Chuir breithiúnas stairiúil Chúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe an tseachtain seo rud éigin tábhachtach in iúl dúinn go léir: ní foláir idirdhealú a dhéanamh i gcónaí idir bruíon bhunreachtúil agus éigeandáil bhunreachtúil dháiríre.
Ní hionann an dá rud ach an oiread, cé go mbíonn nuachtáin na hÉireann lán gach lá le tagairtí do chliseadh agus do theip ghlan pholaitíocht na Breataine tar éis thoradh na pobalbhreithe in 2016.
Ach is léir tar éis chinneadh na Cúirte Uachtaraí go raibh sé mídhleathach ag Boris Johnson an pharlaimint a chur ar fionraí, nach bhfuil institiúidí ársa na Breataine lofa ná ag titim as a chéile. Tá na hinstitiúidí sin faoi bhrú gan amhras faoi láthair, ach is féidir leo a gcuid oibre a dhéanamh freisin. Tá siad faoi bhrú go háirithe mar gheall ar choimhlint ghéar agus ceist mhór atá i lár na díospóireachta faoin mBreatimeacht.
An amhlaidh go bhfuil breith an phobail anois níos tábhachtaí ná vótaí na bhfeisirí in Westminster? Níl freagra ag éinne ar an gconspóid seo, ach ba mhór an chabhair an iarracht a rinne Lady Hale agus Lord Reed teacht ar réiteach ar an scéal.
Ar deireadh, chinn siad ar shlí go mba chuma leo mar gheall ar an gcoimhlint sin. Dar leo siúd, níl ach foinse údaráis amháin sa Ríocht Aontaithe, agus sin an dlí. Cuireann an dlí srian ar na daoine a a bhíonn ag díriú i gcónaí ar thoradh an reifrinn agus cuireann sé an srian céanna orthusan a deir gur ag na feisirí in Westminster atá an fhíorchumhacht.
Chuir an dlí stop leo siúd a rinne iarracht an reifreann a úsáid chun Westminster a dhíscor ar feadh cúig seachtaine. Seo mar a dhearbhaigh na breithiúna:
The 17th century was a period of turmoil over the relationship between the Stuart kings and Parliament, which culminated in civil war. That political controversy did not deter the courts from holding, in the Case of Proclamations (1611) 12 Co Rep 74, that an attempt to alter the law of the land by the use of the Crown’s prerogative powers was unlawful. The court concluded at p 76 that ‘the King hath no prerogative, but that which the law of the land allows him’, indicating that the limits of prerogative powers were set by law and were determined by the courts.
Agus tá an chumhacht chéanna ag na cúirteanna cur isteach ar fheisirí agus airí, nuair a bhristear an dlí. Is ceart agus is cóir an téarma ‘éigeandáil bhunreachtúil’ a úsáid i dtíortha nach nglacann le riail an dlí, nó i dtíortha ina ndéantar athruithe ar an dlí go tobann agus gan aon chúis.
Thugadh an dlíodóir Naitsíoch, Carl Schmitt, an Ausnahmezustand– is é sin córas atá bunaithe ar eisceachtaí – ar stáit nach bhfuil rialacha dlí acu atá soiléir, leanúnach, neodrach agus neamhspleách. Níl an Bhreatain sáite in aon Ausnahmezustand, agus ní cóir dúinn anseo in Éirinn a bheith ag caitheamh anuas orthu faoi láthair.
Tá siad ag obair leo sa Bhreatain ar fhadhb nua a réiteach: an choimhlint nua seo idir ‘na daoine’ agus ‘an Choróin i bParlaimint’.
Theastaigh beagnach dhá scór bliain uainn féin, ó 1983 i leith, chun cearta na mban a bhí ag iompar clainne a aithint i gceart. Níor thaitin sé linn go mbeadh aon tír eile ár gcáineadh i rith na díospóireachta céanna. Tiocfaidh John Bull chuige féin arís, diaidh ar ndiaidh.
Seosamh Ó Beirgin
Beag beann ar na difríochtaí idir brúion bhunreachtúil agus éigeandáil bhunreachtúil, tá súil agam nach bhfuil John-Paul McCarthy ag iarraidh orainn bheith sásta fanacht ceathracha bhliain chun fáil amach céard go díreach atá ar intinn ag na Breatainigh a dhéanamh faoi Brexit!