw[/infobox

Fág freagra ar 'Éire d’uireasa Sexton don chluiche mór i bPáras ag an deireadh seachtaine'