Éigse na Brídeoige 2015: Creideamh agus Cré

Déanfar scagadh ar oidhreacht spioradáltachta an phobail thiar ó dheas in Uíbh Ráthach i gCiarraí an deireadh seachtaine beag seo ag Éigse na Brídeoige. An Chríostaíocht agus a dtáinig roimpi, seandálaíocht, béaloideas, stair, litríocht, logainmneacha agus cruth na tíre féin – cíoradh ar shaol spioradálta na ndaoine a mhair romhainn agus an dream atá suas anois a bheidh ann, mar aon le caint, ceathrún agus ceol.

norman-lough-brin

Beidh Éigse na Brídeoige, féile chultúrtha, ilghnéitheach, dhátheangach, á reáchtáil don 23ú huair timpeall ar Lá ‘le Bríde i 2015.  Mar is gnách, is iad saíocht agus oidhreacht shaibhir Uíbh Ráthaigh a bheidh fé chaibidil ag an Éigse.

Creideamh agus Cré’ is téama don Éigse i 2015 agus beidh iniúchadh á dhéanamh le linn na deireadh seachtaine ar rian an chreidimh ar an taobh sin tíre, mar a shonraítear é i láithreacha seandálaíochta, sa bhéaloideas agus i miotaseolaíocht Uíbh Ráthaigh. Beidh idir an Chríostaíocht agus an Réamh-Chríostaíocht i gceist.

I measc na gcainteoirí a chloisfear ag an Éigse, beidh:

  • John Sheehan, seandálaí, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh;
  • Paddy Bushe, file agus údar;
  • Michael Connolly, Seandálaí Chomhairle Contae Chiarraí;
  • Ríonach Uí Ógáin, Stiúrthóir Chnuasach Bhéaloideas Éireann;
  • Gearóid Ó Crualaoich, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, údar agus béaloideasóir.

Eagrófar turas treoraithe ar láithreacha seandálaíochta mar a ndéanfar plé ar an tseandálaíocht féin, ar logainmneacha agus ar bhéaloideas an cheantair.

Seolfaidh Seán Mac a’ tSithigh RTÉ leabhar nua leis an mbéaloideasóir Séamas Ó Catháin, dar teideal ‘Gaelic Grace Notes’, mar gheall ar an saineolaí ceoil Ole Mork Sandvik ón Iorua, a chaith tréimhse i mBaile an Sceilg i 1927 agus a bhailigh idir cheol agus amhráin ó mhuintir na háite ann.

Ní ar chúrsaí léinn amháin a bheifear ag díriú ag an Éigse, áfach. Beidh ceolchoirm ann leis an sáramhránaí Róisín Elsafty, á tionlacan ag Siobhán Armstrong, cruitire, agus Peter Browne, píobaire.

Go deimhin, beidh oícheanta ceoil agus amhránaíochta ar siúl le haíonna na hÉigse le linn na deireadh seachtaine go léir mar aon le scoth na gceoltóirí ó cheantar Uíbh Ráthaigh féin.

Má ráinníonn tú a bheith saor, mar sin, tabhair d’aghaidh ar an ndúthaigh álainn, dhraíochtúil seo, mar a mbeidh ‘tinteacha cnámh’ romhat, ‘báire agus ceol…mar a gcaithid chun dí……puins, fíon agus beoir’.

Tuilleadh eolais: https://www.eigsenabrideoige.com/