“Á, fuair tú an lus buí Francach,” a d’fhógair mo chomharsa trasna an bhóthair orm agus mé ag iompar málaí isteach ón gcarr théis a bheith ag siopadóireacht ag an ollmhargadh.
Níor thuig mé ar dtús go díreach céard a bhí i gceist aici. “Céard?” a dúirt mé agus gearranáil orm. Bhí an lá te is bhí braonacha beaga allais ag sileadh anuas ó mo bhaithis isteach i mo shúile. “Gabh mo leithscéal?”
Phointeáil sí ag mo lámha. “Lus buí Francach,” a dúirt sí. Bhí ualach ghiolla na leisce agam agus mé ag iarraidh na málaí uilig a thabhairt isteach ón gcarr in aon turas amháin. “Na bláthanna!” a dúirt sí.
“Ó, sea, ní raibh a fhios agam cén t-ainm a bhí orthu.” a mhínigh mé.
Níl aon locht agam ar ghairdín deas ach tá laincis orm ag m’easpa tallainne agus spéise i ngarraíodóireacht. Is garraíodóireacht i mbosca a bhíonn ar bun agam ar aon chaoi, is é sin le rá go bhfuil bosca agam ar an bhfuinneog agus déanaim iarracht bláthanna a choinneáil ann.
Is dóigh gur cheart dom a mhíniú nach mé a shocraigh bosca fuinneoige a bheith agam an chéad lá riamh. Is bronntanas a bhí ann ó mo chomharsa atá fiáin ar fad ag an ngarraíodóireacht. D’éirigh mé maidin amháin is bhí sé leagtha ar an bhfuinneog ag síog na garraíodóireachta.
‘Bíodh aithne agat ort féin,” a deir na fealsúnaithe, agus tá mo dhóthain aithne agam orm féin go bhfuil a fhios agam nach garraíodóir mé, ach céard is féidir a dhéanamh nuair atá daoine cabhracha ag iarraidh thú a chur ar bhóthar do leasa?
Séard atá déanta agam ná go bhfuil cúig bliana ó fuair muid an bosca fuinneoige caite ag iarraidh bláthanna a choinneáil sa mboiscín fuinneoige. Is iad na lusanna buí Francacha an iarracht is deireanaí ar mo thuras garraíodóireachta.
“Tá siad an-deas le breathnú orthu,” a deir mo chomharsa.
“Tá go deimhin,” a deir mé ag aontú léi. Bhí cuma breá beoga orthu, b’fhéidir go ndéanfainn go maith leo seo agus níor chosain siad ach €3.
Caithfidh duine dóchas a bheith aici, ach i mo chroí istigh bhí trua agam do na bláthanna bochta. Cén fhad a sheasfaidís i reilig na mbláth ar m’fhuinneogsa? Seachtain, coicís?
“Bhuel, le cúnamh Dé déanfaidh siad go maith.” a dúirt mé is thosaigh ag cartadh na málaí i dtreo an tí arís.
Is rud amháin é a bheith a cheapadh go bhfuil bláthanna go deas agus is rud eile é suim a bheith agat iad a choinneáil ag imeacht sa mboiscín beag ar d’fhuinneog. Cé atá in ann cuimhneamh ar uisce a chur orthu, is an fód a chartadh, is na fiailí a tharraingt agus pébí céard iad na rudaí draíochta eile is gá a dhéanamh chun beocht a choinneáil sna bláthanna?
“An t-aon fhadhb..,” a deir mo chomharsa.
“Hea?” a deir mé agus chas mé ar ais chuici, an bosca bláthanna fós ag seasamh ar éigean i mo ghabháil os cionn na málaí.
“Is breá leis na seilidí iad. Íosfaidh siad uilig iad.”
D’airigh mé an misneach ag imeacht uaim. “Nach n-itheann siad chuile shórt ar aon chaoi?”
“Itheann, is dóigh,” a deir sí, “ach tá an-tóir go deo acu ar na lusanna buí.”
Fág freagra ar 'Easpa tallainne agus spéise ina laincis ar an ngarraíodóireacht'